European Economic
and Social Committee
Peter Schmidt: "Ní mór dúinn bogadh i dtreo gheilleagar na dea-bhaile”
Tugann an ceardchumannaí Gearmánach Peter Schmidt léargas dúinn ar na dúshláin atá os comhair ceardchumann ina thír féin de thoradh tréimhsí scoir agus dífhostaithe chomh maith le léargas ar na hoibrithe bunriachtanacha a chuireann a sábháilteacht i gcontúirt agus iad i mbun oibre.
Cén sórt taithí a bhí agat ar ghéarchéim an choróinvíris go dtí seo?
Shílfeá go bhfuilimid ag maireachtáil i ré fhíoraisteach agus ag fáil amach díreach cé chomh leochaileach agus atá an tsochaí seo againn agus ár ngeilleagair.
Cén sórt tionchair a bhí ag an ngéarchéim seo ortsa agus ar d’eagraíocht?
De bharr gur ceardchumannaí mé, is den riachtanas é go dtagaimid le chéile agus go ndéanaimid cumarsáid le chéile. Is gné lárnach dár ndaonlathas í an tsaoirse comhlachais. Táimid ag fáil tuiscint ar cé chomh tábhachtach agus atá an ceart seo agus is léir dúinn go mbeidh orainn an fód a sheasamh lena chinntiú go mbeidh an ceart seo againn amach anseo chomh maith.
I gcásanna áirithe, nuair a bhí caidreamh den scoth againn leis na fostóirí roimhe sin, thángamar ar bhealaí chun an t-idirphlé sóisialta a choinneáil ag imeacht agus thángamar ar roinnt comhaontuithe fíormhaithe a bhí sásúil do gach duine. Ach i gcásanna eile, is iad na hoibrithe agus na cuideachtaí araon a bhí caillteach leis.
Cén chaoi a ndeachaigh tréimhse na dianghlasála i bhfeidhm ort?
Is é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa ná an méid dlúthpháirtíochta sóisialta a thug mé faoi deara idir comharsana agus cairde. Chuir an laghdú a tháinig ar ruaille buaille an tsaoil iontas orm chomh maith.
Céard é an rud is mó a bhraith tú uait le linn na tréimhse crua seo?
A bheith ag bualadh le mo chuid cairde agus le mo chuid gaolta, a bheith ag dul go bialanna.
Céard iad na ceachtanna atá le foghlaim ón dianghlasáil?
Gurb iad na haltraí, na cúntóirí siopa, na bailitheoirí bruscair, na feighlithe agus mar sin de na daoine is tábhachtaí sa phobal, ach, mar sin féin, gurb acusan a bhíonn na tuarastail is ísle. Tá ár laige eacnamaíoch tugtha chun solais ag an víreas, agus sin an fáth nach mór dúinn bogadh i dtreo gheilleagar na dea-bhaile.
An bhfuil aon údar dóchais acu siúd atá i mbaol a bpost a chailleadh?
Tá. Tá a gcuid ceachtanna foghlamtha ag na Ballstáit agus tacóidh siad leis na daoine seo ar feadh tréimhse i bhfad níos faide ná mar a chlúdaíonn a gcuid conarthaí iad.
Cé hiad na daoine ar mhaith leat a fheiceáil ar dtús nuair a bheidh sé seo ar fad thart?
Mo mháthair. Tá sí i dteach altranais atá faoi dhianghlasáil go fóill.