Grúpa na bhFostóirí ag iarraidh Ionstraim Dhigiteach Tuaithe de dhroim a sheimineáir gréasáin ar an digiteáil

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Tar éis do CESE tuairimí uaidh a ghlacadh le déanaí maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha (DMA) agus leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) ag an seisiún iomlánach a bhí ar siúl aige i mí an Mheithimh, reáchtáil Grúpa na bhFostóirí seimineár gréasáin ar na “Dúshláin a bhaineann leis an digiteáil agus le geilleagar nua an Aontais Eorpaigh” an 14 Meitheamh.

Athraíonn an digiteáil sochaithe agus geilleagair. Tá méadú ag teacht ar an méid atá seirbhísí digiteacha fite fuaite i ngeilleagar na hEorpa agus tá todhchaí dhigiteach na hEorpa á múnlú acu, ar treocht í a bhfuil dlús breis curtha leis mar gheall ar ghéarchéim COVID-10. Bhí an Coimisiún Eorpach an-ghníomhach maidir le tionscnaimh éagsúla a sheoladh chun ceannasacht dhigiteach na hEorpa a chothú, trí thimpeallacht ar líne atá sábháilte, cothrom, oscailte agus cuntasach a chinntiú dá shaoránaigh agus trí acmhainneacht a Mhargaidh Aonair Dhigitigh a scaoileadh.

Ní hionann an dul chun cinn atá déanta maidir le digiteáil ar fud an Aontais Eorpaigh, áfach. Is iomaí ceantar tuaithe iargúlta atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh maidir le seirbhísí digiteacha a úsáid chun fás eacnamaíoch a spreagadh, ach bíonn deacrachtaí áirithe acu mar go mbíonn bonneagar agus scileanna easnamhacha acu.

I dtaca leis an seimineár gréasáin, a tionóladh faoi choimirce Thoscaireacht na Portaingéile de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE agus faoi chuimsiú uachtaránacht na Portaingéile, agus inar díríodh ar an tsaincheist seo mar cheann de phríomhthosaíochtaí an Ghrúpa, is éard an aidhm a bhí aige cur leis an díospóireacht ar an gcaoi le DMA agus DSA a dhéanamh oiriúnach dá bhfeidhm agus, dá bhrí sin, bonn eolais a chur faoin bpróiseas reachtach.

D'aithin cainteoirí agus rannpháirtithe go raibh gá ann an deighilt dhigiteach idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe a dhruidim le soláthar snáithín agus 5G i gcathracha mar aon le ceantair thuaithe, agus d’iarr siad Ionstraim Dhigiteach Tuaithe.

Maidir le bonneagar digiteach, chuir fostóirí an Aontais in iúl go raibh gá le daoine a bhfuil scileanna acu. Ní féidir an t-aistriú digiteach a chur i gcrích ach amháin má tá litearthacht dhigiteach bhunúsach ag gach Eorpach agus má tá dóthain lucht saothair a bhfuil scileanna digiteacha acu ann. Leag na fostóirí béim air gur chóir don Aontas agus do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na pleananna náisiúnta faoi chuimsiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus as na hionstraimí cistiúcháin eile atá ann cheana (Clár don Eoraip Dhigiteach, InvestEU, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta) chun Aontas ceart DIGITEACH a thógáil.

D’athdhearbhaigh na cainteoirí freisin nach mbeadh cuideachtaí na hEorpa in ann fás san Aontas Eorpach ach amháin trí ilroinnt bhreise ar an Margadh Aonair Digiteach a sheachaint. Cabhróidh reachtaíocht chomhchuibhithe le cuideachtaí Eorpacha toisc nach mbeidh orthu déileáil le 27 gcóras dlí éagsúla agus toisc go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil, intuarthacht agus cothrom iomaíochta acu i margadh ina bhfuil na dálaí iomaíochta cothrom do chách, go háirithe do FBManna, a bhíonn ag plé le formhór mór na n-ardán digiteach.

Mar aon le Margadh Aonair Digiteach lánfheidhme, thacaigh fostóirí an Aontais go daingean leis an bpríomhchuspóir Ceannasacht Dhigiteach na hEorpa a athbhunú agus fanacht oscailte don tsaorthrádáil agus tacú leis an gcóras iltaobhach san am céanna. Maidir leis sin, chuir siad fáilte roimh an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha (DMA) mar chuid de fhreagra na hEorpa chun cothrom iomaíochta a chruthú do na seirbhísí ar líne go léir, i gcomhréir le luachanna agus caighdeáin na hEorpa.

Leag siad béim air, áfach, nár mhór don Aontas a chumhacht rialála agus cumais thionsclaíocha agus theicneolaíocha a ghiaráil chun samhail Eorpach na digiteála a chur chun cinn agus an timpeallacht dhomhanda a mhúnlú má tá sé ag iarraidh a bheith ina ghníomhaí geopholaitiúil ag a bhfuil fíor-chumhacht dhigiteach.

Tá tuilleadh faisnéise faoin imeacht féin nó faoi na moltaí le fáil ach cliceáil anseo (dv)