Ní mór don Aontas cuspóirí uaillmhianacha eacnamaíocha a leagan síos d’fhonn an euro a neartú. Tá tábhacht leis seo, murab ionann is riamh, i bhfianaise a thapa atá an geilleagar domhanda ag athrú agus i bhfianaise an róil atá ag an Aontas faoi láthair ó thaobh nuálaíochta agus iomaíochais de agus ó thaobh timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht a chothú.

I dtuairim uaidh a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí an Mheithimh 2021, chuir CESE in iúl gur dhíol sásaimh dó an Teachtaireacht ón gCoimisiún The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht á gcothú]. Mar gheall ar an gclaochlú de thoradh na paindéime, tá athrú suntasach tagtha ar chothromaíocht na cumhachta eacnamaíche ar fud an domhain. Ba cheart don Aontas Eorpach, dá bhrí sin, beart a dhéanamh go tapa chun cur le hathléimneacht eacnamaíoch na hEorpa. Go háirithe, aontaíonn CESE gur gá ról idirnáisiúnta an euro a neartú chun go mbeadh sé ina uirlis lárnach maidir le ról na hEorpa sa domhan a neartú.

Bhí Tomasz Wróblewski (Grúpa I, Grúpa na bhFostóirí) ina rapóirtéir ar an tuairim seo ó CESE. Dar leis, ba cheart don Choimisiún díriú níos mó ar na cúiseanna a bhfuil ról idirnáisiúnta an euro ag dul i laige. “Cé gur fíor go bhfuil staid dhomhanda an euro ag dul i laige, tá staid an dollar ag dul i laige ar ráta níos tapa fós,” a dúirt sé. “Ina ainneoin sin, bíonn tionchar ag nithe éagsúla ar staid an euro.” Ar an gcéad dul síos, níl ann do chómhargadh chomhtháite le haghaidh seirbhísí airgeadais. Mura gcuirtear an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil i gcrích, beidh sé deacair dul in iomaíocht leis an dollar.”

Molann CESE aird bhreise a thabhairt ar gheilleagair na Síne atá ag fás go gasta agus iarrann sé plean gníomhaíochta a bheith ann a chuireann an méid sin san áireamh. Tá ról renminbi na Síne ag dul i méid sa trádáil agus san imréiteach idirnáisiúnta. Tá an tSín ag obair go dian freisin ar a hairgeadra digiteach, rud a fhágann go bhfuil an tSín chun tosaigh ar an gcuid is mó den domhan. Ní mór don Aontas freagairt go gasta agus tá CESE i bhfách leis an togra maidir le euro digiteach a chruthú. Seo an méid a dúirt Tomasz Wróblewski: “D’fhéadfadh sé go mbeadh réitigh níos tarraingtí ag an Eoraip sa réimse seo i bhfianaise a thiomanta atáimid do chosaint sonraí pearsanta agus do phríobháideachas úsáideoirí.” (na)