“Chuir mé an-suim i gcónaí sa difíocht idir an chuma a bhíonn ar rudaí agus an fhírinne. Ní mar a shíltear a bhítear riamh”, Norman Davies

CESE info: Seo uair na cinniúna don Eoraip agus í ag ullmhú don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Agus an saol ag athrú le linn ghéarchéim na paindéime, tá roinnt fórsaí dílárúcháin tar éis teacht chun solais, go háirithe i Lár agus in Oirthear na hEorpa, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhúshlán do chomhtháthú na hEorpa. Cad déarfá faoin méid sin?

N.D: Mar staraí, déarfainn ar dtús go mbíonn uair na cinniúna ann i gcónaí. Bíonn rud éigin ag athrú i gcónaí, ag gluaiseacht i dtreonna éagsúla nach rabhthas ag súil leo. Is é fírinne an scéil gurb é imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas an t-athrú is mó a tharla in iarthar na hEorpa le cúig bliana anuas. Agus táim den tuairim go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag titim as a chéile. Measaim nach fada go dtí nach mbeidh a leithéid de rud ann agus Ríocht Aontaithe. Maidir le lár na hEorpa, níor thuigeamar go raibh cuid mhór den phobal ansin míshásta leis na hathruithe a tharla tar éis 1989 agus, ar ndóigh, ní raibh aon ainm againn ar an míshástacht sin. Ní raibh aon trácht ar an bpobalachas ag an am sin. Thairis sin, níor thuigeamar go raibh cosúlacht idir an méid a thosaigh ag titim amach sa Pholainn agus an méid a bhí ag tarlú i dtíortha eile. Ní raibh Uachtarán Trump tagtha ar an bhfód, ní raibh aon bhaol ann go dtarlódh Brexit an t-am sin. Anois is eol dúinn go raibh dul amú orainn. Tá na treochtaí pobalacha seo ag teacht chun cinn in a lán tíortha. Táthar go mór in amhras faoin Aontas Eorpach san am i láthair agus faoin gcobhsaíocht idirnáisiúnta go ginearálta.

Maidir le ceist na bhfórsaí dílárúcháin sin laistigh den Eoraip, déarfainn nach san Ungáir agus sa Pholainn amháin atá na fórsaí sin; tá siad le sonrú i gcroílár an limistéir euro freisin, ag cur bearna níos mó agus níos mó idir tíortha saibhre Thuaisceart na hEorpa agus na geilleagair níos leochailí sa Deisceart.                                                                                                            

CESE info: Táimid ag díriú anois ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa. Cad é an ghné is tábhachtaí d’obair an Aontais Eorpaigh, dar leat?

N.D: Is é cultúr an chomhair an ghné is tábhachtaí, rud a chuireann i gcoinne an tseansmaoinimh a dtugadh na Francaigh “égoisme sacré” air sa tseanaimsir, is é sin go bhféadann náisiúin aonair déanamh de réir a leithleachais doshéanta féin, rud a bhí coitianta tráth. Léirigh an Dara Cogadh Domhanda go raibh (agus go bhfuil fós) an ceart a bheith ar mhaithe leat féin amháin, agus “leasanna náisiúnta” a shaothrú beag beann ar thíortha eile, díobhálach do chách. Is é cultúr an chomhair seachas an féinspéiseachas náisiúnta an rud is luachmhaire atá bainte amach ag muintir na hEorpa. Tá sé soiléir go bhfuil roinnt de na rialtais agus de na grúpaí ag iarraidh filleadh ar a leasanna náisiúnta a shaothrú. Ach táim lánchinnte de go bhfuil dul amú orthu. Más féidir liom sean-nath ón mBéarla a úsáid, “if we don't hang together, we'll all hang separately”. Sin an tseift a d’fhág gur tháinig gluaiseacht an Aontais Eorpaigh slán agus go bhfuilimid ag maireachtáil faoi shíocháin le fada an lá.

CESE info:  Tá cáil ar an Uachtarán François Mitterrand agus ar an Seansailéir Helmut Kohl mar bheirt de phríomhphearsana polaitiúla na staire. I do thuairimse, an ann do chúpla tír eile den chineál céanna a d’fhéadfadh a bheith ina gceannródaithe in aghaidh an fhéinspéiseachais náisiúnta? Cé a d’fhéadfadh a bheith ina cheannaire san Aontas Eorpach?

N.D: Ní ann dóibh. Measaim go bhfuil ceannaireacht an Aontais lag. Léirigh an phaindéim dúinn an méid sin toisc nach ndearnadh í a bhainistiú i gceart san Eoraip. B’fhéidir go raibh an cheannaireacht Fhranc-Ghearmánach riachtanach nuair a thosaigh gluaiseacht na hEorpa amach 50 bliain ó shin. In Eoraip na Sé Bhallstát, ba iad an Fhrainc agus an Ghearmáin na Ballstáit ba mhó a bhí ann – mura bhfuil an méid sin dian ar an Iodáil – agus luigh sé le ciall gur cheart don Fhrainc agus don Ghearmáin, a bhí i gceannas ar an bpróiseas athmhuintearais tar éis an chogaidh, borradh a chur faon tionscadal i dtús báire. Ach ní hamhlaidh atá anois. Tá 27 mBallstát ann anois, agus tá gá le comhtháthú níos fearr. Tá súil agam go dtiocfaidh ceannaireacht as foinsí éagsúla seachas as an bhFrainc agus an Ghearmáin amháin. Is ar chúiseanna maithe atá sé amhlaidh.

Tá an Fhrainc ar cheann de na tíortha is mó atá faoi bhagairt ag an bpobalachas. Tá Marine Le Pen ag déanamh an-dul chun cinn agus ní he Emmanuel Macron is láidre go polaitiúil. Ní dócha gurb í an Fhrainc a thabharfaidh an cheannaireacht sin. Ar an gcaoi chéanna, tá an Ghearmáin thar a bheith suaite agus Angela Merkel ag imeacht. Ní mór don Eoraip ceannaireacht éifeachtach a aimsiú in áiteanna eile go luath. Mura ndéanfar sin, ní bheidh sa todhchaí ach radharc as clár cainte teilifíse seachas as scannán eachtraíochta ar an mórscáileán.

CESE info: Cad é ról na sochaí sibhialta, dar leat, sa díospóireacht ar Thodhchaí na hEorpa? An 19 Aibreán 2021, sheol an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ardán do shaoránaigh ina n-iarrtar orthu a gceisteanna a sheoladh isteach faoin bhfís atá acu faoi thodhchaí na hEorpa. Cad é ról na saoránach sa díospóireacht sin?

N.D: Is léir go bhfuil ról ag an tsochaí, ach tá na mílte tuairimí éagsúla ag an tsochaí agus ní féidir léi beart éifeachtach a dhéanamh as a stuaim féin. Ní mór ceannairí polaitiúla a bheith i gceannas ar an tsochaí, ceannairí a thuigeann imní agus ardmhianta na ndaoine, ach in éagmais na ceannaireachta sin, beidh an tsochaí féin faoi smacht ag cneámhairí agus ag antoiscigh. Is léir gur rud maith é tuairimí na saoránach a lorg ach teastaíonn níos mó ná sin chun cluiche polaitiúil a imirt. Tá gá le ceannairí, páirtithe agus gluaiseachtaí dinimiciúla gan trácht ar smaointe maithe má táthar chun inspioráid a thabhairt don tsochaí agus í a chur i mbun gnímh.

CESE info: Cad iad na torthaí, dar leat, a d’fhéadfadh teacht as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa? An bhfuil aon seans ann go ndéanfar dul chun cinn le linn Uachtaránacht na Fraince? Is cuimhin leat, is dócha, cad a tharla tar éis an Choinbhinsiúin Eorpaigh in 2002-2003 faoi chathaoirleacht an Uachtaráin Giscard d’Estaing, as ar tháinig Bunreacht na hEorpa, ach gur vótáil an Fhrainc agus an Ísiltír ina choinne in 2005?

N.D.: Is staraí mé agus ní bhím i mbun na hastralaíochta. Ní féidir liom a rá leat cad a tharlóidh amach anseo ach is féidir liom a rá, i gcoitinne, nach comhlachtaí cinnteoireachta iad comhdhálacha, ach amháin más comhdhálacha feidhmiúcháin ar nós Yalta nó Potsdam iad, ina ndearnadh cinntí tábhachtacha idirnáisiúnta. Is é is féidir le formhór na gcomhdhálacha a dhéanamh ná an bealach a réiteach, an timpeallacht agus an t-atmaisféar polaitiúil a shocrú, na rannpháirtithe a spreagadh nó a dhíspreagadh. Tá súil agam go gcuirfidh comhdháil mhaith feabhas ar an ngiúmar agus go spreagfar na ceannairí chun dul i mbun gnímh. Is annamh a dhéanann comhdháil mhaith an méid sin aisti

Is maith is cuimhin liom an tUasal Giscard d’Estaing. Rugadh é i sráidbhaile in Auvergne, áit a raibh cairde maithe agam. Ach an féidir an milleán a chur ar an gCoinbhinsiún gur theip ar Bhunreacht na hEorpa? Bhí níos mó i gceist ná sin. Bhí duine éigin nach ndearna a chuid oibre ullmhúcháin.

EESC info: An 1 Bealtaine bhí 17 mbliana ann ó tháinig méadú ar an Aontas Eorpach, nuair a tháinig 10 mBallstát nua isteach san Aontas, agus trí cinn eile ina dhiaidh sin. Cad é do thuairim faoin méadú sin?

N.D: Bhíothas ag súil le rudaí móra leis an méadú mór sin, sin le rá go scaipfeadh an tsíocháin agus an rath – a bhí ag muintir Iarthar na hEorpa le 30-40 bliain anuas – go scaipfeadh siad chomh fada leis an taobh eile den mhór-roinn, rud a tharla, ar ndóigh, ar roinnt bealaí. Agus tá sé thar a bheith deacair a chreidiúint go bhfuil rialtais ann a vótáil ar son an mhéadaithe, ar son teacht isteach san Aontas Eorpach le tacaíocht ollmhór óna bpobal, atá faoi cheannaireacht rialtas anois atá ar a mhalairt intinne go hiomlán. Labhair mé anois beag faoi chultúr an chomhair seachas an féinchúiseachas náisiúnta, ach is léir nár fhoghaim gach duie ceacht ón méid sin.

CESE info: Mar shaoránach de chuid na Breataine, tá tú i do chónaí faoi láthair i dtríú tír. Cad is féidir leis an Eoraip a fhoghlaim ó Brexit?

N.D: Is mairg nach bhfuil an t-eolas sin agam. Botún uafásach a bhí i gceist le Brexit, dar liom, agus is dócha go scriosfaidh sé an tír inar rugadh mé. Dála an scéil, is saoránach de chuid na Polainne mé freisin, agus is Polannach mo bhean chéile. Tá an dá thrá á fhreastal againn. Mar a deirim i gcónaí le mo chairde sa Pholainn, d’fhéadfadh cúrsaí sa Pholainn a bheith go dona, ach níl sé chomh bagrach céanna le cúrsaí sa Bhreatain Mhór. Ní thitfidh an Pholainn as a chéile go luath, ach is dóigh liom go dtarlóidh sé sa Ríocht Aontaithe. Roinnt laethanta ó shin, d’eagraigh mé léacht ar líne do lucht féachana i gcathair Ard Mhacha i dTuaisceart Éireann; agus tá an treo a bhfuil rudaí ag dul i dTuaisceart Éireann an-soiléir; i dtreo athaontú le Poblacht na hÉireann. Scrios Brexit an t-aontas leis an Aontas Eorpach, ach tá sé ag scriosadh an t-aontas idir Sasana agus Tuaisceart Éireann agus Albain, agus de réir a chéile, scriosfar an t-aontas leis an mBreatain Bheag. Ba náisiúnachas leithleach Sasanach a spreag Brexit ón tús, agus is é an toradh a bheidh air go mbeidh Sasana níos boichte, níos laige, gan tacaíocht na náisiún comharsanach eile ar ár n-oileáin. Nuair nach mbítear ag tarraingt le chéile, fuaraíonn an caidreamh. Is é mo thuairim féin go bhfuil na gluaiseachtaí pobalacha sin go léir, mar a déarfá, “ag baint na géige den chrann ar a bhfuil siad uile suite”, agus ag ullmhú tubaiste dóibh féin. Ní léir dom go fóill cén treo ina bhfuil rudaí ag bogadh san Aontas Eorpach. An t-aon rud atá cinnte ná go bhfuil a lán fadhbanna le réiteach. Roimh Brexit, bhí rás ann idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, le go bhfeicfí cén ceann acu “a chlisfeadh ar dtús”. Anois tar éis Brexit, tá a fhios agam go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun cinn sa rás gránna sin: ach ní dócha go dtitfidh an tAontas Eorpach i dtosach. Nuair a bhím i mo shuí ar an oileán seo, bím in éad leis an Eoraip toisc nach bhfuil a cuid fadhbanna chomh dona lenár bhfadhbanna féin.

CESE info: An bhféadfaimis muinín a chur sa chur chuige atá ag an Uachtarán Joe Biden maidir leis na hathruithe agus na hathchóirithe tapa atá ag tarlú sna Stáit Aontaithe a láimhseáil? An gceapann tú go bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige don Aontas Eorpach?

N.D: Bheul, ceapaim. Nuair a fuarthas an bua ar Donald Trump, ba é sin an buille ba mhó a tugadh don phobalachas le deich mbliana anuas. Ba é Trump an ceannaire domhanda ag lucht an phobalachais; bhí sé ina Dhia beag ag réimis áirithe san Eoraip agus iad á mholadh as an gcaoi ar thug sé neamhaird ar an ord reatha agus é ag caitheamh anuas air; ach níor éirigh leis an bua a fháil. Tá Biden sa Teach Bán anois agus, aisteach go leor, tá sé ag déanamh go maith. Ach níl mórán ama aige, agus is deacair a thuar an éireoidh leis ar bhealach suntasach nó nach n-éireoidh. Go raibh “an chóir” leis. Mar is eol duit, is bloc polaitiúil agus sibhialta amháin atá sa domhan thiar, an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh, agus is é SAM an tír is mó agus is láidre sa bhloc sin. Bíonn tionchar ag an méid a tharlaíonn i Meiriceá orainn uile.

 CESE info: Is é an cheist dheireanach atá agam ná cad atá ar siúl agat faoi láthair? Leabhar nua, b’fhéidir?

N.D: Bím ag ullmhú leabhar nua i gcónaí. Is féidir liom péire acu a lua. Foilseofar ceann acu faoi cheann lá nó dhó le Penguin Books i Londain; is beathaisnéis Rí Sheoirse II atá ann, “stair Eorpach” de mhonarc Briotanach, a bhí i gceannas idir 1727 agus 1760. “George Augustus” a thugaim air. Bhí sé i gceannas ar stát ilchodach ina raibh trí chuid, Ríocht na Breataine Móire, Ríocht na hÉireann agus Toghlach Braunschweig-Lüneburg, ar a dtugtar Hanover, sa Ghearmáin. Bhí sé ina Toghdóir tábhachtach a bhí ann san Impireacht Naofa Rómhánach, chomh maith le bheith ina rí ar an mBreatain, agus bhí sé i gceannas ar feadh na mblianta fada sa tréimhse sin, nuair a d’éirigh leis an mBreatain a bheith ina príomhchumhacht chabhlaigh domhanda agus ina príomhthionscnóir i dtrádáil sclábhaithe. Ní fios don chuid is mó de mhuintir na Breataine go bhféadfadh monarc Briotanach a bheith i gceannas freisin ar stát san Eoraip. Agus sin an fáth ar scríobh mé an leabhar gearr sin agus tá súil agam go gcuirfidh sé iontas ar dhaoine.

Sin agat George Augustus. Tá leabhar staire á ullmhú agam freisin faoin nGailís sa ré Ostra-Ungárach, ceann de na “ríochtaí sin a chuaigh in éag” agus nach bhfuil ann níos mó. Bhí cónaí sa Ghailís, a bhfuil cuid de suite inniu sa Pholainn agus cuid eile san Úcráin, roimh 1918 ar thrí phobal mhóra – Polannaigh, Úcránaigh agus Giúdaigh. Ach, ó briseadh suas í, tá cuimhne na Gailíse curtha as a riocht ag claontachtaí náisiúnta. Déanann na Polannaigh cur síos uirthi ar nós gur chuid den Pholainn í, na hÚcránaigh ar nós gurbh í an Úcráin a bhí ann; agus is é an tuiscint a thugann staraithe Giúdacha go minic gur pláinéad Giúdach ar leith a bhí sa Ghailís. I mo thuairimse, ní féidir an Ghailís sin a shamhlú agus a athchruthú go cruinn ach amháin trí na trí ghné den chomhthéacs Ostarach a chur le chéile, agus déanaim iarracht sin a dhéanamh sa leabhar trí úsáid a bhaint as taifid chomhaimseartha agus cuimhní cinn. comhaimseartha.

CESE info: Go raibh míle maith agat.

N.D: Go raibh maith agat féin! Bhain mé an-sult as an gcomhrá.