European Economic
and Social Committee
Tá tábhacht murab ionann is riamh le teach shochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh
A léitheoirí dile,
Is gnách linn ar theacht na Bealtaine súil siar a chaitheamh ar a bhfuil de dhul chun cinn déanta maidir le lánpháirtiú na hEorpa chomh maith le súil chun cinn a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn.
Dé Domhnaigh an 9 Bealtaine, rinneamar ceiliúradh ar an Eoraip, mar a dhéanaimid gach bliain, trí lá speisialta lán de ghníomhaíochtaí a chur ar siúl. Don dara bliain as a chéile, reáchtálamar Lá Oscailte na n-institiúidí seo againne go huile is go hiomlán ar bhonn fíorúil. Chuireamar eolas os comhair an phobail faoin méid luachmhar a chuireann CESE le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus mhíníomar cén fáth, go háirithe ar na saolta deacra dúshlánacha seo, a bhfuil ról lárnach agus uathúil ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Aontas Eorpach.
Lá na hEorpa, déantar comóradh ar an lá ar síníodh Dearbhú Schuman óir b’in é an uair a leagadh bonn faoi Aontas Eorpach an lae inniu an chéad uair, 71 bhliain ó shin, agus thar aon ní eile, is ceiliúradh é ar an tsíocháin agus ar an aontacht atá i réim san Eoraip ó shin. Deis atá ann don saoránach a mhothú gur cuid d’aontas é nó í chomh maith le muintearas a bhrath i leith rud éigin is mó ná an duine aonair. Ina theannta sin, tugtar seans dúinn go léir machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach go dtí seo de thoradh na dlúthpháirtíochta agus ar an méid ba mhian linn a bhaint amach sna blianta atá le teacht. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air gur gá dúinn oibriú i gcomhar le chéile d’fhonn na dúshláin is mó atá romhainn mar shochaí a fhreagairt.
Is tráth é Lá na hEorpa freisin chun marana a dhéanamh ar laochra an lae inniu: baill foirne leighis, múinteoirí, oibrithe sóisialta, foireann glantacháin agus iad siúd uile a rinne a gcion féin chun dul in éadan iarmhairtí suntasacha na paindéime. Is gá cuimhneamh freisin ar chumainn, eagraíochtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhíonn ag obair go dian gach lá ar an líne thosaigh ag iarraidh feabhas a chur ar shaol daoine. I mbeagán focal, más ea, tá raon iomlán na sochaí sibhialta eagraithe i gceist anseo againn.
Is éard atá i gceist againn nuair a labhraímid faoi eagraíochtaí na sochaí sibhialta ná sinn féin, CESE, teach shochaí shibhialta eagraithe an Aontais Eorpaigh, an comhlacht sin de chuid an Aontais a thugann cead cainte do na heagraíochtaí réamhráite uile agus a fhágann gur féidir leo tionchar díreach a bheith acu ar reachtaíocht an Aontais.
Is mór againn go háirithe a bhfuil bainte amach acu agus ar an ábhar sin déanaimid sna Coistí aird an phobail a dhíriú ar thionscnaimh shármhaithe de chuid na sochaí sibhialta gach bliain trí mheán Dhuais na Sochaí Sibhialta. I gcás Dhuais 2021, díreofar ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide agus tabharfar aitheantas do thionscadail éifeachtacha, nuálacha agus chruthaitheacha a bhfuil sé d’aidhm acu aistriú cothrom i dtreo geilleagar ísealcharbóin aeráid-díonach a chur chun cinn. Molaim do gach duine súil a thabhairt ar na coinníollacha a bhaineann leis an gcomórtas agus iarratas a chur isteach gan fuacht gan faitíos. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas a dhéanamh ná 30 Meitheamh 2021.
An 9 Bealtaine, chaitheamar súil chun cinn freisin trí pháirt a ghlacadh i seoladh stairiúil na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, lena dtabharfar le chéile na smaointe agus na físeanna go léir le haghaidh na mór-roinne seo againne. Tá tábhacht nach beag leis sin toisc gur féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl trí mheán na Comhdhála seo agus, a bhuí le hidirphlé a dhéanfar faoi stiúir na saoránach, beidh ar a gcumas cinniúint choiteann na hEorpa a mhúnlú.
Faoi láthair, tá dhá dhúshlán roimh institiúidí daonlathacha an Aontais: caithfidh siad dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus sláinte, ar thaobh amháin, agus tacaíocht na saoránach a choinneáil, ar an taobh eile. Ina fhianaise sin agus de dheasca gearáin a rinneadh go raibh an chluas bhodhar á tabhairt ag an Aontas Eorpach dá chuid saoránach, is léir gur gá dlús a chur leis an idirphlé agus spás poiblí níos leithne a aimsiú don tsochaí shibhialta san Eoraip, rud a ligfidh dóibh a gcuid a rá.
Ní raibh oiread céanna tábhachta riamh roimhe seo le ról ár n-institiúide: is maith is eol dúinn uile go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach guth a thabhairt don tsochaí shibhialta ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar an drochshaol atá san Eoraip sa lá atá inniu ann. Is deis ríthábhachtach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa don tsochaí shibhialta, dá bhrí sin, a chuirfidh ar a cumas cur le chéile agus a chinntiú go mbeidh cead cainte aici, rud a chuirfidh dlús lena rannpháirtíocht. Agus sin é go díreach atá i dtreis anseo: an daonlathas rannpháirtíochta. Tá an dá ní fite fuaite ina chéile: ní ann don daonlathas gan an rannpháirtíocht lena chois agus níl aon rannpháirtíocht ann gan eagraíochtaí gníomhacha na sochaí sibhialta.
Is ról bunúsach de chuid an Choiste é bunsraith ár ndaonlathais a leagan síos agus a chothú agus tá freagracht air as sin. Cuireann an Coiste an méid sin i gcrích trí mheán idirphlé sibhialta atá chomh leathan agus chomh rannpháirteach agus is féidir. A bhuí le struchtúr an Choiste, le heolas agus saineolas praiticiúil ár gcomhaltaí, agus leis an ról atá againn mar dhroichead idir institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar thaobh amháin, agus leibhéal an phobail, ar an taobh eile, is féidir linn na freagairtí is oiriúnaí ar dhúshláin an lae inniu sa tsochaí a chur chun cinn.
Murab ionann is riamh, tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip, cibé acu a bhaineann sin lena ról i leith an téarnaimh nó lena gcuid oibre ríthábhachtaí chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn romhainn ó lá go lá, i measc nithe eile.
Tá difríocht á déanamh ag CESE anois murab ionann is riamh.
Cillian Lohan
Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air