Le Andris Gobiņš, comhalta de CESE, an Laitvia

Is féidir le gach duine againn cabhrú chun saoirse níos marthanaí a bhaint amach ar bhonn níos tapúla. Seo a leanas roinnt samplaí ar conas is féidir é sin a dhéanamh, bunaithe ar an taithí a fuair mé agus mé ag fás aníos i dteaghlach dídeanaithe agus ó bheith ag obair sa Laitvia faoi láthair.

1. Ní mór dúinn a bheith soiléir faoinár spriocanna agus gníomhú dá réir.

Ní féidir an méid seo a leanas a shéanadh: Dá luaithe atá an Úcráin saor go hiomlán ó fhorghabháil agus sceimhle na Rúise, is lú dúnmharú, éigniú, céasadh, fulaingt agus damáiste a bheidh ann. Agus is lú an tionchar diúltach ar an gcuid eile den Eoraip.
Ní mór gach rud is gá a dhéanamh chun cabhrú leis an Úcráin an cogadh seo a bhuachan i gcoinne na sceimhealta agus chun todhchaí an Aontais agus na hEorpa a chaomhnú. Agus is féidir linne, mar shochaí shibhialta, cur leis an méid sin trí bhrú a chur ar na cinnteoirí agus plé a dhéanamh leo, trí ghníomhaíocht níos fearr agus trí naisc níos láidre le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

2. D’fhéadfadh an tsochaí shibhialta an méid seo a leanas a éileamh ó na rialtais:
-    gníomhaíocht ó pholaiteoirí (lena n-áirítear iad siúd atá ina mbaill de bhur n-eagraíochtaí nó a thacaíonn leo). Ní mór na hairm uile is gá a sheachadadh agus smachtbhannaí iomlána agus láidre a chur i bhfeidhm. Ní bheidh aon ghlacadh le ceansú. — Is é seo atá ag teastáil.
-    gníomhaíocht láidir a bhunú chun scaipeadh na bréagnuachta agus na cúblála a theorannú agus cur ina choinne. – Tá gá le gníomhaíocht níos láidre ón Aontas.
-   sásra síochána, téarnaimh agus athléimneachta a fhorbairt don Úcráin agus do na Ballstáit ar theorainn thoir an Aontais, agus an réigiún is cobhsaí agus is rathúla ar domhan a dhéanamh den réigiún sin.

3. Áirítear an méid seo a leanas leis na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh laistigh den tsochaí shibhialta agus ar son na sochaí sibhialta:
-    na hallmhairí uile ón Rúis, lena n-áirítear allmhairí fuinnimh, agus cuideachtaí a leanann de bheith ag comhoibriú leis an Rúis nó ag oibriú sa Rúis a bhaghcatáil, agus táirgí ón Úcráin a cheannach. – Ní mór dúinn níos mó a dhéanamh sa réimse seo.
obair i gcomhar leis an líonra neamhfhoirmiúil de cheardchumainn a dhiúltaíonn longa de chuid na Rúise a luchtú nó a dhíluchtú agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chomhoibríonn leis an Úcráin agus a fhreastalaíonn ar a dídeanaithe. – Déanaimis gníomhaíocht sna réimsí uile seo!
-    ceisteanna a bhaineann leis an Úcráin a chur san áireamh agus páirt a thabhairt d’ionadaithe na hÚcráine in bhur gcruinnithe uile laistigh de bhur n-eagraíochtaí agus líonraí, mar atá déanta againne i rannóga CESE agus inár seisiún iomlánach. Leanaimis ar aghaidh leis an obair mhaith seo.

Conclúidí. — níor cheart tairbhí ná sochair ar bith a bheith ann don ionsaitheoir sa chás seo – an Rúis. Is é an tAontas a bhainfidh an tairbhe is mó má thagann an Úcráin chun bheith ina Ballstát.

Mar atá luaite againn go soiléir inár Rún, tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas agus don chomhphobal idirnáisiúnta nach n-athrófaí teorainneacha trí mhodhanna míleata, agus nach mbainfeadh an t-ionsaitheoir leas as aon tairbhe. Ní mór cloí leis an smacht reachta, agus ní le cearta an té is láidre, agus ní mór cúiteamh iomlán a thabhairt don Úcráin. Mura ndéanfar amhlaidh, dhéanfaí an-dochar don Aontas, don tsíocháin dhomhanda agus bheadh costas ard daonna agus airgeadais ann.

Creidim gur cheart don Úcráin a bheith ina Ballstát iomlán den Aontas go han-luath agus creidim go dtarlóidh an méid sin. Bheadh an tAontas Eorpach níos láidre agus níos fearr as, dá mbeadh an Úcráin ina ball de. Níl aon amhras ach go bhfuil spreagadh leordhóthanach san Úcráin chun na hathchóirithe is gá a thabhairt chun críche agus go mbeadh tionchar dearfach ar luachanna agus ar na beartais ghaolmhara san Aontas.

Mar a tharlaíonn, tá tionscnamh curtha ar bun ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Laitvia chun lusanna na gréine a phlandáil ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, faoi na haischlibeanna #UkraineSolidarity agus #UkraineInTheEU. Beidh príomhinstitiúidí an Aontais agus gníomhaithe eile páirteach ann agus tugtar cuireadh daoibh páirt a ghlacadh chomh maith.