Le Ionuţ Sibian, comhalta de CESE, an Rómáin

Sa Rómáin, chuaigh roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta lena n-áirítear FONSS, Afterhills Association, Parentis Association agus Our Smile Group Association i bpáirt le Bardas Iași chun ionad dídeanaithe a chur ar bun dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin. Léirítear leis an tuairisc bheag seo thíos de chuid comhghleacaí liom, Mihaela Muntean, na scéalta maoithneacha a bhíonn romhainn go rialta na laethanta seo.

Iovana ab ainm don chéad teifeach a tháinig chuig an Ionad Cúnaimh Dhaonnúil agus Shóisialta do Dhídeanaithe CTR Nicolina Iași. Ní raibh Iovana ach tagtha ar an saol seo coicís roimhe sin - beag bídeach agus ciúin i mbaclainn a máthar, agus í sin ciúin freisin agus dath an bháis uirthi tar éis an leanbh a shaolú i bhfoscadh tar éis turas 21 lá a chur di. Ansin, tháinig Roman, fear ard arbh athair an linbh é, a mháthair agus a sheanathair 86 bliana d’aois. Ceithre ghlúin d’aon teaghlach amháin ag teacht amach as gluaisteán luchtaithe agus iad ag siúl go mall i dtreo an fháiltithe.

- Cén áit as ar tháinig sibh?
- Ó Kharkov!
Pian géar na pianbhreithe le cloisteáil in ainm na háite sin.

Ní raibh an t-ionad oscailte go hoifigiúil faoin am sin, ach bhí glao faighte againn ó dhuine dár gcomhghleacaithe ón bpointe custaim agus d’iarr sé orainn an mbeimis in ann iad a thógáil isteach mar sin, ligeamar dóibh fanacht ar an dá urlár do dhaoine leochaileacha.

Saolaíodh an cailín óg trí lá tar éis dóibh an baile a fhágáil agus uafáis na cogaíochta faoi lánseol timpeall uirthi. A leithéid de thaithí ar an sceimhle don mháthair óg! Caithfidh go raibh Roman idir dhá chomhairle faoinar cheart dó a dhéanamh; dualgas dul chun troda ar thaobh amháin agus a oiread sin daoine leochaileacha le cosaint aige ar an taobh eile.

Ar theacht amach as an ngluaisteán dóibh lena gcuid málaí, dúradar go raibh fonn mór codlata orthu. B’shin uile. Tar éis na chéad oíche, dúradar liom go raibh an teach s’againne an-chiúin go deo. Mar sin féin, ní raibh an cailín beag bídeach ar a suaimhneas agus níor labhair an seanleaid a bhí radharc a shúl ag dul in olcas le duine ar bith. Bhí taithí aige ar chogaí ó bhí sé féin óg. D’imigh sin is tháinig seo, áfach, agus seanfhear críonna caite a bhí anois ann, maide siúil mar thaca aige, taithí saoil mar ualach aige, agus é ag bogadh go hamscaí ó tholg go tolg.

An chéad lá san ionad, bhí Iovana in ann folcadh agus suathaireacht leanaí a bheith aici, a bhuí le foireann ParentIS. Chun an fhírinne a insint, d’fhanamar ar fad timpeall orthu. An mhaidin dar gcionn, bhí a scíth ligthe acu rud beag tar éis codladh na hoíche a fháil. Níor dhúisigh an duine beag i rith na hoíche lena cothú fiú.

Bhí an saol suaimhneach ansin ar feadh cúpla lá – le seanmháthair chainteach lách, le máthair cháiréiseach shuáilceach, agus le naíonán gleoite nuabheirthe. Níorbh fhada gurb é Roman féin a tháinig i gcabhair ar theifigh eile. Chabhraigh sé ar bhealach ar bith arbh fhéidir leis, buíoch b’fhéidir as an deis cúiteamh a dhéanamh as an gcabhair a tugadh dó féin. Chuamar i mbun níocháin agus scéalta á n-insint againn dá chéile. Tháinig aoibh níos fearr ar an seanfhear chun gur bheannaigh sé muid agus gur tháinig sé chun an bhoird agus é go maith in am.

Briseadh ar an suaimhneas arís tar éis cúpla lá nuair a rinne máthair Roman, a bhean chéile agus a iníon iarracht a mbealach a dhéanamh chun na Beilge. Ag an aerfort, ba léir nach bhféadfadh duine ar bith acu fágáil seachas a mháthair. Ní raibh pas bithmhéadrach ag a bhean chéile.

Ní bheidh tuiscint agam riamh ar mhóthúchán na mná sin, a d’fhág a mac, a gariníon agus a hathair ina diaidh. Nuair a d’fhill Roman agus an leanbh ina bhaclainn aige, bhíomar ar fad trí chéile. Ar deireadh, d’éirigh leo teacht ar bhealach chun go bhféadfadh an mháthair óg agus an leanbh fágáil. Ní raibh fágtha ansin ach na fir – iad tromchroíoch tostach, a smaointe féin acu beirt ach gan tada le déanamh ag ceachtar acu faoin scéal. Níorbh fhada go rabhadar ar an mbóthar arís. Ina ndiaidh, fágadh cuimhne de chomhghleacaí sealadach ar dhídeanaí é, den lúcháir a bhí orainn uilig an mhaidin a tháinig máthair an linbh leis an dea-scéal go raibh an leanbh óg ar a suaimhneas agus go raibh codladh na hoíche faighte aici, agus fágadh nóta buíochais scríofa ag Roman inar cuireadh in iúl an gliondar croí a bhí orthu a bhuí le breith Iovana – an leanbh a dhiúltaigh glan gan a haghaidh a chur le haer tráth a bhí an bás go forleathan timpeall uirthi.