Le Cinzia del Rio, comhalta de CESE, an Iodáil

Le hionradh na Rúise ar an Úcráin, tiocfaidh athrú ar chaidrimh gheopholaitiúla agus eacnamaíocha ar fud an domhain, go háirithe idir an Rúis agus an tAontas Eorpach. Cháin an pobal idirnáisiúnta daonlathach agus gluaiseacht na gceardchumann go láidir an idirghabháil mhíleata uafásach seo. Tá saoránaigh thíos léi agus tá cathracha agus struchtúir shibhialta agus eacnamaíocha á scriosadh dá barr.

Chuireamar in iúl go dtacaímid go hiomlán le muintir na hÚcráine agus d’eagraíomar léirsithe i gcoinne Putin agus a chogaidh gan chúis gan údar. Tacaímid le smachtbhannaí diana eacnamaíocha a thabhairt isteach i gcoinne na Rúise, rud a chuirfeadh brú ar an réimeas. Tar éis mí go leith, tá na hainghníomhartha fós ag tarlú. Is léir go bhfuil sé deacair aon rud a bhaint amach trí na conairí daonnúla. D’fhág na milliúin Úcránach a dtír chun dídean a lorg i dtíortha an Aontais agus tá líon níos mó easáitithe laistigh den Úcráin. Ina theannta sin, is beag dul chun cinn atá déanta maidir le sos cogaidh agus próiseas síochána.  

Tá a ndlúthpháirtíocht dhaingean léirithe ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fud an Aontais, go háirithe sna tíortha atá ar theorainn na hÚcráine. Tá cabhair láithreach, cúram leighis, foscadh, bia, éadaí agus cógais leighis á gcur ar fáil acu do dhídeanaithe.  Bhí ról ríthábhachtach ag an Treoir um Chosaint Shealadach chun cosaint agus cearta a ráthú dóibh san Aontas agus chun cuidiú leo dul i ngleic leis an ngéarchéim agus iad a lánpháirtiú sa tsochaí a mhéid is féidir. Thairis sin, ní mór dúinn a mheabhrú gur mná agus leanaí iad 80 % de na dídeanaithe, a bhfuil cruálacht agus foréigean cogaidh á bhfulaingt acu den chéad uair riamh, agus go mbeidh iarmhairtí síceolaíocha ag baint leis sin go deo. Ní mór don Aontas a bheith ar an airdeall chun cosaint na ngrúpaí leochaileacha sin a áirithiú agus chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach.

I bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, is láidre anois féiniúlacht náisiúnta na hÚcráine agus a treoshuíomh geopholaitiúil i dtreo dhaonlathas an Iarthair. Tá dlús curtha le tús phróiseas aontachais an Aontais agus tá an caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe níos láidre chomh maith. Tá borradh curtha faoi láithreacht NATO ar theorainneacha na hÚcráine agus tugadh le chéile tíortha an Aontais, a cháin d’aon toil ionradh na Rúise agus brúidiúlacht an chogaidh.  Mar sin féin, i ndiaidh an chéad phacáiste smachtbhannaí ón Aontas, a ndearnadh é a leathnú le déanaí chun allmhairí guail a chumhdach, níl sé indéanta faoi láthair cinneadh a dhéanamh i ndáil le cosc a chur ar allmhairí, go háirithe allmhairí gáis agus ola. Is é is cúis leis sin go mbeadh ar an Eoraip foinsí eile soláthair a lorg go tapa ionas nach mbeidh uirthi brath ar an Rúis ó thaobh an gheilleagair de. Ach nílimid ullamh go fóill. Tá aontoilíocht rialtais na hEorpa ag teastáil. Dá gcuirfí bac iomlán ar allmhairí fuinnimh ón Rúis, bheadh tionchar ollmhór aige sin ar OTI náisiúnta roinnt tíortha.

Dhúnfaí gnólachtaí agus bheadh ann do chaillteanais post i ndiaidh ghéarchéim na paindéime. Tógfaidh sé roinnt ama chun trádbhac iomlán ar ghás agus ar hidreacarbóin a bhaint amach, ach tá an bealach leagtha amach ina leith sin agus tá an caidreamh eacnamaíoch leis an Rúis a bhí ann roimhe seo curtha i leataobh go deo. Sa chomhthéacs sin, áfach, tá sé de fhreagracht ar an Aontas an méid atá fágtha de gheilleagar na hÚcráine a shábháil, sa chaoi is go seachnófar tubaiste fhadtéarmach agus go gcuirfear tús le hidirphlé nithiúil leis an Úcráin a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas aontachais, gan dochar a dhéanamh do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar.

Ní mór don Aontas bearta cúitimh a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar dhrochiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na coimhlinte agus na smachtbhannaí gaolmhara ar ár dtíortha. Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh de go mbeidh tionchar ag smachtbhannaí ar an Rúis ar spriocanna forbartha inbhuanaithe an Aontais, spriocanna a chomhaontaíomar in éineacht le hinfheistíochtaí phacáiste Next Generation EU. Ní mór dúinn cloígh leis na gealltanais maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus gné shóisialta níos fearr a áirithiú san Eoraip.

Beidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcogadh ar sholáthairtí bia domhanda agus Eorpacha. I ngeall ar ardú praghsanna, is measa fós staid na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí Eorpacha, a bhí ag streachailt cheana. Ní mór dúinn díriú ar bhearta chun an tslándáil bia a áirithiú san Aontas, sa ghearrthéarma tar éis an ionraidh agus san fhadtéarma araon. Idir an dá linn, níor cheart dúinn neamhaird a thabhairt ar an tionchar mór atá ag an gcogadh ar sholáthairtí bia i dtíortha lasmuigh den Aontas freisin. Is gá géarchéim shóisialta agus eacnamaíoch nua a sheachaint, agus ní mór amhantraíocht i bpraghsanna bia agus ola a stopadh agus ba cheart machnamh a dhéanamh ar bhearta chun cáin a ghearradh ar an mbrabús a d’fhéadfaí a dhéanamh air sin.  

Ach is é an tosaíocht atá ann deireadh a chur leis an gcogadh agus bealach a aimsiú chun an chaibidlíocht agus an próiseas síochána a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas a bheith ina fhíorghníomhaí agus ina phríomhghníomhaí mar go bhfuil a thodhchaí i mbaol. Tá buntáistí polaitiúla agus eacnamaíocha ag an tSín agus ag an Tuirc sa chaibidlíocht sin, ach níl na tíortha sin ar thús cadhnaíochta maidir leis an daonlathas agus le hurraim do chearta bunúsacha an duine. Is cor cinniúnach é sin i stair an Aontais Eorpaigh, agus beidh impleachtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus straitéiseacha ann don domhan ar fad. Ní mór don Aontas freagrachtaí nua a ghlacadh air féin agus bogadh i dtreo comhtháthú polaitiúil níos láidre: ní féidir linn comhchóras cosanta a bheith againn gan comhbheartas eachtrach agus comhtháthú polaitiúil níos láidre agus níos comhtháite a chur ar bun. Is gá aon chéim a ghlacfar chun bogadh i dtreo cosaint chomhtháite a rialú go daonlathach agus go soiléir.

Ba cheart don bhaol go dtarlódh cogadh san Eoraip a bheith ina spreagadh do rialtais an Aontais próiseas lánpháirtíochta atá polaitiúil agus soiléir a bhunú faoi cheart na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
Tá sé ríthábhachtach go gcosnódh an tAontas a luachanna agus go gcaomhnódh sé an tsíocháin a ráthaíodh san Eoraip le linn 70 bliain anuas.