Tá géarghá leis an straitéis Eorpach maidir le hathchóiriú foirgneamh

Tá géarghá leis an straitéis Eorpach Rabharta Athchóirithe don Eoraip. Ní fhéadfaidh an tAontas Eorpach féin ná pobal na hEorpa déanamh d’uireasa na straitéise sin. Sa tuairim a dhréachtaigh Pierre Jean Coulon agus Laurențiu Plosceanu agus a glacadh ag seisiún iomlánach mhí Feabhra, thug CESE le fios go dtacaíonn sé leis an togra maidir le hathchóiriú foirgneamh a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach ar mhaithe le “glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil”.

Toisc go mbaineann 40 % den tomhaltas fuinnimh iomlán san Eoraip le tithe agus le foirgnimh eile, tá gá leis an rabharta athchóirithe – tionscnamh atá á chur chun cinn ag an Aontas Eorpach. Tá an straitéis ina cuid de chur chuige iomlánaíoch maidir leis an infheistíocht phoiblí fhadtéarmach, an fhorbairt inbhuanaithe, an chosaint sláinte (lena n-áirítear láimhseáil aispeiste in oibreacha athchóirithe), an t-aistriú glas agus cur chun feidhme éifeachtach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le tithíocht inbhuanaithe agus inacmhainne.

Le linn na díospóireachta, dúirt Pierre Jean Coulon: “Rachaidh straitéis an rabharta athchóirithe chun tairbhe don Aontas Eorpach ar thrí shlí éagsúla, mar atá déanfaidh sí leas na haeráide, leas an téarnaimh eacnamaíoch de thoradh na bpost áitiúil a chruthófar agus, ar deireadh, leas an chomhraic i gcoinne na paindéime, i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh agus ar son na tithíochta inacmhainne do chách.”

Bhí Laurențiu Plosceanu ar aon fhocal leis agus is é a dúirt seisean mar fhocal scoir: “Ní mór don straitéis seo an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus do na háiteanna ina gcónaíonn siad, agus go mbeidh tacaíocht an Choiste ag an straitéis agus go mbeidh ionchur an Choiste le sonrú sa straitéis trí na tuairimí agus na tograí uaidh. Is é an chéad chéim sa phróiseas sin feachtas cumarsáide cuí a eagrú faoi na scéimeanna athchóirithe atá i bhfeidhm agus faoin gcaoi le páirt a ghlacadh iontu.” (mp)