Tá sraith beart iarrtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) lena chinntiú go rachfar i gcomhairle le gach duine maidir le pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ an Choimisiúin Eorpaigh agus go rachaidh sé chun tairbhe do chách. Leis an bpacáiste tograí sin, cuirfear an tAontas ar an mbóthar ceart chun astaíochtaí carbóin a laghdú faoi 55 % faoi 2030.

‘Fágfaidh gnóthú na spriocanna athbhreithnithe do 2030, mar a mholtar sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, go mbeidh tionchar míchothrom ar réigiúin agus pobail ar fud na hEorpa. Dá bhrí sin, tá sé fíorthábhachtach sásraí leordhóthancha dlúthpháirtíochta a dhearadh agus a mhaoiniú i gceart, d’fhonn aistriú a bheidh cothrom ó thaobh na sochaí de, iomaíoch agus glas a bhaint amach,’ a dúirt Cillian Lohan, Leas‑Uachtarán ar CESE.

Tuairimí agus conclúidí coiteanna ó CESE

Sna tuairimí uaidh (22 thuairim san iomlán< style="color:blue">< class="underline">), cuireann CESE in iúl go dtacaíonn sé go mór leis an bpacáiste óir tá gá leis chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus chun a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de. Cuireann CESE i bhfios go láidir, mar sin féin, nach mór an chothromaíocht cheart idir cothroime shóisialta, iomaíochas agus laghduithe ar astaíochtaí a áirithiú sna beartais.

Moltaí coiteanna ó CESE:

  • Cé go mbeidh tionchar mór ag na bearta a mholtar sa phacáiste ar roinnt earnálacha, cruthófar deiseanna nua d’earnálacha eile mar gheall ar an aistriú chuig tionscal glas. Ní mór an sprioc a bheith ann i gcónaí beartais chothromaithe a bheith ann a thabharfaidh tacaíocht dóibh siúd a bheidh thíos leis an aistriú aeráide.
  • Tá gá le cláir uas‑scilithe agus athscilithe d’fhiontraithe agus oibrithe araon lena chinntiú go mbeidh siad in ann ag na teicneolaíochtaí is nua agus go mbeidh na scileanna digiteacha agus inbhuanaithe is gá acu.
  • Tá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ríthábhachtach maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus chun beartas eacnamaíoch cothromaithe a bhunú, ina dtabharfar na leasanna uile le chéile.
  • Tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta. Ní mór daoibh a bheith páirteach ag céim phleanála agus chur chun feidhme araon an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.

Tá sé ríthábhachtach nach bhfágfar aon duine ar lár mar gheall ar a bhfuil le déanamh, rud a chiallaíonn gur gá gach saoránach a chur i gcroílár an aistrithe ghlais. (mr)