"The European Economic and Social Committee (EESC) expresses its solidarity with the people of the southern Mediterranean countries who are peacefully struggling for their fundamental rights and freedoms, and supports their legitimate aim of establishing stable democracies in their countries. ..."
EUROMED
Tá an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus na comharsana ó dheas ar cheann de na tosaíochtaí atá againn. Baineann an obair a dhéanaimid le raon leathan réimsí, amhail rannpháirtíocht na sochaí sibhialta in idirphlé polaitiúil agus sibhialta, aistriú chuig an daonlathas, fostaíocht le haghaidh daoine óga, forbairt inbhuanaithe, soghluaisteacht agus inimirce, trádáil, fuinneamh in-athnuaite agus forbairt gnó.
Tá CESE ag déileáil leis na saincheisteanna sin ó 1995 i leith. I ndiaidh athruithe a theacht ar an réigiún in 2010, d'athraíomar na cuspóirí a bhí againn dá réir ionas go ndíreofaí ar na nithe seo a leanas:
- tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtíortha atá i mbun athraithe. Tá an tacaíocht sin dírithe, go háirithe, ar eagraíochtaí ceardchumainn agus ar eagraíochtaí fostóirí chomh maith le cumainn ban, óige agus feirmeoirí.
- caidreamh déthaobhach a chothú le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta sa réigiún, agus obair a dhéanamh chun na cúinsí a chothú a chuirfidh ar chumas na sochaí sibhialta páirt a ghlacadh san idirphlé polaitiúil i dtíortha comhpháirtíochta an deiscirt.
- tuairimí agus tuarascálacha comhpháirteacha a eisiúint maidir leis na dúshláin is mó ó thaobh beartas atá roimh an réigiún.
- cruinnithe rialta le hinstitiúidí Eorpacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thionól chun na beartais a bhaineann leis an tsochaí shibhialta fud fad an réigiúin a phlé.
- cruinniú mullaigh bliantúil do chomhairlí eacnamaíocha agus sóisialta agus d'institiúidí den sórt céanna a reáchtáil, ina gcuirtear moltaí barrthábhachtacha beartais maidir le príomhdhúshláin an réigiúin faoi bhráid lucht ceaptha beartas na rialtas náisiúnta agus an Aontais Eorpaigh.
Pages
The benefits of digitalisation for small and medium-sized enterprises (SMEs) are multiple, allowing them to boost competitiveness, expand market access and improve customer relations. In an information report adopted at its December plenary session, the European Economic and Social Committee (EESC) considers it necessary to support the digital transformation of SMEs with measures adapted to the specific needs of different types of companies.