Grúpa Comhairleach Baile AE-na Moldóive

Tá sé leagtha síos in Airteagal 376 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv go mbunóidh gach páirtí Grúpa Comhairleach Baile um fhorbairt inbhuanaithe chun comhairle a thabhairt faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an gcaibidil ar thrádáil agus forbairt inbhuanaithe.

Is éard atá sna Grúpaí Comhairleacha Baile sin eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá neamhspleách agus ionadaíoch, is é sin le rá déantar ionadaíocht chothrom sna grúpaí ar gheallsealbhóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, lena n-áirítear, inter alia, eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí gnó mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile.

Bunaíodh Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh don Mholdóiv i lár 2015 agus tá sé comhdhéanta de chomhaltaí ó CESE agus ó eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta san Eoraip.

Reáchtáladh an chuid chruinniú comhpháirteach idir Grúpaí Comhairleacha Baile na Moldóive agus an Aontais Eorpaigh an 7 Iúil 2015 i gCísineá.

Downloads

  • Rules of procedure of the EU Domestic Advisory Group created under Article 376.4 of the EU-Moldova Association Agreement