European Economic
and Social Committee
Staidéar nua le CESE: Conas is féidir deireadh a chur leis an mbochtaineacht scileanna i measc na ndaoine is leochailí?
le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE
Beidh na scileanna ag teastáil i gcomhair na bpost a bheidh ann san am atá romhainn chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a thabhairt i gcrích, sin agus chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe déimeagrafacha atá ag tarlú. Nuair atá infheistíocht á déanamh san oiliúint agus san athsciliú, conas is féidir linn a chinntiú go sroichfidh na bearta sin na daoine is leochailí freisin? Cé na réimsí a bhfuil cuid de na daoine ar easpa scileanna iontu faoi láthair agus conas atá an easpa sin nasctha leis an mbochtaineacht?
An 10 Iúil, rinne Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE iniúchadh ar na ceisteanna sin mar chuid de dhíospóireacht théamach inar seoladh staidéar nua le CESE áit a bhfiosraítear Conas is féidir deireadh a chur leis an mbochtaineacht scileanna i measc na ndaoine is leochailí. Is ar iarratas ón nGrúpa atá ag obair i ndáil le Bliain Eorpach na Scileanna (2023) a rinne CESE an staidéar a choimisiún. Is éard is ábhar scrúdaithe dó coincheap nua seo na bochtaineachta scileanna. Tá buille faoi shainmhíniú sa staidéar ar an gcoincheap seo, sin agus imscrúdú ar gach ab fhéidir le spreagadh agus réiteach a dhéanamh i gcomhair taighde breise ar an ábhar seo lá is faide anonn. Seo ceann de na conclúidí atá le baint as an staidéar: tá ról uathúil ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i sainaithint na ndaoine leochaileacha ar gá dóibh uas-sciliú a dhéanamh agus ról uathúil ag tacú leis na daoine sin. Is i bpáirt agus i gcomhar leis na pobail agus leis na húdaráis áitiúla ba cheart dóibh a gcuid oibre a dhéanamh, sin agus a gcuid líonraí a ghiaráil, agus ba cheart dóibh a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar an trá fholamh fad atá an t-oideachas agus forbairt na scileanna atá i gceist.
Labhair Juliana Wahlgren le linn na díospóireachta. Ise Stiúrthóir an Líonra Eorpaigh um Fhrithbhochtaineacht (EAPN). Rinne sí trácht ar na bunfhachtóirí a dhéanann difear don rochtain ar scileanna. Labhair Agnieszka Maj chomh maith. Is taighdeoir ise san Ionad um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíoch (CASE) áit ar cuireadh an staidéar i dtoll a chéile.
Más mian leat an t-alt ar an díospóireacht téamach a fheiceáil ina iomláine, mar aon leis an agallamh leis na húdair, féach leat suíomh gréasáin na hócáide.
Tá an staidéar féin maille leis an achoimre feidhmiúcháin ar fáil anseo.