European Economic
and Social Committee
Leagtar amach an bealach chun cinn i dtuarascáil Draghi: an bhfuil an misneach agus an toil pholaitiúil ann chun iomaíochas an Aontais a athbhunú?
Le Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí
Tá béim leagtha sa tuarascáil ó Mario Draghi ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha na hEorpa. Tugtar rabhadh i dtuarascáil Letta agus i dtuarascáil Draghi araon: tá cor cinniúnach roimh an Eoraip agus ní féidir na maidí a ligean le sruth.
Tá cuid mhór i ngeall leis seo, murab ionann is riamh. Le fiche bliain anuas, tá fás eacnamaíoch an Aontais de shíor chun deiridh ar na Stáit Aontaithe, fad atá an bhearna á dúnadh go tapa ag an tSín. Ó 2002 go 2023, mhéadaigh an bhearna idir leibhéil OTI an Aontais agus leibhéil OTI na Stát Aontaithe (ag praghsanna 2015) ó bheagán os cionn 15 % go 30 %, rud ar cúis imní é. Is mó fós an chodarsnacht sa phaireacht cumhachta ceannaigh. Tá an bhearna sin méadaithe ó 12 % go 34 %, ar cuid suntais é.
Ceann de na dúshláin is mó atá ann ná timpeallacht rialála na hEorpa. Tá na figiúirí an-soiléir: ó 2019 go 2024, rith an tAontas thart ar 13 000 gníomh reachtach i gcomparáid le 3 500 gníomh sna Stáit Aontaithe.
De dheasca an ualaigh rialála sin, is suntasach na costais chomhlíontachta atá ar ghnólachtaí, rud a bhaineann acmhainní ón nuálaíocht agus ón bhfeabhsú feidhmíochta. Thairis sin, is cúis imní an treocht atá ann go bhfuil cuideachtaí ag athlonnú lasmuigh den Aontas. D’imigh 30 % d’aonbheannaigh na hEorpa idir 2008 agus 2021.
Mar a chuireann Draghi i bhfáth, ní leor an infheistíocht amháin chun an Eoraip a bhrú ar aghaidh. Is gá a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn fóinteach de thoradh na n-athchóirithe. Ní mór díriú ar an margadh aonair a thabhairt chun críche, bacainní a bhaint, tús áite a thabhairt do chur chuige comhleanúnach chun an t-ualach a laghdú agus rialacháin a chuíchóiriú. Is príomhchéimeanna iad sin is féidir a ghlacadh láithreach gan cathanna móra polaitiúla agus rachadh siad chun tairbhe ar dhóigh nithiúil do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, arb iad cnámh droma na ngeilleagar iad.
Thairis sin, ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar idirnascthacht na n-earnálacha agus na ngeilleagar. Má dhéantar feabhsuithe i réimse amháin, is féidir tionchar dearfach a imirt ar réimsí eile. Mar shampla, le comhtháthú na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí sonraíbhunaithe, is féidir tacú le bainistiú cliste fuinnimh ar fud na dtionscal, rud a laghdódh costais agus astaíochtaí go suntasach, ón ardmhonaraíocht go dtí an fheirmeoireacht bheacht. Is iad sin na cineálacha sineirgí nach mór a shaothrú.
Tá an bealach chun tosaigh soiléir. Tá an acmhainneacht, an tallann agus an acmhainneacht nuálaíochta san Eoraip chun a buntáiste iomaíoch a fháil ar ais. Mar sin féin, beidh gá le toil láidir pholaitiúil agus le comhar, agus ní mór díriú ar chuspóirí straitéiseacha fadtéarmacha. Is fúinne (institiúidí an Aontais agus na Ballstáit) atá sé anois na deiseanna sin a chur i ngníomh más uainn fíorathrú a dhéanamh.