European Economic
and Social Committee
An pacáiste maidir le cosaint an daonlathais: ba cheart don Choimisiún an treoir a tharraingt siar
Le Christian Moos
Tá cúis mhaith leis an imní atá ann faoin tionchar mailíseach a bhíonn ag stáit naimhdeacha ar nós na Rúise. Iasachtaí fabhracha á dtabhairt do pháirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis, poist ar bhoird mhaoirseachta á dtabhairt do pholaiteoirí a bhfuil a ré caite, conarthaí brabúsacha á dtabhairt d’fhiontraithe amhrasacha agus maoiniú á thabhairt d’eagraíochtaí atá ag maíomh gur eagraíochtaí neamhrialtasacha iad; is iomaí cás den chineál sin atá ann agus a bhí ann.
Dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith an-airdeallach agus na toghcháin Eorpacha ar na bacáin. Mar sin féin, ainneoin roinnt moltaí a bheith tugtha do na Ballstáit sa phacáiste maidir le cosaint an daonlathais, is i bhfad i ndiaidh an mhargaidh a tháinig sé. Bhí moill cheana féin ar an bpacáiste nuair a sheol an Coimisiún é. Ina dhiaidh sin, luath i samhradh na bliana 2023, cuireadh an pacáiste ar athlá ar feadh breis agus leathbhliain toisc cáineadh an-láidir agus d’aon ghuth a bheith déanta ar an togra reachtach a bhí le bheith ina chuid den phacáiste.
Mar sin féin, tháinig an tuar faoin tairngreacht ba mheasa nuair a foilsíodh an pacáiste i mí na Nollag. D’fhágfadh an treoir a bhí beartaithe go mbeifí anuas ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a fhaigheann cistí ó rialtais i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad, e.g. na Stáit Aontaithe. Thabharfadh an togra sin leithscéal eile do rialtais fhorlámhacha a bhaineann leas as dlíthe ‘gníomhairí eachtracha’ chun iarracht a dhéanamh gach freasúra daonlathach a chur ina thost.
Thairis sin, tá sainmhínithe na treorach doiléir agus tá lúba móra ar lár inti a thugann bealach éalaithe do ghníomhairí Mhoscó. Rud nach dtuigeann ionadaithe na sochaí sibhialta eagraithe is ea an fáth nach bhfuil clár trédhearcachta ginearálta á bhunú ag an gCoimisiún, clár ina gcuimseofaí gach ionadaí sainleasa agus a bheadh i gcomhréir leis na dlíthe atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus a chruthódh bunús dlí soiléir agus sábháilte do gach geallsealbhóir.
Ba cheart don Choimisiún an dréacht-treoir sin a tharraingt siar agus cur chuige níos cuimsithí a ghlacadh i leith na treorach a thiocfaidh ina hionad in 2025 le nach dtabharfar caoi do naimhde an daonlathais.