Is olc an léiriú a thugann na fíricí agus na figiúirí ar an meabhairshláinte san Aontas agus is mithid beart a dhéanamh dá réir. Molann CESE bearta láidre a dhéanamh chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon. Tá éileamh déanta aige freisin ar reachtaíocht cheangailteach a chuirfeadh cosc ar bhagairtí síceasóisialta san áit oibre. Le Duais Mheabhairshláinte na Sochaí Sibhialta, tugann CESE aitheantas d’iarrachtaí leanúnacha na sochaí sibhialta feabhas a chur ar fholláine an phobail.

  1. Bheartaigh CESE ar dhuais mheabhairshláinte a dhéanamh den duais is mó cáil atá aige i bhfianaise na dtuairiscí a tháinig chun cinn tar éis phaindéim COVID-19 go raibh méadú tobann tagtha ar an neamhord meabhrach, mar an imní agus an lionn dubh, ar fud na hEorpa. De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, an sciar sin den phobal óg a bhfuil comharthaí na himní orthu, tá os cionn a dhá oiread ann anois i gcuid de thíortha na hEorpa. Is óige freisin, tar éis na paindéime, an aois ag a dtosaíonn an neamhord itheacháin, go háirithe i measc na ndéagóirí. Sular tháinig COVID-19 ar an bhfód, fiú, bhí ar a laghad 84 mhilliún duine san Aontas – thart ar dhuine as gach seisear – a bhí thíos le fadhbanna meabhairshláinte.
  2. Meastar gurb iad an mheabhairshláinte agus an mhínormáltacht iompraíochta is cúis le tuairim is 4 % de na básanna bliantúla san Aontas. Bíonn tionchar ollmhór ag an droch-mheabhairshláinte ar chúrsaí eacnamaíocha freisin, ós ionann na costais dhíreacha agus indíreacha lena mbaineann agus thart ar 4 % den olltáirgeacht intíre. An tríú cuid de na costais sin, is rátaí ísle fostaíochta agus titim sa táirgiúlacht ag an obair is cúis léi.
  3. In 2020, i measc na ndaoine san Aontas a bhí 15-64 bliana d’aois agus a raibh post acu, deir Eurostat go raibh 44.6 % acu ag dul i ngleic le bagairtí ar an meabhairshláinte mar chuid den obair. Is iad na cúiseanna is mó leis sin an t-ualach rómhór oibre agus an brú ama, rudaí a luaigh beagnach an cúigiú cuid de na daoine a raibh post acu san Aontas an bhliain sin.
  4. Tá an mheabhairshláinte anois ag barr an chláir oibre pholaitiúil san Aontas. Dá thoradh sin, rinne an Coimisiún cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte a ghlacadh i mí an Mheithimh 2023. Tá EUR 1.23 billiún de mhaoiniúchán an Aontais taobh thiar den chur chuige nua sin arb é is aidhm leis an mheabhairshláinte a chur chun cinn i mbeartais uile na hEorpa. Leagtar béim ann ar thrí bhunphrionsabal: an cosc leordhóthanach éifeachtach; an rochtain ar chúram agus cóir leighis ardcháilíochta inacmhainne; agus an t-ath-imeascadh sa tsochaí tar éis an téarnaimh. Tá an mheabhairshláinte ina tosaíocht pholaitiúil ag CESE freisin, rud a chuirtear ag croílár a chuid oibre.
  5. Fuair CESE 105 iarratas a tháinig ó gach cearn den Aontas agus a bhain le réimse leathan ábhar, ina measc siúd: tionscadail chun cosc a chur ar bhagairtí síceasóisialta san áit oibre nó chun dul i ngleic le fadhbanna mar an mí-úsáid substaintí agus an chibearandúil agus tionscadail a chuireann i gcoinne na náire a ghabhann leis an meabhairshláinte agus a chuireann chun cinn an cúnamh faoi stiúir an phobail. Tríd an onóir seo a bhronnadh agus an aird a tharraingt ar iarrachtaí ríthábhachtacha na ngníomhaithe neamhrialtasacha, tá súil ag CESE go spreagfar a thuilleadh daoine fós chun gnímh. (sg)