European Economic
and Social Committee
An mheabhairshláinte a chosaint in earr na haoise: cumhacht an chaidrimh shóisialta
A bhuí leis an líonra rannpháirtíochta sóisialta, ‘AgeWell’, atá curtha ar bun aici, tá ag éirí leis an bhfondúireacht carthanachta ‘Third Age’ in Éirinn an ruaig a chur ar an uaigneas in earr na haoise. Is amhlaidh a thugann ‘compánaigh’ an líonra sin (is daoine iad seo a bhfuil an leathchéad ar a laghad slánaithe acu) cuairt sa bhaile ar dhaoine scothaosta uair sa tseachtain d’fhonn cuideachta a choinneáil leo. Coimeádann siad súil freisin ar shláinte agus ar dhea-bhail an chliaint le cabhair ceistneora is féidir a líonadh isteach ar aip fóin chliste. Dúirt Alison Branigan atá ag obair do ‘Third Age’ linn go bhfuil tacaíocht curtha ar fáil go dtí seo acu do bhreis is 500 duine i gContae na Mí, agus dar le cuid acusan gur ‘líne tharrthála’ dóibh an tseirbhís nó fiú gur ‘solas ag ceann tolláin fhada dhorcha’ acu í.
Cad a spreag thú chun tús a chur leis an tionscadal seo?
Cuireadh tús le AgeWell i gContae na Mí chun tacú le daoine scothaosta san áit, toisc méadú a bheith tagtha ar a líon agus riachtanais faoi leith acu ó thaobh cúinsí sóisialta nó cúram fisiciúil de, nó neachtar acu ar leibhéal na mothúchán nó na sícé. Tá an-bhrú go deo ar sheirbhís sláinte na tíre, tá fás faoinár ndaonra agus méadú ar líon na ndaoine scothaosta ina measc, ní áirím na liostaí fada feithimh atá ann le haghaidh seirbhísí, mar shampla an tacaíocht sa bhaile. Is acmhainn do AgeWell freastal go tráthúil agus go praiticiúil ar na daoine sin, rud a chuireann leis an tseirbhís sláinte atá ann cheana agus a chuireann feabhas uirthi trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta atá uaigneach, leochaileach, scoite amach, i mbaol agus gan ar a gcumas an baile a fhágáil. An aidhm atá ann ná cabhrú leo feabhas a chur ar a gcúinsí maireachtála i dtreo gur sia a n-uain ar an saol, agus é sin in áit atá roghnaithe acu féin. Is trí chaidreamh sóisialta a chur ar fáil dóibh agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar a sláinte agus ar an mbail atá orthu, sin agus trí fhadhbanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus a chomhrac sula dté siad i dtromchúisí, a dhéanfar sin. Is amhlaidh atá AgeWell ag cur agus ag cuidiú freisin le héiteas na fondúireachta atá bunaithe againn, Third Age, sa tslí go dtacaíonn sé go díreach le daoine scothaosta trí sheirbhísí agus cláir nuálacha a chur ar fáil dóibh agus go gcruthaíonn sé deiseanna uathúla a ligeann do dhaoine atá buille beag níos aosta tacú lena bpiaraí agus le grúpaí pobail eile trí mheán obair dheonach.
Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo? (An féidir leat sampla a thabhairt má tá ceann ar bith agat)
Go nuige seo tá AgeWell tar éis tacaíocht a thabhairt do bhreis is 500 duine scothaosta i gContae na Mí. Is mór ag cuid mhaith daoine an ghné chuideachtúil den chlár: ní beag an mhuinín atá acu faoin tráth seo as na compánaigh a sheol AgeWell chucu. Is rud é seo a chabhraíonn linn tuiscint a fháil ar na riachtanais agus na cúiseanna imní atá acu agus, ar an gcaoi sin, is acmhainn dúinn tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh.
Seo cuid de na nithe atá ráite ag ár gcliaint linn: ‘Is líne tharrthála dom an tseirbhís seo’; ‘Níor thuig mé go raibh an tacaíocht seo de dhíth orm go dtí gur tugadh dom í’; ‘Is mór é mo bhuíochas ar an tseirbhís agus ar mo chompánach: tógann sí mo chroí gach aon seachtain’; ‘Ba mhinic scailp uaignis orm, ní fheicinn duine ná deoraí ó lá go lá, ach anois bíonn súil in airde agam le cuairt mo chompánaigh’. Dúirt cliant amháin linn go raibh sé in iomar na haimléise tráth den saol agus d’admhaigh sé fiú gur mhinic a chuimhnigh ar lámh a chur ina bhás féin. Ar seisean: ‘Tháinig AgeWell chugam ar uair na faille. Chuidigh sé liom solas a fheiceáil ag ceann tolláin fhada dhorcha’ agus dúirt sé ina theannta sin ‘gur chóir teacht a bheith ag an uile dhuine ar an tseirbhís seo’.
Seo a raibh le rá ag ár gcompánaigh dheonacha atá scothaosta freisin: ‘Is breá liom an obair dheonach seo a dhéanamh’; ‘Is aoibhinn le mo chroí é nuair a thuigim go bhfuil tábhacht leis an rud atá ar siúl agam’; agus ‘Is iomaí ní atá foghlamtha agam faoi dhaoine agus fúm féin ó thosaigh mé ar an obair seo’.
Is acmhainn dúinn a chruthú go staitistiúil go gcuireann AgeWell le dea-bhail an duine agus go gcuireann sé tacaíocht ar fáil, cibé acu tacaíocht shóisialta, mhothúchánach nó fhaisnéiseach í sin, go laghdaíonn sé a mhéad a mhothaíonn an pobal scothaosta scoite amach, ní áirím an t-uaigneas atá orthu, go bhfeabhsaíonn sé sláinte féinrátáilte an duine, sin agus go méadaíonn sé leibhéil na gníomhaíochta coirp.
Tugadh aiseolas dúinn freisin faoin suaimhneas aigne a thugann sé do ghaolta ár gcliant agus is eol dúinn chomh maith go n-aithníonn soláthraithe cúraim sláinte ár gcuid oibre ós amhlaidh is minic a chuireann siad cliaint go díreach inár dtreo.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?
Cuir aithne cheart ar do spriocphobal, cibé rannpháirtithe atá agat bídís páirteach sa phróiseas, agus éist go géar lena moltaí agus lena riachtanais siúd. Bíodh muinín agat as an eolas atá agat agus as an méid is féidir leat a bhaint amach, is gá a bheith cróga agus cruthaitheach, agus is gá coinneáil ort: má tá síol na maitheasa i pé smaoineamh atá agat, tiocfaidh bláth air lá is faide anonn. Is gá a bheith sásta oibriú i gcomhar le daoine eile, agus má ritheann leat a chur ina luí ar an stát nó ar an tseirbhís sláinte maoiniú agus/nó tacaíocht a thabhairt duit nó neachtar acu do sheirbhís a chur chun cinn, is mór mar a chuirfidh sin le creidiúnacht an chláir, leis an tionchar a bheidh aige agus leis an rath a bheidh air.
Dar leat, cad é an rud is mó faoi deara fadhbanna meabhairshláinte a bheith ag cur ar an bpobal scothaosta anois, gan cúiseanna fiseolaíocha a bhacadh? An féidir linn, ag feidhmiú dúinn ar leibhéal na sochaí, feabhas a chur ar mheabhairshláinte an phobail sin?
Is cúinsí iad an t-uaigneas agus an t-imeallú a ghéaraíonn, murab ionann is riamh, ar fhadhbanna meabhairshláinte an phobail scothaosta. Siúd is gur fíor gur díol imní é seo i gceantair thuaithe na hÉireann, tá sé chomh forleathan chomh rábach céanna i mbailte agus i gcathracha móra na tíre. Le blianta beaga anuas, tá ‘eipidéim eagla, imní agus lionn dubh’ le sonrú anseo maille le fadhbanna meabhairshláinte eile. Is éard is cúis leo iarmhairtí na nithe seo a leanas: an phaindéim, an leithlisiú éigeantach, an clutharú agus an cochlú, cailleadh an chaidrimh shóisialta, agus srian a bheith curtha leis na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh daoine scothaosta a dhéanamh agus leis an tsaoirse a bhí acu. Bhí ról freisin ag imeachtaí in Éirinn agus sa domhan mór leis, ina measc an costas maireachtála, mar aon le cogaí agus coinbhleachtaí áirithe. De réir mar a théann daoine in aois, cúngaíonn ar a gciorcail shóisialta; ní hannamh breoite iad, rud a fhágann nach cumas dóibh bualadh amach faoin spéir. Ina theannta sin, ráiníonn sé uaireanta nach mbíonn ina gcumas a thuilleadh an baile a fhágáil nó gur rómhinic a mbrath ar dhaoine eile. Is buille iad na nithe sin uile dóibh ó thaobh na féinmhuiníne agus an fhéinmheasa de, sin agus don ghiúmar atá orthu, ní áirím don dearcadh atá acu ar an saol. Cé go mb’fhéidir gur dofheicthe iad mar ghrúpa ar uairibh, ba thábhachtach nach ligfí iad i ndearmad. Ní foláir dúinn cuimhneamh ar an tábhacht a bhaineann le sprid an phobail, le hidirghabhálacha pobail agus le cumhacht na dtionscnamh atá dírithe ar chaidreamh sóisialta agus oideasaithe sóisialta a chur chun cinn.