European Economic
and Social Committee
Níor cheart do thíortha an Aontais iallach a chur ar dhídeanaithe ón tSiria filleadh le linn éagobhsaíocht leanúnach
Tá UNHCR, Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, réidh chun tacú le Siriaigh a mheasann go bhfuil sé sábháilte filleadh ar a mbaile. Mar sin féin, i gcás gach duine eile, ní mholann sé filleadh ar thír atá ag streachailt le héiginnteacht pholaitiúil agus le ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan, tír a bhfuil suas le 90 % den daonra ina gcónaí faoi bhun thairseach na bochtaineachta (Jean-Nicolas Beuze, ionadaí ó UNHCR).
Le Jean-Nicolas Beuze
Agus tírdhreach polaitiúil na Siria ag athrú go tapa tar éis threascairt an Uachtaráin Bashar al-Assad, tá an díospóireacht maidir leis an bpobal dídeanaithe is mó ar domhan i lár an aonaigh ar fud na hEorpa.
Tá méadú ag teacht ar líon na mBallstát a bhfuil stop á chur acu le cinntí maidir le hiarratais ar thearmann náisiúnaigh na Siria, agus tá roinnt tionscnamh fógartha acu, lena n-áirítear cairteitiltí agus dreasachtaí airgeadais nó ‘bónais fillte’ chun dídeanaithe a spreagadh le dul abhaile. Tuairiscítear go bhfuil sé beartaithe ag roinnt Ballstát Siriaigh atá ar a gcríoch faoi láthair a dhíbirt, gan beann ar a stádas tearmainn, fiú.
Ionas go ndéanfaidh Ballstáit an Aontais cinntí eolasacha maidir le tearmann, ní mór dóibh a mheas an tír í an tSiria atá sábháilte go leor chun go mbeidh muintir na Siria atá ina gcónaí san Eoraip faoi láthair in ann filleadh uirthi. I bhfianaise na staide atá ag athrú go tapa ar an talamh, ní féidir breithiúnais chinntitheacha a dhéanamh maidir le sábháilteacht ag an am seo. Tá éiginnteacht ann i gcónaí maidir le cúrsaí slándála sa tSiria. Tá an staid sa tír idir dhá cheann na meá – d’fhéadfadh an tsíocháin agus an athmhuintearas an lámh in uachtar a fháil, ach, ag an am céanna, tá baol ann go mbeadh tuilleadh foréigin ann.
Ní mór do na milliúin dídeanaithe ón tSiria, a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den tír, dul i ngleic leis an méid a chiallaíonn an staid atá ag teacht chun cinn ina dtír dhúchais dá dtodhchaí féin. Tá na ceisteanna seo a leanas á gcur acu orthu féin: An mbeidh mé sábháilte sa tSiria? An urramófar mo chearta? I gcás roinnt daoine, d’fhéadfadh an chosúlacht a bheith ar chúrsaí go mbeadh sé indéanta filleadh, ach i gcás daoine eile, tá imní mhór orthu fós.
Cad atá i ndán dóibh siúd ar de mhionlaigh eitneacha nó reiligiúnacha iad, a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu nó a shainaithníonn mar chuid den phobal LGBTQ + sa tSiria sa lá atá inniu ann? Ní féidir freagra soiléir a thabhairt ar an gceist sin go fóill.
Ach i gcás na ndaoine sin a mheasann go bhfuil sé sábháilte filleadh, ní mór a mbreithiúnas a urramú, agus d’fhéadfaí tacú leo filleadh agus ath-imeascadh ina bpobail tionscnaimh. I gcás gach duine eile, áfach, molann UNHCR gan iallach a chur orthu filleadh mar gheall ar an éagobhsaíocht leanúnach agus an éiginnteacht pholaitiúil sa tír.
Dá gcuirfí iallach ar dhaoine filleadh ón Aontas Eorpach, shárófaí cearta mhuintir na Siria mar dhídeanaithe, rud a chuirfeadh iad i mbaol díobhála tromchúisí agus doleigheasta ar fhilleadh dóibh.
Mar gheall ar an bhforéigean armtha leanúnach i gcodanna éagsúla den tSiria, mar aon leis an éiginnteacht faoin gcaoi a dtabharfaidh na húdaráis nua aghaidh ar riachtanais an daonra, go háirithe riachtanais grúpaí leochaileacha, tá sé róluath do roinnt mhaith daoine smaoineamh ar fhilleadh. Tá sé tábhachtach meas a bheith againn ar a mbreithiúnas sa chás seo. Dá bhrí sin, ní mór do Bhallstáit an Aontais, mar aon le tíortha comharsanachta na Siria a bhfuil formhór na ndídeanaithe ón tSiria á n-óstáil acu le breis agus deich mbliana anuas, leanúint dá dtiomantas cosaint a chur ar fáil do mhuintir na Siria ar a gcríoch.
As an 1.1 milliún duine a easáitíodh go hinmheánach mar gheall ar an ngéarú ar an gcogaíocht ag deireadh mhí na Samhna, tá thart ar 627 000 duine easáitithe go fóill, ar mná agus leanaí 75 % díobh.
Tá rioscaí suntasacha ag baint le filleadh anabaí. Is rud é sin a d’fhéadfadh cur le timthriall an easáitithe laistigh den tSiria agus thar theorainneacha, rud a d’fhéadfadh cur leis an ngéarchéim ar deireadh.
Chomh maith leis an oll-easáitiú, ní mór don tSiria dul i ngleic le ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan. Scriosadh codanna móra de bhonneagar na Siria sa choinbhleacht, lena n-áirítear ospidéil, scoileanna agus tithíocht. Níl aon teach ag formhór na ndídeanaithe le filleadh orthu. Tá ganntanas bia, uisce ghlain agus cúraim leighis i roinnt mhaith réigiúin go fóill. Mar gheall ar an easpa seirbhísí bunúsacha, deiseanna eacnamaíocha agus sábháilteachta, ní mór do na daoine a chineann filleadh dul i ngleic le roinnt mhaith dúshláin chun a saol a chur ar ais le chéile ar bhealach inbhuanaithe díniteach. Tá 90 % de dhaonra na Siria ina gcónaí faoi bhun thairseach na bochtaineachta.
Le roinnt seachtainí anuas, tá méadú suntasach tagtha ar líon na Siriach atá ag filleadh go deonach ón Liobáin, ón Tuirc agus ón Iordáin. Léirítear le réamh-mheastacháin gur fiú an figiúr sin agus 125 000, nó thart ar 7 000 in aghaidh an lae. Cé gur roghanna aonair is cúis leis na fillteacha sin, tá UNHCR tiomanta do thacaíocht a thabhairt dóibh siúd a chinneann filleadh anois.
Cé go bhfuil machnamh á dhéanamh ag roinnt mhaith daoine ón tSiria a bhfuil cónaí orthu san Eoraip ar a shábháilte a bheadh sé filleadh agus ar na seirbhísí agus na deiseanna a bheadh ar fáil dóibh chun a saol a chur ar ais le chéile, is fada leo athaontú lena ngaolta freisin. Ar an gcúis sin, is mian le go leor daoine filleadh abhaile agus cuairteanna gearra a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an staid ar an láthair. Ní mór dóibh a bheith in ann é sin a dhéanamh gan eagla a bheith orthu go gcaillfidís a stádas dídeanaí san Eoraip. Tá na cuairteanna sin chun measúnú a dhéanamh ar an staid fíorthábhachtach chun go ndéanfaidh daoine cinntí eolasacha lena mbainfí amach torthaí níos fearr, lena n-áirítear filleadh sábháilte marthanach.
Ní mór a bheith foighneach agus airdeallach ós rud é go bhfuil muintir na Siria ag fanacht leis na dálaí cearta chun filleadh go sábháilte agus chun go n-éireoidh leo ath-imeascadh ina bpobail. Tá go leor daoine ón tSiria ag smaoineamh ar fhilleadh abhaile agus tá UNHCR réidh chun tacú leo. Tar éis dóibh blianta fada a chaitheamh mar dhaoine easáitithe, d’fhéadfadh sé gur deis é seo a raibh go leor díobh ag súil leis le fada chun deireadh a chur lena tréimhse mar dhídeanaithe agus glacadh le réiteach buan trí fhilleadh ar an tSiria. Sheas an tAontas Eorpach agus UNHCR leo le linn dóibh a bheith ar deoraíocht agus leanfaidh sé de bheith ag seasamh leo agus iad ag filleadh agus ag atógáil Siria nua.
Is é Jean-Nicolas Beuze ionadaí UNHCR san Aontas Eorpach, sa Bheilg, in Éirinn, i Lucsamburg, san Ísiltír agus sa Phortaingéil. Bhí sé ina ionadaí roimhe seo san Iaráic, in Éimin agus i gCeanada. Tá breis agus 27 mbliana de thaithí aige ag obair do na Náisiúin Aontaithe ar an láthair agus sa cheanncheathrú i réimsí éagsúla amhail cearta an duine, an tsíochánaíocht agus cosaint leanaí.