European Economic
and Social Committee
Moltaí CESE chun teacht as an ngéarchéim tithíochta san Eoraip
Le Thomas Kattnig
Mar gheall ar chíosanna a bheith ag ardú, praghsanna réadmhaoine ag imeacht as smacht agus tuarastail nach bhfuil in ann cos a choinneáil leis an mboilsciú, tá fás ar an líon daoine nach bhfuil in acmhainn na praghsanna ar thithíocht a íoc. Is ann dáiríre do ghéarchéim tithíochta san Aontas.
Dá thoradh sin, agus laghdú ar an gcumhacht cheannaigh, tá méadú ar na costais cúraim sláinte, ar an gcaillteanas táirgiúlachta, ar an damáiste don chomhshaol agus ar iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha.
Is é CESE guth na sochaí sibhialta eagraithe, agus creideann sé nach mór beart práinneach a dhéanamh chun an cliseadh margaidh san earnáil tithíochta a leigheas. Dá bhrí sin, iarraimid ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis an bParlaimint, leis na Ballstáit agus leis an tsochaí shibhialta chun pacáiste cuimsitheach de bhearta AE a chur le chéile lena mbunófar na creatdálaí cuí agus an ceart chun tithíochta, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha.
Dá bhrí sin, is díol sásaimh dúinn ceapachán an Choimisinéara um Fhuinneamh agus Tithíocht agus an fógra go ndéanfar faoi cheann 100 lá togra a fhoilsiú maidir le Plean Tithíochta Inacmhainne Eorpach. I measc na rudaí a theastaíonn uainn tá clár trédhearcachta uile-Aontais le haghaidh idirbhearta réadmhaoine, comhordú níos éifeachtaí, nósanna imeachta ceadaithe níos éifeachtúla, pleanáil níos fearr ar an úsáid talún, talamh ar phraghas réasúnta don tithíocht shóisialta, níos mó infheistíochta san athchóiriú agus i bhfoirgnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid, agus an clár ‘An Tithíocht ar dTús’ a thabhairt isteach chun cosaint agus féidearthachtaí a thabhairt arís do dhaoine atá gan dídean. Iarraimid go n-aithneofaí an tithíocht mar cheart bunúsach seachas mar thráchtearra, trína cur san áireamh i ndlí príomha an Aontais Eorpaigh.
Ag an am céanna, aontaímid le tuarascáil Letta gur gá rochtain ar thithíocht shóisialta a leagan síos ar bhonn níos ginearálta sa dlí maidir le státchabhair.
Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go méadófaí go mór an tacaíocht airgeadais a thugtar don tithíocht shóisialta. Ar an gcéad dul síos, ní mór an infheistíocht phoiblí sa tithíocht shóisialta a eisiamh ó rialacha fiachais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Ar an dara dul síos, ba cheart go mbeadh forbróirí neamhbhrabúsacha réadmhaoine agus comharchumainn agus údaráis áitiúla in ann iasachtaí fadtéarmacha saor ó ús a fháil tríd an ardán infheistíochta atá beartaithe nó go díreach ón mBanc Eorpach Infheistíochta.
Fágann na harasáin agus na tithe a bhíonn ar cíos go gearrthéarmach, go háirithe ina lán cathracha móra Eorpacha, go laghdaítear an stoc tithíochta atá ar fáil. Chun dul i ngleic leis an gcás sin, teastaíonn uirlisí éagsúla ar leibhéal an Aontais, mar shampla cáin ar réadmhaoin fholamh agus uasteorainneacha cíosa, ionas gur féidir leis na Ballstáit beart iomchuí a dhéanamh.
Ní mór aird ar leith a thabhairt freisin a) ar riachtanais tithíochta daoine óga a shásamh trí chláir spriocdhírithe ar nós ‘Tithíocht ar dTús don Óige’ (HF4Y) agus b) ar dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh.
Le gur féidir a chinntiú go mbeidh tithíocht ar fáil ar phraghas réasúnta, agus go mbeidh an tithíocht sin inbhuanaithe freisin, ba cheart tús áite a thabhairt d’athchóiriú agus d’iarfheistiú seanfhoirgneamh seachas foirgnimh nua a thógáil. Chun na hathchóirithe sin a éascú, iarraimid go mbeadh meascán de bhearta éigeantacha agus de bhearta tacaíochta ann chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí cothroma ar son na haeráide. Tá gá le huirlisí tacaíochta chun go mbeidh ar chumas gach duine, gan beann ar a staid airgeadais, athchóirithe teirmeacha agus fuinnimh a dhéanamh. Ag an am céanna, ní mór oibleagáidí a leagan síos d’úinéirí réadmhaoine, go háirithe tiarnaí talún, chun tionóntaí a chosaint ar arduithe iomarcacha cíosa mar thoradh ar thiarnaí talún a bheith ag cur na gcostas breise ar na tionóntaí.
Ar deireadh, is mian linn a chur i bhfios go láidir go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ag déanamh dochair ní hamháin do cháilíocht saoil shaoránaigh na hEorpa ach go bhfuil sí ag cur dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais i mbaol freisin. Dá bhrí sin, tá gá le straitéis tithíochta Eorpach chun an soláthar tithíochta a mhéadú, chun bearta a thabhairt isteach ar mhaithe leis na costais tógála a laghdú, chun cuidiú le huas-sciliú an lucht saothair, chun an táirgiúlacht a mhéadú agus chun feidhmíocht comhshaoil an tionscail tógála a fheabhsú.