European Economic
and Social Committee
Staidéar nua ó CESE dírithe ar thithíocht inacmhainne inbhuanaithe san Aontas Eorpach
le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE
Idir 2010 agus 2022, tháinig ardú 47 % ar phraghsanna tithíochta san Aontas. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 18 % ar chíosanna. De réir Eurostat, in 2023, chaith os cionn 10 % de na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i gcathair agus 7 % díobh siúd i gceantair thuaithe breis agus 40 % dá n-ioncam indiúscartha ar chóiríocht. Chun léargas níos fearr a thabhairt ar ar féidir linn a dhéanamh chun an tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe do mhuintir uile na hEorpa, rinne CESE staidéar a choimisiúnú ina bhfiosraítear réitigh bheartais éagsúla. Anseo thíos, cuirimid agallamh ar chomhúdair an staidéir an t-eacnamaí Agnieszka Maj agus Karolina Zubel, Stiúrthóir Comhshaoil, Fuinnimh agus Athraithe Aeráide leis an Lárionad um Thaighde Sóisialta agus Eacnamaíoch (CASE), chun plé a dhéanamh ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn.
Cad leis a mbaineann an staidéar seo ó CESE agus cén tábhacht atá leis?
Is staidéar é seo ar thithíocht inacmhainne inbhuanaithe san Aontas Eorpach, nó ar an ngá atá léi. Leagtar béim ann ar an ról atá ag an digiteáil (an intleacht shaorga, ceadanna digiteacha tógála, bunachair sonraí ábhartha) agus ag struchtúir an gheilleagair shóisialta. Caitear súil ar roinnt cás-staidéar chun spléachadh a thabhairt dúinn ar roinnt iarrachtaí nuálacha atá déanta chun feabhas a chur ar chúrsaí inacmhainneachta, inrochtaineachta agus inbhuanaitheachta i réimse na tithíochta. Cuirtear roinnt moltaí inghníomhaithe chun cinn sa staidéar le haghaidh 2030 agus 2050, i gcomhréir le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht, cothromas sóisialta agus fás eacnamaíoch. Tugtar forléargas straitéiseach ann freisin chun cabhrú linn beartais tithíochta a chur in oiriúint do dhúshláin atá ag athrú, gan dea-bhail an phobail a ligean i ndearmad.
Cad iad príomhthorthaí an staidéir?
Tugann an digiteáil deis shuntasach dúinn feabhas a chur ar chúrsaí éifeachtúlachta i bpleanáil, tógáil agus bainistiú tithíochta. D’fhéadfadh sí, cuir i gcás, costais a laghdú agus inbhuanaitheacht a fheabhsú. Mar sin féin, tá an méid is féidir a choigilt a bhuí leis an digiteáil srianta faoi láthair toisc bacainní a bheith ann a fhágann nach féidir forbairtí digiteacha a ghlacadh. Ar na príomhbhacainní sin, tá dearcthaí na ngeallsealbhóirí traidisiúnta, an toradh íseal a mheastar a bhíonn ar infheistíocht, costais arda cur chun feidhme, agus easpa dreasachtaí, oiliúna agus rialachán. Ionas gur féidir leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na digiteála, tá sé ríthábhachtach tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa bhonneagar digiteach, mar shampla chun gur féidir le hardáin dhigiteacha a bheith idir-inoibritheach.
Nuálaíocht beartais a bhfuil gealladh fúithi is ea eintitis an gheilleagair shóisialta (comhlachais tithíochta brabúis theoranta, eagraíochtaí leasa phoiblí, comharchumainn) a thabhairt isteach san obair chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin tithíochta atá ann faoi láthair. Cuireann na heintitis sin réitigh tithíochta chostéifeachtacha dhea-dheartha ar fáil a chothaíonn comhtháthú pobail agus a chuireann cobhsaíocht fhadtéarmach tithíochta chun cinn. Sa Vín, mar shampla, cuirtear 30 % de gach teach a thógtar i leataobh do thithíocht neamhbhrabúis agus tithíocht brabúis theoranta. Tá ról thar a bheith tábhachtach aige sin maidir le margadh tithíochta na cathrach a chobhsú trí thionchar maolaithe ar phraghsanna a chothú. Cabhraíonn sé sin leis an tithíocht a ligtear ar cíos a choinneáil inacmhainne agus fágann sé nach mbíonn aon saobhadh margaidh ann.
Ar bhonn na dtorthaí, cad iad na príomhbhearta a mholfadh sibh agus cé na réimsí taighde eile ba cheart a fhiosrú?
Sa mheántéarma, ba cheart tús áite a thabhairt i mbeartais tithíochta an Aontais do ‘Chomhaontú Nua Eorpach le haghaidh Tithíocht Shóisialta Inbhuanaithe Inacmhainne’ a thabhairt isteach chomh maith le ‘Treoir Tithíochta’ chun go mbeadh cur chuige aontaithe ann ar fud na mBallstát. Ba cheart do na tíortha samhlacha nuálacha a chur chun cinn, comharchumainn agus tithíocht brabúis theoranta, cuir i gcás. Ba cheart dóibh freisin tacaíocht airgeadais sholúbtha a chur ar fáil agus uirlisí digiteacha a ghlacadh chucu chun réitigh tithíochta a fheabhsú.
San fhadtéarma, ba cheart cur chuige straitéiseach inbhuanaithe a ghlacadh i dtaca le beartais tithíochta agus béim a leagan ar réitigh áitiúla agus ar fhaireachán leanúnach. Ní mór an digiteáil a rialú ar mhaithe lena caighdeánú agus cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a chur ar bun, amhail iasachtaí bainc a dheonú le haghaidh cúrsaí ciorclaíochta san earnáil tógála, dreasachtaí cíosa a thabhairt bunaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, agus tionscnaimh maoiniúcháin a thosú ar leibhéal an phobail áitiúil. Anuas air sin, ba cheart coincheap na ‘tithíochta sóisialta’ a leathnú chun teaghlaigh atá ar mheánioncam a chur san áireamh. Bheadh sé sin cosúil le samhail na ‘tithíochta sochaí’ atá ann sa Vín, a chuireann meascán sóisialta chun cinn agus a chuireann cosc ar an uaisliú. Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go ndíreofaí ar thithíocht nua a thógáil agus ar athchóirithe agus go mbainfí athearraíocht as foirgnimh nach bhfuil in úsáid chun freastal go héifeachtach ar riachtanais tithíochta.
Ba cheart díriú sa taighde a dhéanfar amach anseo ar chuir chuige chuimsitheacha i dtaca le pleanáil uirbeach, tógáil agus soláthar tithíochta chun feabhas a chur ar an teacht atá ag na saoránaigh go léir ar thithíocht. Ba cheart breathnú ann freisin ar an tionchar atá ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga agus an t-uathoibriú, ar choigilteas costais agus ar éifeachtúlacht i bhforbairt agus i mbainistiú tithíochta. Ar deireadh, ba cheart taighde a dhéanamh ar na samhlacha nuálacha tithíochta atá ann ar fud na mBallstát chun straitéisí a shainaithint a d’fhéadfadh inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht araon a fheabhsú.
Rinne CESE an staidéar a choimisiúnú arna iarraidh sin do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta.