Ba cheart do Bhallstáit an Aontais rannpháirtíocht chuimsitheach, oscailteacht agus trédhearcacht leis an tsochaí shibhialta a éascú i ngach réimse de bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí. Baineann sé sin le pobail óstacha atá ann faoi láthair agus pobail óstacha a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ós rud é go dtiocfaidh méadú ar ghiniúint bhliantúil na dramhaíola radaighníomhaí sna deich mbliana amach romhainn agus ina dhiaidh sin.

dtuairim a glacadh le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CESE seasamh docht. Tá sé maíte aige gur cheart an cistiú atá ar fáil a úsáid chun gur fearr is féidir le grúpaí na sochaí sibhialta, go háirithe pobail áitiúla atá gar do shuiteálacha núicléacha, páirt neamhspleách a ghlacadh i dtionscadail agus i staidéir ina ndéantar measúnú ar an rannpháirtíocht agus ar an trédhearcacht i mbainistiú dramhaíola radaighníomhaí.

Molann CESE do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na bealaí inar féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta maidir le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, agus ar an dóigh a gcinntítear an trédhearcacht. ‘Iarrann CESE ar na Ballstáit bearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar faireachán agus nochtadh rialta ar an bhforbairt chomhshaoil, ar fhorbairt na sláinte poiblí agus ar an bhforbairt shocheacnamaíoch i réimsí a bhaineann le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí,’ a dúirt an rapóirtéir, Alena Mastantuono.

Ba cheart do na Ballstáit an fhreagracht a ghlacadh orthu féin ionas nach mbeidh ualach ar na glúnta atá le teacht dramhaíl núicléach a phróiseáil, beag beann ar chineál, saolré ná leibhéal guaise na dramhaíola sin.

Ós rud é gur féidir sciar ard de bhreosla núicléach úsáidte a athphróiseáil, ba cheart ábhair inscoilte a athchúrsáil chun laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le soláthar úráiniam nádúrtha chun imoibreoirí núicléacha a oibriú. Dá mbainfí úsáid as straitéisí an gheilleagair chiorclaigh d’fhéadfadh na Ballstáit íoslaghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola ar gá dul i ngleic léi le straitéisí bainistithe dramhaíola.

‘Ba cheart do na Ballstáit a chinntiú go gcuirfear san áireamh sna measúnuithe costais maidir le díchoimisiúnú agus bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí méaduithe costais le himeacht ama. Ba cheart dóibh a chinntiú freisin gur leor an cistiú chun na costais iarbhír a chlúdach,’ a dúirt an comhrapóirtéir, Christophe Quarez. (mp)