European Economic
and Social Committee
Seachtain na Sochaí Sibhialta 2025: Tábhacht na sochaí sibhialta chun an deighilt atá san Eoraip a réiteach
Tá sé de neart in eagraíochtaí na sochaí sibhialta spásanna sibhialta agus daonlathacha a chosaint. Ní hamháin sin, ach tá díocas orthu é sin a dhéanamh chomh maith. Ós mar sin don scéal, is orthusan atáimid ag brath chun an comhtháthú a neartú le deireadh a chur leis an deighilt atá ann sa tsochaí. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta, arna reachtáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don dara bliain chun plé a dhéanamh ar threocht scanrúil na deighilte forleithne ar fud shochaithe an Aontais.
Tháinig os cionn 800 duine, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí óige, chomh maith le geallsealbhóirí agus iriseoirí, le chéile in CESE ón 17 go dtí an 20 Márta in onóir Sheachtain na Sochaí Sibhialta chun tuairimí a roinnt agus chun plé a dhéanamh ar conas comhtháthú agus rannpháirtíocht a neartú sa tsochaí atá scoilte go mór.
Le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta bhí 14 sheisiún a d’eagraigh comhaltaí Ghrúpa Idirchaidrimh CESE agus comhpháirtithe Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Bhí searmanas bronnta Dhuais Sochaí Sibhialta CESE mar chuid den tseachtain freisin. Dhréachtaigh na rannpháirtithe sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí agus príomhéileamh ionas go mbeadh an tsochaí níos comhtháite, lena n-áirítear:
- An comhtháthú a mhéadú trí mheán an oideachais agus an chultúir;
- Tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil;
- Rannpháirtíocht an phobail a neartú trí bhíthin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh;
- Aistriú cóir cuimsitheach agus fás glas agus gorm a áirithiú;
- Straitéis láidir Eorpach don tsochaí shibhialta a thógáil;
- Tacaíocht agus cistiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a threisiú;
- Daoine óga a spreagadh chun Eoraip atá níos láidre agus níos athléimní a mhúnlú;
- Borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin teicneolaíocht ar son leas an phobail.
Ag an seisiún clabhsúir, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán CESE, Oliver Röpke: ‘Agus muid ag deireadh an dara imeacht de Sheachtain na Sochaí Sibhialta, is mór an spreagadh dom fuinneamh, athléimneacht agus tiomantas ghníomhaithe na sochaí sibhialta ó gach cearn den Eoraip. Is léir ón tseachtain seo, nuair a thagann an tsochaí shibhialta le chéile, gur féidir linn réitigh a chruthú lena neartaítear an daonlathas, lena gcothaítear an comhtháthú sóisialta agus lena dtógtar Eoraip a fhóireann dá saoránaigh.’
Ón gCoimisiún Eorpach, chuir Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas, béim ar an ról ríthábhachtach atá ag ESSanna sochaithe a threorú trí bhunluachanna Eorpacha a chur chun cinn.
D’iarr Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Victor Negrescu, go láidir go rachfaí i mbun gnímh agus d’iarr sé ar ESSanna a neart a léiriú agus freagairt don reitric ionsaitheach: ‘Tá sochaí shibhialta láidir agus fíor-chomhpháirtíocht idir an tsochaí shibhialta agus cinnteoirí de dhíth orainn chun cur go comhpháirteach le sochaí sheasmhach a mbeidh fíorthionchar aici ar shaol na ndaoine.’
Chuir ionadaithe ó ESSanna i bhfios go láidir go bhfuil níos mó i gceist le sochaithe sibhialta ná soláthraithe seirbhíse; is cuid ríthábhachtach den daonlathas agus den rannpháirtíocht iad. Rinne Nataša Vučković, Ard-Rúnaí Fhondúireacht an Lárionaid um an Daonlathas sa tSeirbia, a chur in iúl go raibh sí dóchasach gur féidir leis an tsochaí shibhialta ról ríthábhachtach a bheith aici chun dul i ngleic le bunchúiseanna agus scaipeadh insintí frithdhaonlathacha agus frith-Eorpacha, bíodh sé san Aontas nó sna tíortha is iarrthóirí. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an Aontas Eorpach a dhíchódú agus trína chinntiú go mbainfidh na saoránaigh uile tairbhe as ina saol laethúil. (at)