European Economic
and Social Committee
Is minic a ritheann sé liom nuair a bhíonn an saol ag breith bog orm gurb amhlaidh atá mo mhaidí ligthe le sruth agam. Ar a shon sin, is é an cuspóir a chuirimid romhainn agus córais fheidhmiúla á gcruthú againn ná a chinntiú go n-oibríonn siad mar is cóir, i bhfocail eile go n-oibríonn siad go héifeachtach agus go dea-fheidhmiúil. Is é an t-idirdhealú is gnách liom a dhéanamh ina thaobh seo ná gur cheart do phróisis feidhmiú go rianúil ach i dtaca le hinneachar de gur cheart dó ár ndúshlán a thabhairt.
B’fhonn liom riamh a chinntiú go dtabharfadh mo chuid oibre in CESE mo dhúshlán i gcónaí agus an uair is mó a bhíonn mo dhúshlán á thabhairt aici gur lena linn sin is féidir teacht ar na réitigh is mó luach.
B’ábhar mearbhaill dom na próisis agus na modhanna oibre a bhí i réim anseo nuair a rinneadh ball díom an chéad lá, pé acu a bhí mé ag iarraidh an seomra cruinnithe ceart a aimsiú nó an cnaipe cainte a bhrú ag an nóiméad ceart agus mé ag iarraidh labhairt le linn díospóireachta.
I gcás comhaltaí atá ag dul i gceann oifige den chéad uair, seans nach rachaidh sibh i dtaithí ar na nósanna sin go dtí go mbeidh roinnt cruinnithe curtha díbh agaibh. Taithí a dhéanann máistreacht. Ar ndóigh, is cabhair mhór freisin na sosanna caife agus a bheith i gcomhluadar daoine sna dorchlaí chun eolas a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn cúrsaí sna Coistí.
Ós rud é nach féidir linn dul i dtaithí ar an láthair oibre nua anois faoi mar a dhéanaimis de ghnáth, fágann sin gurbh éigean dúinn tús a chur leis an téarma oifige seo ar dhóigh eile ar fad. Ní léir fiú amháin cé na daoine atá tar éis filleadh orainn agus cé na daoine nár fhill. Ní furasta do chomhaltaí nua eolas a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn CESE agus dinimicí na láithreach oibre a thuiscint.
Is léir dúinn gur féidir leis an gCoiste feidhmiú go cianda. Is móide an tábhacht a shamhlaímid anois le teagmháil a dhéanamh le comhaltaí duine le duine dá bhrí sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann theicniúil an Choiste. Tarraingíodh aird ar an tábhacht thar meán atá leo mar oibrithe fíor-riachtanacha sa mhéid go n-éascaíonn siad ár gcuid oibre dúinn.
A bhuí leo sin, feidhmíonn an próiseas go rianúil agus go héifeachtach agus is fusa linn dul i dtaithí ar an modh oibre nua seo.
Is maith liom a cheapadh ós rud é go mbíonn orainn oibriú go cianda agus gach duine againn ag obair ón mbaile (cibé acu ón oifig sa bhaile, ón gcistin nó ón seomra suite féin é sin) go mothaímid níos gaire dá chéile ar chuma éigin. Is maith liom a cheapadh gur meabhrú beag é sin gurb ionann cás dúinn uile agus ár ndícheall á dhéanamh againn sa spás oibre nua seo.
Is cinnte liom gur móide an meas a bheidh againn ar ár láthair oibre nuair a fhillfimid ar sheomraí an fhoirgnimh JDE athuair agus tá súil agam gur móide an tuiscint a bheidh againn dá chéile an uair sin freisin agus sinn ag iarraidh ábhar luachmhar a chur i láthair an Aontais Eorpaigh.