Tacaíonn CESE, ar an iomlán, le straitéis nua 2021-2025 an Aontais in aghaidh na gáinneála ar dhaoine. Mar sin féin, tarraingíonn sé aird ar an ngá atá leis an ngné shóisialta a chur san áireamh inti.
Ó thaobh chearta na n-íospartach agus na gné sóisialta de, ní leor an méid atá i straitéis nua an Aontais maidir le cur i gcoinne na gáinneála. Dar le CESE, ní láimhseáiltear cás na n-íospartach ar bhealach atá daonnachtúil i gcónaí inti.
Ar an ábhar sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag rapóirtéir CESE, Carlos Manuel Trindade:
Tá an méid airgid a dhéantar ar an ngáinneáil agus an líon daoine atá thíos léi araon ag dul i méid. Dá bharr sin, is díol sásaimh do CESE go dteastaíonn ón gCoimisiún go gcuirfí an Treoir maidir le Frithgháinneáil chun feidhme sna Ballstáit go léir agus go ndéanfaí athbhreithniú uirthi de réir measúnú críochnúil ar na lochtanna atá uirthi agus ar na hathruithe a thagann ar réimse na gáinneála ar dhaoine.
Lena chois sin, cuireann CESE i bhfios an gá atá leis na smachtbhannaí a fheabhsú. Tá sé i bhfabhar freisin caighdeáin íosta a chur ar bun ar leibhéal an Aontais chun líonraí a choiriúlú a bhfuil baint acu le cuid ar bith de phróiseas na gáinneála agus an teacht i dtír ar dhaoine.
An ghné shóisialta a chur san áireamh i gcur chun feidhme na straitéise
Teip ghlan atá sa straitéis ó thaobh foráil a dhéanamh maidir le cearta na n-íospartach a aithint agus a fhorfheidhmiú, ar gnéithe ríthábhachtacha den scéal iad agus an fód á sheasamh ar son dhínit agus chearta an duine. Níor mhór an ceart a dheonú do na híospartaigh a bheith lánpháirtithe sa tsochaí óstach trí mhearphróiseas lánpháirtíochta iomchuí.
Cuirtear i bhfios sa tuairim freisin an gá atá le dálaí eacnamaíocha agus sóisialta fiúntacha fónta a chruthú don phobal sna tíortha tionscnaimh, óir is amhlaidh is fearr a chuirfear srian nó cosc le gabháil na n-íospartach gáinneála.
Ar deireadh, ba cheart aitheantas a thabhairt sa straitéis nua don tacaíocht shuntasach a chuireann líonraí dlúthpháirtíochta an phobail ar fáil chun íospartaigh a chosaint, chun fáilte a chur rompu agus chun iad a thabhairt isteach sa tsochaí. Ba cheart aitheantas a thabhairt freisin do dhea-obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta. (at)