Le Grúpa na nOibrithe in CESE
Ainneoin gur luadh in aitheasc 2021 ar Staid an Aontais na príomhdhúshláin go léir atá ag bagairt ar an Eoraip, tá roinnt easnamh ann ó thaobh uaillmhéine agus soiléireachta de.
Níl aon amhras go bhfuil tábhacht le hathchóirithe struchtúracha ach ba cheart díriú sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, arna gcur chun tosaigh sa pháipéar seasaimh ó Ghrúpa na nOibrithe agus in ionchur CESE i gclár oibre an Choimisiúin Eorpaigh 2022, ar an éagothroime agus an bhochtaineacht a chomhrac agus ar phoist a thabhairt ar ais dóibh siúd a chaill a bpost, agus aird faoi leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar bhochtaineacht lucht oibre atá ag dul i méid.
Ní dhearnadh trácht san aitheasc ar fhorbairt phróiseas cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an gColún Sóisialta ná ar chosaint d'oibrithe ardáin a neartú. Déantar an tagairt thearc chéanna don cheartas sóisialta agus don chothroime shóisialta sa litir intinne a ghabhann leis. Is beag eile a mholann na tograí a dhéantar inti seachas comhaontuithe OECD maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme.
Bíodh is gur díol sásaimh iad na comhaontuithe sin, ba cheart don Aontas Eorpach a bheith ina cheann feadhna i ndáil leis sin. Tá a fhios ag an saol go ndéanfaidh roinnt Ballstát iarracht cur in éadan na seachanta cánach. Mura bhfuil misneach polaitiúil i dtaca leis sin ag an bhfeidhmeannas, is beag is féidir a bhaint amach.
Is díol molta é go bhfuil toirmeasc curtha ar an saothar éignithe. Ba cheart é sin a bheith nasctha leis an dícheall cuí agus le cearta an duine a ráthú ar fud an domhain, agus ba cheart tograí breise a dhéanamh freisin d’fhonn dul i ngleic le hobair fhorbhásach agus le tréimhsí oiliúna gan íocaíocht. Tá an phráinn chéanna le bearta maidir leis an athrú aeráide agus atá leis na bearta sóisialta nach mór a bheith ag gabháil leo. Más uainn cásanna dála cás na gilets jaunes a sheachaint ar fud an Aontais, is gá dul i ngleic go cinntitheach leis an mbochtaineacht fuinnimh agus ní mór cistí agus gníomhaíocht rialála a bheith éifeachtach agus leordhóthanach.
Is fada an bóthar amach romhainn agus ní féidir na maidí a ligean le sruth tráth atá na milliúin Eorpach nach bhfuil in acmhainn an teas a chur ar siúl agus na córais chómhargála lagaithe. San am céanna, seachnaíonn roinnt mórchuideachtaí cáin agus tá breoslaí iontaise fós a bhfóirdheonú. Ní féidir linn a bheith díomhaoin fad nach bhfuil breis agus leath den domhan vacsaínithe. Ní mór an dlúthpháirtíocht a bheith ina prionsabal treorach chun todhchaí níos cothroime a chinntiú do chách. (pr)