An tacsanomaíocht airgeadais inbhuanaithe: uirlis ríthábhachtach chun tacú le hinfheistíocht ghlas agus chun an t-athrú aeráide a chosc

Tá bearta éifeachtúla ag teastáil go práinneach ón Aontas chun astaíochtaí a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuige sin, leis an bpacáiste um maoiniú inbhuanaithe ón gCoimisiún Eorpach, d’fhéadfaí creat soiléir cuimsitheach a bhunú ina bhféadfaí geilleagar ní ba ghlaise a fhorbairt agus éifeachtaí glasála á seachaint.

Sa tuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Mheán Fómhair, ceann a dhréachtaigh Stefan Back, tugann CESE a lánthacaíocht do na bearta ón gCoimisiún a dhíríonn ar chaighdeáin a leagan síos i gcomhair an tsainmhínithe ar ‘ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe’. Mar sin féin, tugann sé le fios go bhféadfadh cuid de na gnéithe lena mbaineann dúshlán casta costasach a thabhairt, go háirithe i gcás FBManna.

Dar le CESE, tá sé tábhachtach sainmhíniú soiléir a thabhairt ar na critéir theicniúla a bhaineann leis na hinfheistíochtaí glasa a rannchuidíonn go díreach le spriocanna aeráide na hEorpa agus ar critéir iad ar gá do chleachtais na n-earnálacha gnó agus airgeadais a bheith i gcomhréir leo. D’fhéadfaí mearbhall a chur ar dhaoine agus caighdeáin á leagan síos a imíonn ó uascheanglais reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, molann CESE na ceanglais sin a neartú.

‘Is é is aidhm leis na bearta ón gCoimisiún a chur ar chumas na n-infheisteoirí a gcuid infheistíochtaí a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí agus réimsí gnó atá níos inbhuanaithe. Is é an rud atá ag teastáil uainn ná uirlisí éifeachtúla nuálacha fiúntacha atá éasca le cur i bhfheidm agus a mbíonn torthaí tapa soléire orthu. Is leis an tuiscint sin ba cheart an measúnú a dhéanamh ar an Rialachán tarmligthe maidir le tacsanomaíocht airgeadais inbhuanaithe’, a dúirt an tUasal Back. (mp)