Ní mór dúinn an bealach ina ndéanaimid gnó san Eoraip agus ar fud an domhain a athrú, ach ba cheart, in ainneoin ghéarchéim COVID-19, gurb iad spriocanna fadtéarmacha an Aontais maidir le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na colúin ar a dtógfar ár dtodhchaí, mar a bhí go dtí seo. Sa tuairim uaidh maidir le fás eacnamaíoch inbhuanaithe ar fud an AE a fheabhsú, a dhréachtaigh Philip von Brockdorff agus a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Iúil, cuireann an Coiste i bhfios go láidir gur deis í an ghéarchéim chun athmhachnamh a dhéanamh ar an tslí ina ndéanann cuideachtaí san Aontas gnó agus chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanann siad amhlaidh. Níor cheart sin a bheith ina iarraim cúis, áfach, leis an mbonn a bhaint de na cuspóirí atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, i Straitéis 2020 don Fhás Inbhuanaithe agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Le linn na díospóireachta iomlánaí, dúirt an tUasal von Brockdorff "gur gá athrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn gnólachtaí laistigh den Aontas agus ar fud an domhain de dheasca na bhfadhbanna eacnamaíocha atá ann mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19. Tá sé cruthaithe go bhfuil na slabhraí soláthair leochaileach agus gur gá a slándáil a áirithiú. Is gá d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais athmhachnamh a dhéanamh ar straitéisí na slabhraí soláthair, lena n-áirítear an t-éagsúlú, agus na slabhraí soláthair in earnálacha éagsúla a chur ag luí le chéile arís. Tá cineál éigin dídhomhandaithe earnála de dhíth freisin, ar a laghad i gcás gnólachtaí AE a tháirgeann earraí riachtanacha, agus ba cheart dóibh smaoineamh ar a monarchana monaraíochta a athlonnú san Eoraip".

D’fhonn an fás inbhuanaithe a chur i gcrích sna blianta beaga atá amach romhainn, ní mór dúinn geilleagar na hEorpa a atreorú, agus aird á tabhairt ar cholúin na hinbhuaine comhshaoil, na ngnóthachan táirgiúlachta, na cothroime, an dul chun cinn shóisialta agus na cobhsaíochta maicreacnamaíche.

Ní mór don Aontas Eorpach ról níos lárnaí a bheith aige sa trádáil dhomhanda. Tá sé sin ríthábhachtach do chuideachtaí AE agus dá n-ionchais ghnó. Maidir le gnólachtaí domhanda atá ag feidhmiú i margadh domhanda, tá cothrom iomaíochta riachtanach freisin i gcás raon leathan réimsí, amhail caighdeáin idirnáisiúnta saothair, iomaíocht chóir agus comhlíonadh na spriocanna maidir leis an athrú aeráide. (mp)