Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Gan dabht ar bith is ócáid ar leith í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cloch mhíle, agus fíor-réimse poiblí Eorpach a bhfuil géarghá leis, á chruthú. Is den riachtanas é teagmháil a dhéanamh le saoránaigh, rannpháirtiú na sochaí sibhialta, na gceardchumann agus na n-eagraíochtaí gnó, chun go n-éireoidh léi. Beidh saincheisteanna á bplé, idir dhaonlathas na hEorpa agus cheartas sóisialta, idir phoist agus an comhshaol, idir imirce agus an t-athrú aeráide, ceisteanna atá mar dhúshláin mhóra don lá atá inniu ann agus do thodhchaí ár mór-roinne agus ár dtíortha.

Fágann a leithéid de chlár oibre uaillmhianach go mbeifear ag súil le mórán ón gComhdháil agus údar maith leis sin. Mar sin féin, d'fhéadfadh buntáistí agus míbhuntáistí araon a bheith leis an dóchas, agus mura ndéantar fíordhíospóireachtaí agus tograí praiticiúla de na mórthopaicí sin, mura n-éiríonn leo na saoránaigh lasmuigh de bholgán na Bruiséile a rannpháirtiú agus dul i dteagmháil le saoránaigh agus le hoibrithe ar fud na hEorpa, is féidir an dóchas a mhilleadh go tapa. Tá an baol ann go gcuirfeadh a leithéid le timpeallacht na míshástachta a léirítear trí theacht chun cinn an antoisceachais agus an phobalachais. Próiseas fada is ea an plé polaitiúil, go háirithe má iarrtar ar ghnáthshaoránaigh ábhair an-chasta a phlé. Agus cé gur deis atá ann, fágann an tréimhse ghearr a sannadh don chomhdháil ina hiomláine, agus an t-ábhar teoranta a cuireadh ar fáil go dtí seo, gan ann ach achoimre garbh ar an seisiún iomlánach tosaigh, go bhfuil an baol nach mbeidh ann de thoradh na comhdhála ann ach sraith smaointe agus dearbhuithe ginearálta.

Is cuid bhunúsach den Chomhdháil iad na Painéil Saoránach, arna dtabhairt as measc saoránaigh ar fud na mBallstát le bheith ina sampla ionadaíoch de shaoránaigh an Aontais. Mar sin féin, agus an chéad phainéal le bheith ar siúl i mí Mheán Fómhair, níl aon fhaisnéis ann fós faoi céard go baileach a bheidh á bplé, ós rud é go bhfuil torthaí na chéad tuarascála eatramhaí, arna déanamh ag conraitheoir seachtrach ar bhonn aighneachtaí ar líne, fós le foilsiú. Is cinnte go bhféadfaí smaointe ó lasmuigh a chur san áireamh sa phlé polaitiúil a bhuí sin, ach tá an baol ann freisin go bpléifí an iomarca saincheisteanna éagsúla nó go ndéanfaí neamhaird de cheisteanna bunúsacha, ag brath ar an rannpháirtíocht ar líne sna míonna roimh ré agus ar chritéir an chonraitheora sheachtraigh. I bhfianaise go bhfuil deireadh na Comhdhála socraithe do mhí an Mhárta, agus gan ach trí chruinniú sceidealta in aghaidh an phainéil, tá an baol ann go gcaillfear an móiminteam. Saincheist bhunúsach eile atá ann, go háirithe ar thaobh ionadaíoch an phróisis pholaitiúil, ná, na Grúpaí Oibre Iomlánacha CoFoE agus na seisiúin iomlánacha, ina mbeidh comhaltaí CESE rannpháirteach. Tá an dáta tosaithe ag druidim linn ach fós níl aon eolas curtha ar fáil seachas teidil na ngrúpaí.

Má táthar chun a lánacmhainneacht a fhorbairt, agus teagmháil a dhéanamh le saoránaigh lasmuigh de bholgán na Bruiséile, ní mór don Chomhdháil seasaimh agus tograí nithiúla a fhorbairt, chun go dtarlódh próiseas na caibidlíochta agus gur féidir le gnéithe ionadaíocha agus rannpháirtíochta an daonlathais oibriú le chéile. Mar cheardchumannaithe, déanfaimid ár ndícheall chun é sin a bhaint amach, agus chun a chinntiú go gcuirfear saoránaigh agus oibrithe i dtús áite, ach chun go n-oibreoidh an méid sin, beidh gá le trédhearcacht an tsreafa faisnéise, agus b’fhéidir go gcaithfí breis ama a chur leis. (ppr)