Go pointe áirithe, is príosúnaigh muid i ré seo na bpaindéimí iomadúla – táimid faoi laincis ag ár leochaileacht agus ag na hábhair imní agus na hábhair dhóchais atá againn...

Tar éis an tsaoil, de dheasca an choróinvíris, tá paindéimí iomadúla ag titim amach san am céanna agus tá siad ag déanamh treisiú ar éifeachtaí díobhálacha a chéile.

Ón taobh sin de, céim mhisniúil chun cinn ó na hinstitiúidí Eorpacha agus ó chomhpháirtithe sóisialta na hEorpa atá sa Chruinniú Mullaigh Sóisialta a tionóladh in Porto i mí na Bealtaine 2021.

Dá thoradh sin, tá treochlár láidir againn a bheidh mar threoir ag na Ballstáit agus an tAontas chun athchóirithe struchtúracha móra, infheistíocht tháirgiúil, fás, iomaíochas, fostaíocht agus folláine níos fearr shaoránaigh an Aontais a chinntiú gan mhoill.

Ní féidir gné shóisialta a bheith ann gan bunús eacnamaíoch láidir. Is den ríthábhacht iad an t-iomaíochas agus táirgiúlacht níos airde, an tsláinte agus an tsábháilteacht bunaithe ar scileanna agus ar eolas chun folláine shochaithe na hEorpa a chinntiú. Is réamhriachtanais iad fás eacnamaíoch agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil chun gné shóisialta an Aontais a neartú. Is mithid anois na buanna a bhaineann le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a threisiú agus fáil réidh leis na laigí a bhaineann leis.

Eoraip shóisialta atá san Eoraip, mar a bhí i gcónaí. Is eiseamláir dhomhanda é ár ngeilleagar sóisialta margaidh – a bhfuil ardmheas ag cuid mhór daoine air agus a bhfuil éad ar dhaoine eile leis. Is ann do chreat sóisialta forleathan acquis ina leagtar síos prionsabail bhunaidh, treoirlínte agus a chomhlánaíonn agus a chomhordaíonn reachtaíocht agus beartais shóisialta na mBallstát.

I dtaca le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuirtear treoir fhóinteach ar fáil sa Phlean Gníomhaíochta arna gcur i láthair ag an gCoimisiún, lena n-áirítear i réimsí na fostaíochta, na scileanna, na sláinte agus na cosanta sóisialta.

Aon tionscnamh nó aon bheart a áirítear sa Plean Gníomhaíochta, ní mór tabhairt faoi ar an leibhéal iomchuí agus na hinniúlachtaí éagsúla, na cumhachtaí éagsúla agus na róil léirshainithe atá ag an Aontas, na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta maidir le fostaíocht agus beartas sóisialta á gcur san áireamh agus á n-urramú.

Is éard atá i gceist leis sin urraim a thabhairt do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, do thimpeallachtaí socheacnamaíocha éagsúla agus d’éagsúlacht na gcóras náisiúnta, lena n-áirítear ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Is díol sásaimh dom go háirithe go ndírítear i nDearbhú Porto agus sa Phlean Gníomhaíochta ar phoist agus ar scileanna. Tá an inbhuanaitheacht iomaíoch i gcroílár gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, faoi mar a luaitear sa réamhrá a ghabhann leis an bPlean Gníomhaíochta. Is é geilleagar láidir athléimneach atá bunaithe ar bheartais eacnamaíocha fónta a chur chun feidhme ar fud na hEorpa agus ar leas a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le lucht saothair nuálach oilte an t-aon bhunchloch atá oiriúnach chun fíorghné shóisialta láidir a chinntiú san Eoraip.

Leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, beidh gá le tuilleadh infheistíochta san oideachas, sa ghairmoiliúint, san foghlaim ar feadh an tsaoil agus san uas-sciliú agus san athsciliú, i.e. cur chuige pragmatach níos fearr i leith an oideachais agus scileanna.

Dar le rannóg SOC, tá na tosaíochtaí polaitiúla agus an plean gníomhaíochta don bhliain seo i gcomhréir leis na conclúidí ón gCruinniú Mullaigh in Porto. Táimid tiomanta leanúint de bheith ag obair go dian agus na tuairimí a bhfuil gá leo a thabhairt thar ceann na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ní mór do CESE cur leis an ról réamhghníomhach atá aige chun luachanna an Aontais a chosaint agus a chaomhnú.

Chun a thuiscint cén fáth ar cheart do Bhallstáit an Aontais bearta a chomhordú ar leibhéal an Aontais ar bhealach níos marthanaí agus níos doimhne d’fhonn dul i ngleic le géarchéimeanna, ní gá ach cuimhneamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le bearta aonair i gcomhthéacs paindéimí iomadúla. Fiú amháin mura ndéantar sin ar mhaithe le lánpháirtiú na hEorpa, ba cheart go dtuigfí, ar a laghad, nach mbeadh sé de chumas ag náisiúin dul i ngleic leis an ngéarchéim ar dhóigh níos fearr ar a gconlán féin.

Go pointe áirithe, is príosúnaigh muid i ré seo na bpaindéimí iomadúla – táimid faoi laincis ag ár leochaileacht agus ag na hábhair imní agus na hábhair dhóchais atá againn...

Ní mór dúinn éalú, le meas ar oidhreacht ár sinsir agus ar an gcéad ghlúin eile.

 

Laurenţiu Plosceanu

Cathaoirleach ar Rannóg SOC