I bhfianaise na n-easnamh a tugadh faoi deara, le deich mbliana anuas, sa chreat AE deiridh maidir leis na Romaigh, tá ciall cheannaithe ag an gCoimisiún Eorpach, rud a fhágann go bhfuil sé teann air anois príomhspriocanna an chreata nua straitéisigh AE maidir leis na Romaigh a bhaint amach, agus laghdú faoina leath, ar a laghad, a dhéanamh ar an idirdhealú agus ar an eisiamh socheacnamaíoch faoi 2030. Chuige sin, áfach, tá ról thar a bheith tábhachtach ag na Ballstáit maidir le torthaí inbhraite a bhaint amach. Mura mbeidh straitéisí náisiúnta éifeachtacha agus bearta pragmatacha ann, is baolach go dteipfidh ar an gcreat nua sin ar an gcaoi cheannann chéanna ar theip ar an gceann a chuaigh roimhe.

Le linn éisteacht ar líne maidir le Creat nua AE maidir leis na Romaigh: tuairimí agus ionchais le haghaidh thodhchaí na bpobal Romach, chuir na rannpháirtithe i bhfios gur theip ar an straitéis deiridh torthaí maithe a bhaint amach mar gheall ar an staid pholaitiúil i roinnt de na Ballstáit, maille leis an easpa tacaíochta a fuarthas uathu.

Dírítear sa chreat nua maidir leis na Romaigh ar chur chuige bunaithe ar thrí cholún: an comhionannas, an cuimsiú agus an rannpháirtíocht. Leis an gcur chuige sin, cuirtear le lánpháirtiú socheacnamaíoch na Romach imeallaithe, gné a bhí mar chuid den chreat deiridh, agus déantar athchóiriú suntasach air.

Tá go leor le moladh sa chreat nua maidir leis na Romaigh, ach tá an tseanfhadhb chéanna ann: an chaoi a gcuirfear chun feidhme é.

Bhí Isabela Mihalache, ionadaí ó Líonra Eorpach Eagraíochtaí Poiblí na Romach (ERGO), moltach faoin gcreat nua toisc roinnt sineirgí agus beartais AE chomhlántacha a bheith mar chuid de, ach, a mhéid a bhaineann le gealltanais íosta chomhchoiteanna na mBallstát sa chreat, bhí sí den tuairim go bhfuil siad sin sách ginearálta.

Thug Bernard Rorke, ón Lárionad Eorpach um Chearta na Romach, an rabhadh seo uaidh: “Mura bhfaighidh an ceartas an lámh in uachtar gan dochar do na saoránaigh ar Romaigh iad, teipfidh ar an gcreat sin ar an gcaoi cheannann chéanna ar theip ar an gceann a chuaigh roimhe”.

Bhí Florin Botonogu, ón Lárionad Beartais um Romaigh agus Mionlaigh atá lonnaithe i mBúcairist, ar cóimheon leis an Uas. Rorke, agus é á chur in iúl go diongbháilte aige nach mór do na réitigh a bheith réalaíoch.

Spreag Alfredas Jonuška, Cathaoirleach ar an nGrúpa Staidéir Téamach in CESE um Chuimsiú na Romach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha a dtuairimí a chur in iúl. Dar leis an gCathaoirleach, cé go bhfuil dul chun cinn déanta, tá go leor eile fós le baint amach. (at)