Rinne daltaí meánscoile ó cheann ceann na hEorpa tograí maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur faoi bhráid Frans Timmermans, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, mar thoradh ar Chruinniú Mullaigh an Aosa Óig faoin Aeráid arna eagrú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a reáchtáladh go fíorúil an 18-19 Márta 2021.

Tá ról ag aos óg na hEorpa i dtodhchaí an Aontais Eorpaigh: ní bheadh an Comhaontú Glas don Eoraip ann inniu d’uireasa bhur nglaonna ar ghníomhaíocht”, arsa an tUas. Timmermans , agus é ag cur tús leis an ócáid Leatsa an Eoraip, Abair Leat, 2021. “Chuaigh sé go mór i gcion orm an chaoi a bhfuil tuiscint dhomhain agaibh ar fhadhb an athraithe aeráide agus an chaoi ar chuir sibh bhur dtograí i mo láthair. Is é sin an chaoi ar cheart dúinn ár saol a chaitheamh, le tuiscint againn ar a chéile. Tá sé thar a bheith deacair gráin a bheith agat ar dhuine nuair is féidir leat an duine sin a thuiscint,” a dúirt sé mar fhocal scoir.

Tar éis dhá lá de dhíospóireachtaí bríomhara fíorúla, tháinig os cionn 234 dhalta, idir 16‑18 mbliana d’aois, le chéile i 45 sheomra caibidlíochta fíorúla chun oibriú le chéile go comhuaineach ar mhaithe le moltaí praiticiúla a fhorbairt lena gcur i láthair i seisiún iomlánach deireanach.

Bhí ar na daltaí ról grúpa geallsealbhóirí a ghlacadh chun imeacht a reáchtáil mar a bheadh Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP) ann agus oibriú i gcomhar le grúpaí eile chun plean a chur i dtoil a chéile chun an téamh domhanda a theorannú go leibhéil shábháilte atá go mór faoi bhun 1.5°C faoi dheireadh an chéid. Rinne na grúpaí ionadaíocht d’fhíorearnálacha agus d’fhíorthionscail a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí agus abhcóideachta ar an téamh domhanda.

I measc na dtograí, bhí:

  • Crainn a chur sna cathracha agus gairdíní ingearacha a shuiteáil
  • “Tionscadal Manhattan Éiceolaíoch” don Aontas lena ndéanfaí suimeanna móra a infheistiú sna teicneolaíochtaí nua
  • Infheistiú a dhéanamh i níos mó oideachais don phobal i gcoitinne
  • Beartais shaincheaptha a chur chun feidhme lena dtabharfaí freagairt do staid shonrach na dtíortha ar leith
  • An foraoisiú a chur chun cinn mar cheann de na réitigh fhadtéarmacha is éifeachtúla i ndáil le hasbhaint carbóin
  • Hidrigin agus bithghás a thabhairt isteach agus deireadh á chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ag an am céanna
  • An bhearna idir náisiúin fhorbartha agus náisiúin atá i mbéal forbartha a dhúnadh

Chuir na daltaí óga plean deireanach i dtoil a chéile faoina ndéanfaí an téamh domhanda a theorannú go 1.4°C faoi 2100, rud a fhágann gur éirigh leo sprioc na gníomhartha a bhaint amach. Rinne ochtar daltaí an plean a chur i láthair.

Chuir Cillian Lohan, an Leas-Uachtarán in CESE ar a bhfuil freagracht as an gCumarsáid, clabhsúr ar an imeacht agus é mar fhocal scoir aige: “Tá súil agam gur spreag an imeacht Leatsa an Eoraip, Abair Leat! sibh le bheith in bhur saoránaigh ghníomhacha; tá bhur rannpháirtíocht de dhíth más mian linn daonlathas láidir a bheith againn. Tháinig sé chun léire, trí ghluaiseacht na n‑óg, gur féidir athruithe a spreagadh ón mbonn aníos. Inniu, déanaimid na héilimh sin ar ghníomhaíocht a athrá go hard le go gcloisfear iad ag an mbarr, in áit na cumhachta”.

Tá tuilleadh sonraí faoi imeacht YEYS 2021 le fáil ar leathanach oifigiúil an imeachta. (ks)