Sa tuairim Slándáil bia agus córais bhia inbhuanaithe, (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh sa seisiún iomlánach a bhí aige an 19 Eanáir 2022, shainaithin CESE na gnéithe is tábhachtaí chun táirgeadh bia atá inbhuanaithe agus iomaíoch san Aontas a bhaint amach, agus chun an spleáchas ar allmhairí a laghdú agus neamhspleáchas an Aontais i ndáil le próitéin a mhéadú ag an am céanna.

D’fhonn beartas cuimsitheach bia a bheith fíor-ábhartha do thomhaltóirí na hEorpa, tá sé ríthábhachtach go mbeadh praghas agus cáilíocht an bhia a tháirgtear go hinbhuanaithe san Aontas iomaíoch. Is é sin go gcaithfidh an earnáil agraibhia Eorpach a bheith in ann bia a chur ar fáil do na tomhaltóirí ar phraghsanna a chuimsíonn costais bhreise as critéir amhail inbhuanaitheacht, leas ainmhithe, costais ionchuir níos airde, sábháilteacht bhia agus luach cothaitheach ach a thugann luach cothrom don fheirmeoir freisin, agus go mbeidh a hionad aici i gcónaí mar chéadrogha mhóramh mór na dtomhaltóirí.

Cé go gcuirtear deis ar fáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip maidir leis an ‘comhaontú sóisialta maidir le bia’ a athdhearbhú trí phrionsabail na straitéise ‘Ón bhfeirm go dtí an forc’ agus Straitéis na Bithéagsúlachta, tá go leor le déanamh fós. ‘Ní mholann an Coimisiún dóthain gníomhaíochtaí nithiúla chun an earnáil agraibhia agus ioncam na bhfeirmeoirí agus na n-oibrithe a neartú, agus chun praghsanna córa agus luach an bhia a chur chun cinn’, arsa an comhrapóirtéir, Peter Schmidt.

‘Ar na gnéithe is tábhachtaí chun iomaíochas na dtáirgeoirí Eorpacha a chosaint tá féinriail straitéiseach oscailte a chothú, cómhalartacht maidir le caighdeáin trádála a áirithiú, taighde a chur chun cinn, an digiteáil a fheabhsú, teicneolaíochtaí nuálacha agus síolta a fhorbairt, agus rochtain ar oiliúint a éascú d’fheirmeoirí maidir leis na teicneolaíochtaí nua sin’, a dúirt rapóirtéir na tuairime, Arnold Puech d’Alissac.
Dá gcuirfí chun cinn táirgeadh léagúm agus piseánach ina bhfuil cion ard próitéine, chomh maith le táirgeadh olashíl agus cácaí olashíl, rachadh sé sin chun leasa fheirmeoirí an Aontais agus bheadh tionchar dearfadh ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht agus ar an gcomhshaol. (mr)