Tá athrú as cuimse tagtha ar mhuintir na Bealarúise. Tá gluaiseacht bhríomhar pobail ar siúl sa tír ó 2020 i leith, a shroich a buaic le móragóidí, nach bhfacthas a leithéid ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile. Murab ionann agus na toghcháin a bhí ann roimhe seo, rinne an chosmhuintir ionadaíocht ar dhaoine as gach cúlra, a tháinig le chéile a bhuí leis na meáin shóisialta agus faoi stiúir na mban.
Tá tacaíocht an phobail caillte ag deachtóir na Bealarúise, Alexander Lukashenko, agus níl aon chall chun dlisteanachta aige, dar leo. Chuir ollshlógadh seo an phobail scanradh air. Ó shin i leith, tá greim an fhir bháite á choinneáil ag an rialtas ar a n-ionad agus iad ar a ndícheall ag iarraidh gach cineál easaontais a bhrú faoi chois. Tugadh faoin tsochaí shibhialta i dtosach báire.
Ní fhacthas oiread sin cos ar bolg ó rinneadh stát neamhspleách den tír. Ó mhí Lúnasa 2020 i leith, gabhadh agus coinníodh thart ar 40 000 duine. Tá nach mór 1000 príosúnach polaitiúil aitheanta ann faoi láthair agus níl deireadh déanta fós.
Mar sin féin, níor ghéill muintir na Bealarúise riamh. Chuir siad struchtúir i bhfeidhm a bheidh mar bhunchloch don Bhealarúis nua a thiocfaidh chun cinn. Rinne siad athchóirithe agus thiomsaigh siad airgead chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar agus dá chéile. Tá USD 7 milliún dáilte ag an dá thionscnamh sluachistiúcháin is mó riamh sa tír, BySol agus ByHelp, d’fhonn cúnamh airgeadais agus dlíthiúil a thabhairt dóibh siúd a bhfuil cos ar bolg á dhéanamh orthu. Dá thoradh sin, chuir an réimeas i leith na bhfeachtas tiomsaithe airgid go raibh siad i mbun antoisceachas a mhaoiniú agus thionscain sé imeachtaí coiriúla in aghaidh lucht a mbunaithe. I gcásanna áirithe, calcadh a gcuntais bhainc ar chuid díobh siúd a fuair cabhair airgid ó na cláir sin.
Nuair a chuir réimeas Lukashenko go crua agus go foréigneach in éadan lucht agóide, d’oibrigh cosantóirí chearta an duine gan stad gan staonadh chun brúidiúlacht an stáit a thaifeadadh agus príosúnaigh pholaitiúla a shaoradh. Siúd is gur cuireadh bac ar chorradh le 100 suíomh gréasáin agus gur ruaigeadh as an tír na príomh-mheáin chumarsáide neamhspleácha go léir, dháil daoine nuachtáin fhéinfhoilsithe as a stuaim féin agus sheol siad a gcuntais finné súl chuig iriseoirí thar lear. Faoi láthair, cé go bhfuil 32 duine atá ag obair sna meáin i bpríosún níor tháinig aon lagú ar shruth na nuachta.
Tá sochaí shibhialta na Bealarúise sa lá atá inniu ann diongbháilte, athléimneach agus níos cruthaithí ná an stát. Ach tá sí faoi bhrú millteanach freisin. Ceiltear acmhainní daonna ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar gheall ar na gabhálacha agus fineálacha sin. D’imigh go leor daoine chun cónaithe i dtíortha eile, chuir siad a gcuid gníomhaíochtaí ar fionraí, nó neachtar acu bhí orthu a gcuid oibre a dhéanamh gan fhios don réimeas. Rinneadh breis agus 300 eagraíocht neamhrialtasach a dhíscaoileadh. Dá theoranta na féidearthaí cistiúcháin a bhí sa Bhealarúis cheana féin, is lú fós anois iad.
Is den phráinn go ndéanfaidh an domhan daonlathach athbhreithniú ar a straitéis chun tacú leis an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Is é an príomhchúram atá romhainn struchtúir ar an láthair a chaomhnú agus cabhrú leis na heagraíochtaí sin ab éigean dóibh teitheadh.
● Thar aon ní eile, ba cheart d’eagraíochtaí ar deontóirí iad na costais oibríochtúla mhéadaithe a chur san áireamh atá ann i ngeall ar chos ar bolg agus ar athlonnú, chomh maith le deiseanna laghdaithe a bheith ag an tsochaí shibhialta ioncam a fháil laistigh den Bhealarúis.
● Is gá cuimhneamh ar an athrú ar fhormáid na gníomhaíochta, nuair is lasmuigh den tír atá an bhainistíocht á cur ar fáil. Is thar lear amháin is féidir le formhór mór na n-eagraíochtaí leanúint dá ngníomhaíochtaí agus is go teoranta agus ar bhonn neamhfhoirmiúil amháin is féidir gníomhaíochtaí laistigh den tír a dhéanamh i bhformhór na gcásanna. Dá dhúshlánaí féin é, is tábhachtach an ní tacú le daoine laistigh den tír, áit a bhfuil baill foirne eagraíochtaí éagsúla fós lonnaithe.
● Faoi láthair, níl puinn saoirse ag a lán eagraíochtaí chun straitéisí a chur le chéile, agus tacaíocht á cur ar fáil dóibh faoi thionscadail ghearrthéarmacha, a mhaireann ar feadh bliana ar a mhéad. Tá sé ríthábhachtach tuilleadh deiseanna a chur ar fáil le haghaidh tacaíocht fhadtéarmach agus tacaíocht don bhonneagar. Is fíor sin go háirithe i gcás eagraíochtaí athlonnaithe chun gur féidir leo a gcumarsáid le spriocghrúpaí sa Bhealarúis a choinneáil ar siúl. Ba cheart naisc chothrománacha idir gníomhaithe agus tionscnaimh a chur ar bun agus a chothabháil.
● Sa bhreis air sin, ba cheart do dheontóirí agus do thairbhithe iontaofa faisnéis a mhalartú le chéile d’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as a bhfuil de chúnamh ann agus nach ndéanfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha arna n-eagrú ag rialtas (GONGOnna) agus eagraíochtaí atá i bhfabhar an réimis cur isteach ar an tacaíocht sin.
Teastaíonn ó Lukashenko muintir na Bealarúise a choimeád sa dorchadas. Tá níos mó tacaíochta de dhíth ar na meáin ná riamh.
● Ar an gcéad dul síos, is tábhachtach an ní cúnamh éigeandála a chur ar fáil d’iriseoirí, agus ba cheart tacaíocht dlí, airgeadais agus shíceolaíoch a bheith san áireamh leis sin.
● Ar an dara dul síos, tá sé ríthábhachtach tacaíocht institiúideach a thabhairt do na meáin chumarsáide atá bunaithe cheana, chomh maith le líonra díláraithe blaganna agus bealaí cumarsáide a fhorbairt sa Bhealarúis. Tá cíocras ar dhaoine chun teacht ar ábhar nua.
● Ar an tríú dul síos, ba cheart tacú le bearta níos láidre atá dírithe ar chur i gcoinne na bolscaireachta agus na bréagaisnéise. Tá sé ríthábhachtach cur i gcoinne an fhaireachais ar an idirlíon agus uirlisí a thabhairt d’iriseoirí na Bealarúise chun teacht timpeall ar an gcinsireacht agus chun cur lena litearthacht dhigiteach. Is gné shuntasach é sin a chuideoidh le ceannasacht na tíre féin a chur chun cinn.
Tá straitéis fhadtéarmach, sách solúbtha agus cruthaitheach ag teastáil chun tacú leis an tsochaí shibhialta. Má chuirtear straitéis mar sin i bhfeidhm, cuideofar le cultúr an fhreasúra agus na díospóireachta measúla a chruthú, chomh maith le próiseas an chlaochlaithe a neartú.
Hanna Liubakova