European Economic
and Social Committee
Tá an Comhaontú Glas chun gach rud a athrú, an gheopholaitíocht san áireamh
Le Dimitris Dimitriadis, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE agus cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE
Agus é mar chuspóir aige geilleagar an Aontais a dhícharbónú, déanfaidh an Comhaontú Glas don Eoraip an-difear dár ngeilleagar, dár sochaí agus don chaidreamh atá againn leis an gcuid eile den domhan.
De bharr COP26, tuigtear anois go forleathan an phráinn a bhaineann le gníomhú. Idir an dá linn, tá an tAontas Eorpach ina cheannródaí fós sa rás in aghaidh an chloig agus is faoin Eoraip atá sé dea-shampla a thabhairt. ls ar mhaithe linn féin a bheidh sé freisin ár ngeilleagar a nuachóiriú go tapa, agus ár n-áit cheannaireachta ar fud an domhain a choinneáil nó a bhaint amach i ndáil le hathchúrsáil agus an geilleagar ciorclach, gabháil carbóin ón atmaisféar agus stáisiúin cumhachta glasa hidrigine, gréine agus gaoithe.
Is í an Eoraip an margadh is mó ar domhan, agus beidh na tionchair a bhaineann leis an aistriú a dhéanfaimid i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha, an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh inathnuaite, agus an laghdú ar spleáchas ar fhuinneamh le brath i ngach áit. Smaoinigh, fiú, ar ár n-allmhairí ola agus gáis ón Rúis agus ón Ailgéir.
I gcomhréir lenár dtiomantas traidisiúnta don iltaobhachas, ní mór smaoineamh ar na hiarmhairtí a bheidh ann do thríú tíortha agus ní mór dúinn cabhrú leis na tíortha níos laige, leis na tíortha sin is lú a chuireann leis an téamh domhanda ach is mó a bheidh thíos leis na hiarmhairtí. Ar an mbonn céanna, ní mór don Aontas Eorpach idirbheartaíocht a thosú láithreach lenár gcomharsana is cóngaraí, chun cabhrú leo a gcuid spriocanna a bhaint amach laistigh den tréimhse chuí.
Tá na Stáit Aontaithe amhrasach go fóill faoinár Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, beart a cheapann siad a d’fhéadfadh a bheith cosantach. Os a choinne sin, ní féidir leis an Eoraip an sásra a ligean uaithi mar gurb é sin an bealach atá againn chun cosc a chur le sceitheadh carbóin.
Maidir leis an spleáchas ar thíortha thar lear, tá ceist mhór na n-amhábhar criticiúil ann freisin. Tá 95 % de na dúile tearc-chré ar fad a úsáidtear ar domhan le haghaidh teicneolaíochtaí nua á gcur ar fáil ag an tSín. Tá sé in am againn gníomhú agus ár gcuid foinsí soláthair a éagsúlú.
Tá an eolaíocht, an teicneolaíocht, na deiseanna cistiúcháin agus na smaointe againn. Rud nach bhfuil againn ná am: ní mór don Aontas Eorpach gníomhú go tapa, agus beidh an dul chun cinn á leanúint ag CESE, agus tuairimí agus smaointe na sochaí sibhialta á gcur in iúl aige ag gach céim.
Tá an t-alt iomlán ar fáil ach cliceáil anseo: europa.eu/!39cXrP (kr)