D’iarr CESE go gcruthófaí ombudsmain speisialta chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san Eoraip dul i ngleic le saincheisteanna airgeadais agus cistiúcháin. Cuireann an Coiste i bhfios go láidir freisin gur gá go mbeadh toil pholaitiúil ann chun tacú le FBManna sa phróiseas ionas go mbainfidh siad úsáid as an intleacht shaorga.
Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Eanáir, ghlac CESE dhá thuarascáil lena dtugtar aghaidh ar chuid de na saincheisteanna is práinní a bhfuil tionchar acu ar FBManna.
Sa Straitéis le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna – Cur le seachadadh éifeachtach agus tapa , cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil rochtain ar chreidmheas, ar leachtacht, ar shreabhadh airgid agus ar íocaíochtaí ina gconstaicí ollmhóra do FBManna, go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, molann sé go gcruthófaí líonra d'ombudsmain airgeadais agus chistiúcháin chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
• rochtain FBManna ar chistí a chur chun cinn;
• staidéar a dhéanamh ar cé acu an mbaineann bainc idirghabhála leas as ionstraimí airgeadais chun freastal ar na FBManna is mó atá i ndíth acmhainní airgeadais, agus conas a dhéanann na bainc é sin;
• idirghabháil a dhéanamh ar dhíospóidí idir FBManna agus soláthraithe eile maoiniúcháin agus cistiúcháin.
Tá an méid seo a leanas á mholadh ag CESE freisin:
• tascfhórsa a bhunú maidir le leachtacht FBManna chun faireachán a dhéanamh ar bhearta nua an Choimisiúin Eorpaigh chun leachtacht ghearrthéarmach na micrifhiontar a fheabhsú;
• foirm iarratais aon bhileoige amháin a thabhairt isteach chun an t-ualach a laghdú do chuideachtaí a bhfuil acmhainní daonna agus foirne dlí teoranta acu agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chistí an Aontais.
• níos mó deiseanna a chur ar fáil do FBManna chun tairiscint a dhéanamh ar chonarthaí poiblí sna Ballstáit agus chun na conarthaí sin a fháil.
Ina thuairim An intleacht shaorga a fhorbairt i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le toil pholaitiúil láidir chun na bacainní atá roimh FBManna maidir le húsáid a bhaint as an intleacht shaorga a shárú.
Tá gá le toil pholaitiúil chun muinín a chothú, trí leas a bhaint as comhpháirtithe sóisialta, as comhlachais tráchtála, as cumainn ghairmiúla agus a leithéid chun deireadh a chur le himní na FBManna ar an láthair.
Ina theannta sin, tá sraith beart a éilíonn toil pholaitiúil mharthanach á moladh ag CESE. Cuirtear san áireamh sa tsraith sin an méid seo a leanas, thar aon rud eile:
• scileanna intleachta saorga a chur chun cinn tríd an oideachas agus an oiliúint,
• a chinntiú go bhfuil rochtain éasca ag FBManna ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach le haghaidh intleacht shaorga;
• bonneagar agus naisc i ngach áit a ráthú;
• feasacht ar shaincheisteanna cibearshlándála a chur chun cinn;
• dea-chleachtais agus scéalta ratha a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir. (dm)