Creideann CESE go daingean gur cheart samhail chúraim do dhaoine scothaosta spleácha a phríomhshruthú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh méadú faoi dhó nó níos mó ar líon na daoine os cionn 80 bliain d’aois faoi 2050.

Léirigh an phaindéim teipeanna sa réimse sin, agus is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún chun straitéis nua maidir leis an gcúram san Eoraip a bhunú óir is céim sa treo ceart é. Mar sin féin, ní mór d’institiúidí comhairleacha agus d’eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta a dtuairimí a chur in iúl.

Sa tuairim féintionscnaimh uaidh: I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19, a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí Eanáir, rinne CESE grinnanailís ar shamhlacha éagsúla den chúram fadtéarmach do dhaoine atá os cionn 65 bliana d’aois a bhfuil a neamhspleáchas á chailleadh acu nó a bhfuil cónaí orthu i dtithe cúraim.

Chuir Miguel Ángel Cabra De Luna, rapóirtéir na tuairime, béim ar an méid seo a leanas: ‘Ní mór a áirithiú go mbeidh an cúram do gach duine scothaosta ina bhunchloch de bheartais an Aontais, agus go mbeidh sé nasctha le comhlíonadh Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.’

Mhol CESE Faireachlann Eorpach um chúram do dhaoine scothaosta a chur ar bun, lenarbh fhéidir an méid seo a leanas a dhéanamh: sonraí leordhóthanacha staidrimh a bhailiú, comparáid a dhéanamh idir dea-chleachtais na samhlacha stáit éagsúla; laigí struchtúracha na gcóras náisiúnta a shainaithint, tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun glacadh threoirlínte polaitiúla an Aontais a éascú agus cuidiú a thabhairt Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

Iarradh sa tuairim ó CESE freisin go mbunófaí Bliain Eorpach na nDaoine Scothaosta, d’fhonn aitheantas a thabhairt do chearta bunúsacha daoine scothaosta agus don obair mhór a dhéanann siad ar son na sochaí, mar atá leagtha amach in Airteagal 25 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

Le linn na paindéime, níor tugadh aird iomlán ar chearta agus riachtanais na ndaoine scothaosta, rud a léirigh na heasnaimh choincheapúla, struchtúracha agus fheidhmiúla atá sna samhlacha cúraim do dhaoine scothaosta. I gcomhthéacs níos leithne, ba chuidiú é sin chun a thabhairt chun suntais gur príomhdhúshlán straitéiseach ríthábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit é aosú an daonra. (at)