European Economic
and Social Committee
Le Grúpa na bhFostóirí in CESE
Tá todhchaí na hEorpa fite fuaite i dtodhchaí a hearnála tionsclaíochta. Fágann na spriocanna uaillmhianacha atá aici go mbeidh cuideachtaí láidre nuálacha ag teastáil a mbeidh sé d’acmhainn acu freastal ar riachtanais an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais san am céanna.
Sin é an fáth ar eagraigh Grúpa na bhFostóirí a ócáid shuaitheanta i gcomhthéacs na Comhdhála leanúnaí ar Thodhchaí na hEorpa. Le linn na hócáide, labhair príomhoifigigh feidhmiúcháin nuálacha, comhaltaí CESE, ionadaithe ó chomhlachais ghnó Eorpacha agus Herman Van Rompuy, Uachtarán Emeritus ar an gComhairle Eorpach, faoi na saincheisteanna sin. Bunaithe ar óráidí na bpríomhchainteoirí, ar an bplé painéil agus ar bharúlacha agus ceisteanna ón lucht féachana, thángthas ar na conclúidí seo a leanas:
1. Misneach agus dóchas as an tionscadal Eorpach a chothú athuair: De réir mar a théann an phaindéim ar aghaidh, ní éireoidh linn an téarnamh is fearr is féidir a dhéanamh ach amháin má ghlactar cur chuige fiontraíochta.
2. Eoraip níos íomaíoch – cur leis an rathúnas ar mhaithe leis an nglúin atá ann faoi láthair agus leis na glúnta atá le teacht: Leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ba cheart gach ní beo a dhéanamh chun torthaí inbhraite a bhaint amach agus an geilleagar á atógáil tar éis na paindéime d’fhonn a áirithiú go mbeidh an Eoraip ar an áit is tarraingtí ar domhan chun gnólacht a chur ar bun, a reáchtáil agus a fhorbairt.
3. Leas iomlán a bhaint as an gcreat institiúideach atá ann cheana: Ba cheart don Aontas leas iomlán a bhaint as an gcreat institiúideach atá aige óir is féidir cuid de na cuspóirí a leagtar amach ann a bhaint amach gan leasú a dhéanamh ar na Conarthaí.
4. Fáil réidh le cineálacha cur chuige oibre neamh-chomhtháite – comhpháirtíochtaí trasearnála chun nuálaíocht agus fás a éascú: Agus an saol ag athrú go tapa, tá sé ríthábhachtach a bheith in ann líonrú agus oibriú thar thionscail agus líonraí an-solúbtha a chur ar bun ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal domhanda thar éiceachórais má táthar chun nuálaíocht agus fás á éascú agus samhail fás inbhuanaithe don Eoraip a chur chun cinn.
5. Comhar idir rialtais agus fiontair chun go n-éireoidh leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach: Chun dlús a chur leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ní mór roinnt tionscnamh a thabhairt le chéile in aon bheartas amháin.
6. Samhlacha gnó nua inbhuanaithe: Tá todhchaí na hEorpa fite fuaite i dtodhchaí a hearnála tionsclaíochta agus fágann na spriocanna uaillmhianacha atá aici go mbeidh cuideachtaí láidre nuálacha ag teastáil. Braitheann todhchaí na ngnólachtaí ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint d’athruithe agus cló úr a chur orthu trí shamhlacha gnó nua inbhuanaithe.
7. Tallann, oideachas agus scileanna atá oiriúnach don todhchaí: Is freagracht chomhroinnte lárnach iad na scileanna agus an t-oideachas chun bheith nuálach ar fud an éiceachórais ar fad agus tá siad ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa agus don rath a bheidh uirthi san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Tuilleadh faisnéise faoin imeacht agus faoi rannpháirtíocht Ghrúpa na bhFostóirí in CESE sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa:
Tuarascáil iomlán: https://www.eesc.europa.eu/ga/documents/setting-out-new-vision-future-europe-final-report
Físeán den imeacht: https://www.youtube.com/watch?v=xd9AWe1W3nE&t=1s
Forógra ‘Féachaint chuige go mbeidh an tAontas in ann gníomhú: https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/publications-other-work/publications/making-european-union-capable-action
Suíomh gréasáin an imeachta ar a bhfuil tuilleadh faisnéise le fáil: https://www.eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/events/setting-out-new-vision-future-europe (dv/kr)