Le Dimitris Dimitriadis, cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach

Tá an Clár Oibre Nua Trasatlantach i gcroílár chlár oibre polaitiúil na n-institiúidí Eorpacha uile faoi láthair. Tá ár gCoiste, go háirithe an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach, go hiomlán i gcomhréir leis sin, rud a bhí le feiceáil ag cruinniú a bhí ag an gCoiste Leantach um Chaidreamh Trasatlantach le déanaí, mar a raibh aíonna mór le rá i láthair le cur in iúl cé chomh tábhachtach is atá comhphlé stuama láidir leis an tSochaí Shibhialta. Ba léir sin freisin ón dearbhú a rinne Uachtarán CESE agus ó mo ráiteas ar thoghchán na Stát Aontaithe in 2020 inar chuir mé in iúl an dóchas atá agam go mbeidh comhpháirtíocht láidir ann feasta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda.

Seasann an tAontas Eorpach go láidir leis na Stáit Aontaithe mar chomhpháirtí agus mar chomhghuaillí, agus seasfaidh go deo, agus beimid sásta dul i mbun idirphlé tairbheach oscailte maidir leis na saincheisteanna ar cuireadh bac orthu agus an riarachán deireanach i gcumhacht.

Dá bhrí sin, tacaím leis na réimsí a sainaithníodh mar réimsí ar féidir tuilleadh comhair a dhéanamh ina leith (ag obair le chéile ar mhaithe le domhan níos sláintiúla – le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh, ag obair le chéile ar mhaithe lenár bpláinéad agus an rathúnas a chosaint; ag obair le chéile i réimsí amhail teicneolaíocht, trádáil agus caighdeáin; agus ar deireadh, ag obair le chéile chun domhan níos sábháilte, níos rathúla agus níos daonlathaí a bhaint amach) agus creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an idirphlé láidir leis an tsochaí shibhialta agus ag an gcaidreamh idirphearsanta chun na spriocanna sin a bhaint amach. Ar ndóigh, áirítear leis na cuspóirí thuasluaite prionsabail an iltaobhachais agus na struchtúir idirnáisiúnta, prionsabail a chothaíomar le chéile.

Tá ár gCoiste, mar ionadaithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa, agus go háirithe uachtarán an Choiste Leantaigh um Chaidreamh Trasatlantach, an tUasal Christian Moos, agus mé féin i mo cháil mar chathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach, fós díograiseach agus tiomanta chun droichid a neartú ar fud an Atlantaigh.