EU Climate Pact

Cúis áthais do CESE an tionchar atá ag a chuid moltaí ar thograí an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le Comhshocrú Aeráide Eorpach. Tacaíonn an Comhshocrú sin leis na ngníomhú ar son na haeráide – gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana agus cinn nua – tríd an bpiarfhoghlaim, an t-oideachas, an fothú acmhainneachta, trí bhacainní a bhaint agus trí rochtain níos fusa ar mhaoiniú.

Tar éis don choincheap “neodracht ó thaobh carbóin de ar an leibhéal domhanda” a bheith tugtha isteach le Comhaontú Pháras, athraíodh an dioscúrsa polaitiúil agus cuireadh na rialtais agus na geallsealbhóirí ar bhóthar a bhí dírithe ar an ngníomhaíocht. Ní fhéadfaí an toradh sin a bhaint amach gan páirt a bheith ag geallsealbhóirí uile na sochaí sibhialta ann, rud nach bhfacthas riamh roimhe seo. Ní mór do gach cuid den tsochaí a bheith rannpháirteach go gníomhach chun go mbeidh rath ar an mbeartas aeráide laistigh den Aontas Eorpach.

Dúirt Peter Schmidt, comhalta de CESE, an méid seo a leanas: “Is deis thábhachtach é an Comhshocrú Aeráide cur chuige nuálach rannpháirtíochta a mhúnlú lena ndéanfar na bearta atá ar bun cheana féin sa tsochaí shibhialta, sna pobail, sna cathracha agus sna réigiúin a léiriú agus a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Is mian le CESE teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach agus le comhlachtaí eile an Aontais chun Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Chomhshocraithe Aeráide a chomhchruthú bunaithe ar phrionsabail na cuimsitheachta, na trédhearcachta agus na rannpháirtíochta fíre, chomh maith le glacadh úinéireachta ag gníomhaithe aeráide ar gach leibhéal.

Ina theannta sin, dá gcuirfí Fóram AE um Maoiniú na hAeráide ar bun mar chuid den Chomhshocrú, spreagfaí próisis foghlama fhíor-fhrithpháirteacha, d’éascófaí rochtain ar mhaoiniú agus bhainfí bacainní. Ba cheart sásra rannpháirtíochta don aos óg i réimse na haeráide agus na hinbhuanaitheachta a bheith ina dhlúthchuid den Chomhshocrú seo, mar shampla na Cruinnithe Comhchéime leis an Aos Óg i réimse na hAeráide agus i réimse na hInbhuanaitheachta a mhol CESE. (mr)