Tugaimid cuireadh duit féachaint arís ar bhuaicphointí an phreasagallaimh fhíorúil ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas, a reáchtáil an tAonad Preasa an 2 Nollaig 2020.

I gcás daoine faoi mhíchumas, cad iad na ceachtanna atá le foghlaim ón bpaindéim, a mhair beagnach bliain?

Níl ansin ach ceist amháin as roinnt mhaith ceisteanna. Molaimid duit barúlacha ár n-aíonna a léamh.

An cur i láthair i mbeagán focal

Sinéad Burke – Éireannach atá ina cosantóir chearta na ndaoine faoi mhíchumas agus atá ina stiúrthóir ar "Tilting the Lens": “Is bean faoi mhíchumas mé agus is oideachasóir, scríbhneoir agus cosantóir daoine faoi mhíchumas mé”.

Ioannis Vardakastanis – Comhalta CESE agus gníomhaí ar son cearta daoine faoi mhíchumas, Uachtarán ar an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas: “Tá mo shaol tugtha agam don fheachtasaíocht agus don troid ar son cearta daoine faoi mhíchumas, ar dtús i mo shráidbhaile féin agus ansin ar an leibhéal domhanda”.

Krzysztof Pater – Comhalta CESE agus údar na tuarascála ar chearta daoine faoi mhíchumas vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa: “Le fiche bliain anuas táim ag féachaint le cuidiú le daoine faoi mhíchumas, le réitigh níos fearr a aimsiú, le timpeallacht dhlíthiúil níos fearr a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas”.

Pietro Vittorio Barbieri – Uachtarán ar Ghrúpa Téamach CESE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas: “Lá as an ngnáth atá sa lá seo, táimid ag gabháil trí thréimhse anois a fhágann go bhfuilimid ag dul ón gcuimsiú go dtí an t-eisiamh. Is í an phríomhcheist scoiteacht daoine le linn na paindéime”.

Ábhar suimiúil...

An bhfuil dóchas agat go n-éireoidh le do chuid iarrachtaí féin leanaí a spreagadh chun glacadh le difríochtaí agus a bheith bródúil astu féin mar dhaoine? Cén fhreagairt a thugann siad?

Sinéad Burke: “Tá mé lán dóchais go mbeidh an todhchaí níos fearr. Is minic a deirtear nach gcuireann leanaí suntas i ndifríocht, ní dóigh liom go bhfuil sin fíor. Cuireann leanaí suntas i ndifríocht, tuigeann siad cad is féiniúlacht ann. Ach ní hionann iad agus daoine fásta sa mhéid is go bhfreagraíonn siad le fiosracht. Ba mhaith liom a iarraidh ar dhaoine fásta aird a thabhairt ar an gcaoi a bhfreagraíonn leanaí. Tá glacadh agus fiosracht ríthábhachtach. Measaim nach mór inspioráid a thabhairt do dhaoine fásta agus nach mór dóibh treoir a fháil ó leanaí maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn siad do mhíchumas”.

Cad is féidir linn a dhéanamh ionas nach mbeidh daoine faoi mhíchumas i dTuaisceart Éireann scartha ó Phoblacht na hÉireann i dtaca le cearta daonna agus dálaí oibre, go háirithe i gcás oibrithe faoi mhíchumas a bhíonn ag obair go cianda?

Ioannis Vardakastanis: “Leanfar den chomhar le heagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus beidh saincheisteanna a bhaineann le daoine faoi mhíchumas mar thosaíocht ar an gclár oibre. Tá an teachtaireacht soiléir. Ní mór do na rialtais uile urraim a thabhairt d’aontacht agus do chearta daoine faoi mhíchumas. Ní féidir iad a leithlisiú de bharr Brexit ná cinntí polaitiúla eile”.

Pietro Vittorio Barbieri: “Déanfaidh an comhaontú maidir le Brexit, a bhfuil súil leis faoi dheireadh 2020, an clár oibre polaitiúil a shainiú”.

Sinéad Burke: “Agus muid ag bogadh i dtreo Brexit, níor cheart dúinn leanúint de bheith ag díriú ar bhrabús agus ar thrádáil ach ba cheart an fócas a chur ar dhaoine. Tá sé tábhachtach beartais atá dírithe ar dhaoine a chruthú, go háirithe le linn na paindéime. Tá súil agam go leanfaimid de bheith ag obair as lámha a chéile agus go dtacóimid leo siúd atá imeallaithe, ar minic daoine faoi mhíchumas iad”.

Krzysztof Pater: “Is ardán den scoth é an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas. Tráth a dréachtaíodh an tuarascáil agus roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, ní raibh coinne ag aon duine go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, ach tá roinnt réitigh reachtacha ag an Ríocht Aontaithe ar ceart don iliomad eagraíochtaí AE a chur san áireamh”.

Cad é an tionchar is mó, dar leat, a d’imir an phaindéim ar dhaoine faoi mhíchumas agus cad iad na gnéithe den saol laethúil is mó atá thíos léi?

Krzysztof Pater: “Ba mhian liom aird a dhíriú ar an easpa teagmhála le daoine eile, rud a dhéanann difear ní hamháin do shláinte mheabhrach daoine ach don ghnáthshaol laethúil freisin (ó thaobh cúnaimh, siopadóireachta, athshlánaithe). Tugadh neamhaird ar dhaoine atá ina gcónaí in institiúidí cúraim fhadtéarmaigh sna pleananna gníomhaíochta a d’fhorchuir rialtais le linn na paindéime”.

Pietro Vittorio Barbieri: “Is é an réimse is mó atá thíos leis an bpaindéim ná na daoine atá ina gcónaí i dtithe altranais, áit a mbraitheann siad scoite amach ón bpobal. Tréigeadh na seandaoine”.

Sinéad Burke: “Le linn na paindéime, bhíothas ag tomhas do chumais teacht slán as an gcóireáil leighis. Más rud é go raibh tú scothaosta nó faoi mhíchumas, ba lú seans go bhfaighfeá cóireáil. An amhlaidh go bhfuil beatha daoine áirithe níos tábhachtaí ná a chéile? Anois go bhfuil áiteanna á ndearadh againn le haghaidh scaradh sóisialta, sílim go bhfuil deis againn bunchloch nua a leagan agus ár machnamh a dhéanamh ar an gcuma ba cheart a bheith ar an domhan, agus daoine faoi mhíchumas á gcur i gcroílár na forbartha seo”.

Ioannis Vardakastanis: “Mar athleagan ar mhana ó na Stáit Aontaithe, tá tábhacht le saol an duine faoi mhíchumas freisin. Le linn na paindéime, chonaiceamar eisiamh, bochtaineacht sláinte, idirdhealú agus neamhionannais sa chóras sláinte. Má tá saol daoine faoi mhíchumas le bheith mar thosaíocht, caithfidh an t-athrú ar bheartais agus ar chórais a bheith bunaithe ar an mana ‘Ná déan tada dúinn gan muid a rannpháirtiú’”.(at)