Cruinnithe comhchéime leis an óige maidir leis an aeráid agus an inbhuanaitheacht

Protect your Future -  With the European Economic and Social Committee, Generation Climate Europe, and the European Youth Forum

Is féidir idirphlé rialta, struchtúrtha agus fóinteach a dhéanamh idir daoine óga agus lucht déanta cinntí an Aontais ag na cruinnithe comhchéime leis an óige maidir leis an aeráid agus an inbhuanaitheacht, a seoladh tar éis ghlacadh na tuairime ó CESE I dtreo rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige maidir leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais (níl leagan Gaeilge ann).

Tionóltar Cruinnithe Comhchéime Óige an Aontais dhá uair sa bhliain agus is é CESE a dhéanann iad a óstáil i gcomhar le Fóram Eorpach na nÓgGeneration Climate Europe agus an Coimisiún Eorpach. Ag gach Cruinniú Comhchéime leis an Óige de chuid an Aontais, buaileann grúpa de thart ar dheichniúr ionadaithe don óige leis an gCoimisinéir atá freagrach as an bpunann ábhartha chun ábhar sonrach a bhaineann leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht a phlé.

Gné lárnach de Chruinniú Comhchéime Óige AE is ea an sásra leantach, a bunaíodh chun a áirithiú go dtugann an Coimisiún Eorpach aird chuí ar éilimh daoine óga. Tar éis gach imeachta, cuireann na hionadaithe óige doiciméad a bhfuil éilimh bheartais san áireamh ann faoi bhráid an Choimisinéara lena mbaineann. Geallann an Coimisinéir, le tacaíocht ó na hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha, freagra soiléir i scríbhinn a thabhairt ar na héilimh bheartais an mhí dar gcionn. Cuirtear an dá dhoiciméad ar fáil go poiblí ansin ar shuíomh gréasáin an imeachta.

Ní gá clárú chun na himeachtaí a leanúint toisc go ndéantar sruthú gréasáin orthu i gcónaí ar ár suíomh gréasáin. Féach orthu beo agus glac páirt sa díospóireacht!

#EUYouthRoundTables

Do you have a question?
Contact us!