Inbhuanaitheacht bia

This page is also available in

Ní fhéadfaimis maireachtáil gan bhia agus is cuid lárnach de chultúr na hEorpa é. Mar sin féin, tá tionchar mór ag an mbia a ithimid, na bealaí ina dtáirgtear é agus an méid a chuirtear amú ar shláinte an duine, ar acmhainní nádúrtha agus ar an tsochaí ina hiomláine:

  • Tá saoránaigh — agus leanaí go háirithe — ag dul i dtroime de réir a chéile agus ag fulaingt leis an murtall mar gheall ar aistí bia míshláintiúla.
  • Ní fhaigheann feirmeoirí ná oibrithe praghas cóir ar a gcuid táirgí.
  • Cailltear nó cuirtear amú aon trian den bhia ar fud an bhiashlabhra.
  • Is é an comhshaol féin atá thíos leis na héifeachtaí suntasacha atá ag táirgeadh agus tomhaltas bia ar an athrú aeráide, ar chailliúint bithéagsúlachta, ar thruailliú aeir agus uisce, ar dhíghrádú ithreach, etc.

Gairm chun gnímh agus chun athruithe a dhéanamh is ea géarchéim COVID-19. Léiríodh ón bpaindéim nach féidir talamh slán a dhéanamh de bhia a fháil ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus léiríodh idirnascthacht na ngníomhaithe agus na ngníomhaíochtaí ar fud an chórais bhia. Tá slabhraí soláthair atá cothrom, tíosach ar acmhainní, cuimsitheach agus inbhuanaithe de dhíth níos mó ná riamh in earnáil iomlán na talmhaíochta agus an bhia chun go bhfreastalófar go cothrom ar leas na saoránach, na bhfeirmeoirí, na n-oibrithe agus na ngnólachtaí.

Tá CESE ar thús cadhnaíochta le blianta beaga anuas maidir le beartas bia inbhuanaithe agus cuimsitheach a iarraidh. Tá cur chuige comhtháite sistéamach den sórt sin bunriachtanach chun dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla idirnasctha a mbíonn tionchar acu ar chórais bhia; chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch, comhshaoil agus shoch-chultúrtha a bhaint amach; chun comhtháthú agus comhleanúnachas a áirithiú ar fud réimsí beartais (amhail talmhaíocht, comhshaol, sláinte, oideachas, trádáil, geilleagar, teicneolaíocht, etc.); agus chun comhar a chur chun cinn ar fud na leibhéal rialachais.

Displaying 91 - 95 of 95

Pages

16/10/2012
Presentation
Speaker
Staffan Nilsson
Organisation: 
EESC

Food security concerns us all, because it is about the earth's resources, which we all share and use, and because food is vital for life. That’s why we need to ensure that everybody in the world has enough food to eat or the resources and means to grow their own food. Today, 16 October, is World Food Day. For us in the wealthy Europe it is a day to reflect and to consider what we can do to contribute to a change.

17/05/2011
Presentation
Speaker
Staffan Nilsson

Opening Speech at the session Food Market: Polish food sector vs. global raw material crisis – to survive or to win? at the III European Economic Congress in Katowice, Poland.

Downloads: 

SN.European Economic Congress

Pages