Ní mór comhrac a chur ar an mbréagaisnéis ar bhonn práinne

CESEinfo: Is rapóirtéir thú don tuairim a ghlac CESE le linn sheisiún iomlánach mhí na Nollag 2021, tuairim a bhaineann leis an Treoir ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis a Neartú. Cé chomh mór atá an bhréagaisnéis ina bagairt don daonlathas, agus cad ba cheart don tsochaí shibhialta a dhéanamh chun cosc a chur ar scaipeadh na bréagnuachta agus cé na huirlisí atá ag teastáil chuige sin?

Thierry Libaert: Is bagairt í an bhréagaisnéis do chórais daonlathais toisc go n-ídíonn sí an mhuinín atá againn as institiúidí poiblí nó as an eolaíocht. Is minic gur fearr linn faisnéis bhréagach is féidir a thuiscint gan stró a chreidiúint nuair is doiligh an fhírinne a thuiscint. Tá níos mó i gceist leis an mbréagaisnéis ná saontacht, baintear leas aisti in amanna chun críoch geopholaitiúil agus chun críoch díchobhsaíochta, go háirithe i dtoghcháin.

Is é is príomhaidhm don tuairim a glacadh an 9 Nollaig 2021 iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach bearta níos láidre a dhéanamh chun cosc a chur ar theacht chun cinn na bréagaisnéise, agus ní hamháin iarmhairtí na bréagaisnéise a mhaolú. Bíodh is gur féidir i gcónaí éifeachtaí tine a theorannú, is fearr go mór lasracha na tine a chosc ar an gcéad dul síos.

Is iomaí bealach atá ann chun comhrac a chur ar an mbréagaisnéis. Mar shampla, d’fhéadfaí cur i gcoinne luach airgid a bheith á chur ar an mbréagaisnéis. Tuigeann ár meitheal go rímhaith gur gnó dáiríre atá sa bhréagaisnéis. Ó tharla go scaipeann faisnéis bhréagach sé huaire níos tapa ná faisnéis atá fíor, ar an meán, agus go roinntear í níos mó agus go mbíonn tuilleadh á rá ina taobh, cruthaíonn sí gníomhaíocht bhreise ar ardáin idirlín. Dá droim sin, is mó seans go nginfidh sí ioncam fógraíochta. Meastar go gcuirtear níos mó ná EUR 400 milliún amú gach bliain ar an gcaoi sin.  

Níor cheart glacadh leis go mbaineann an bhréagaisnéis le gréasáin shóisialta agus le hardáin mhóra dhigiteacha amháin. Tá freagracht ar na meáin thraidisiúnta chomh maith, go háirithe cainéil nuachta 24 uair an chloig ar a bhfeictear bréagshaineolaithe éagsúla. Ba cheart do na meáin a bheith níos fairí faoi fhíorcháilíocht a gcuid aíonna agus tá litearthacht níos fearr sna meáin de dhíth le gur féidir leis an bpobal faisnéis a mheas ar dhóigh níos fearr.

Ní féidir leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise a úsáid mar leithscéal in aon tslí chun an bonn a bhaint den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Molaimid gur cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an litearthacht sna meáin go gcuirfí ar chumas gach duine fíor-dhealú a dhéanamh idir fíricí eolaíocha agus creidimh nó barúlacha. Lucht leanúna Donald Trump sna Stáit Aontaithe, mar aon leis na pobalóirí san Eoraip, go háirithe iad siúd sa Ríocht Aontaithe a chuir tús le Brexit, léirigh siad go soiléir a chontúirtí atá scaipeadh na bréagaisnéise dár ndaonlathais.

Is éard is mian leis an gCoiste a chur in iúl nach mór comhrac a chur ar an mbréagaisnéis ar bhonn práinne.