European Economic
and Social Committee
Eagarfhocal
Glacadh le Méadú: Gealltanas do thodhchaí na hEorpa
Ní leathnú amháin atá i gceist le méadú agus le himeascadh na dtíortha is iarrthóirí san Aontas Eorpach: is infheistíocht gheostraitéiseach í chun an tsíocháin, an chobhsaíocht, an tslándáil agus an fhorbairt shocheacnamaíoch a chothú, rud a neartóidh creatlach dhaonlathach na mór-roinne seo againne. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é méadú an Aontais chun bunluachanna na hEorpa a scaipeadh agus a chaomhnú. Na comhlachtaí déthaobhacha atá bunaithe againn le sochaithe sibhialta ó thíortha is iarrthóirí - Comhchoistí Comhairliúcháin agus Ardáin Shochaí Sibhialta - an tionscnamh ‘Comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’, agus leathnú na gcuairteanna tíre ar stáit is iarrthóirí maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha, is léiriú iad sin ar thiomantas CESE an tAontas a dhoimhniú agus a leathnú. Léiríonn ár gcuid oibre gur féidir na hathchóirithe inmheánacha is gá dul ar aghaidh agus iad fite fuaite le lánpháirtiú na tíortha is iarrthóirí, agus gur cheart an dul chun cinn sin a dhéanamh. D’ainneoin dúshláin leanúnacha i roinnt tíortha is iarróirthí, ba cheart go spreagfadh na bacainní sin an comhar le contrapháirtithe is iarrthóirí, in áit an dul chun cinn a dhíspreagadh.
Bhí ról ríthábhachtach ag CESE i méadú an Aontais, agus é ag glacadh páirte i gCruinniú Aireachta na mBalcán Thiar i Scóipé agus ag comhoibriú go dlúth le ceannairí roinnt stát is iarrthóirí. Is é an aidhm atá againn measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na dtíortha is iarrthóirí critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh, agus athdhearbhaímid ár dtiomantas don idirphlé chuimsitheach chothrom le comhaltaí uile CESE, agus go háirithe le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí. Sin an fáth a bhfuil bród orm a rá gur bunchloch fhorógra m’uachtaránachta é an tionscnamh maidir le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, a seoladh i mí Feabhra na bliana seo i láthair Phríomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, agus Phríomh-Aire Mhontainégro, Milojko Spajić.
Agus na comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí á dtarraingt isteach aige, tá an Coiste ina cheannaire i measc institiúidí an Aontais maidir le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a lánpháirtiú de réir a chéile. Tá tionchar an tionscnaimh seo follasach agus tá aitheantas níos mó á thabhairt i dtíortha iarrthóirí agus san Aontas, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus an Coimisinéir um Méadú, Oliver Várhelyi, ag tacú go láidir leis an tionscadal. Is é is aidhm don tionscnamh seo ní hamháin buntáistí láithreacha a thabhairt, ach féachann sé le bonn láidir a thógáil a thagann le mianta fadtéarmacha na dtíortha is iarrthóirí, a saoránach agus a sochaithe sibhialta beo bríomhara. Cuireann sé ar chumas na sochaí sibhialta ó na náisiúin sin páirt dhíreach a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus móiminteam á choinneáil le haghaidh na hathchóirithe riachtanacha. Tá 146 comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí rannpháirteach go gníomhach i dtuairimí maidir le hábhair a bhaineann le méadú, amhail beartas comhtháthaithe an Aontais, an margadh aonair, inbhuanaitheacht na hearnála agraibhia agus ganntanais scileanna.
Is deis chriticiúil iad na comhchoistí comhairliúcháin agus na hardáin sochaí sibhialta le haghaidh idirphlé i measc geallsealbhóirí éagsúla, agus deimhnítear leo go gcloistear gach guth le linn an phróisis cinnteoireachta. Tá comhchoistí comhairliúcháin i bhfeidhm faoi láthair le Montainéagró, leis an tSeirbia agus leis an Tuirc, tá ardáin sochaí sibhialta i bhfeidhm go háirithe leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. Táthar ag súil go gcuirfear tús an athuair le comhchoiste comhairliúcháin na Macadóine Thuaidh a luaithe a osclófar an chéad chnuasach caibidlíochta, agus tá coiste nua don Albáin faoi lán seoil. Leis an bhFóram Ardleibhéil um an tSochaí Sibhialta a bheidh ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair a mbeidh an Méadú mar ábhar aige, in éineacht le Seisiún Iomlánach CESE, neartófar an gealltanas sin a thuilleadh. I gcomhpháirt leis an gCoimisiún, tiocfaidh comhaltaí CESE, thart ar céad comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, na Ballstáit, agus príomhpholaiteoirí na dtíortha is iarrthóirí le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar luach an idirphlé shibhialta agus shóisialta do Mhéadú rathúil. Leagfar béim ann ar ról an idirphlé shóisialta maidir le hiarrachtaí aontachais a chur chun cinn, an t-aistriú digiteach a bharrfheabhsú agus bunluachanna an Aontais a chaomhnú.
Mar thairseach don tsochaí shibhialta, tá CESE tiomanta do ghuth cumhachtach a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an tsaoirse, an daonlathas agus an rathúnas socheacnamaíoch a bhaint amach - rud a chothóidh comhtháthú níos dlúithe ar deireadh sna stáit is iarrthóirí agus san Aontas. I dteannta a chéile, is todhchaí níos gile don Eoraip atá á thógáil againn - todhchaí atá cuimsitheach, rathúil agus aontaithe. Tá tiomantas an Choiste don mhéadú buanseasmhach, agus is léiriú iad ár ngníomhaíochtaí ar ár gcreideamh in Eoraip níos comhtháite agus níos athléimní ina hiomláine.
Oliver Röpke
Uachtarán CESE