European Economic
and Social Committee
Conas a thagann an Rassemblement national i dtír ar vótaí na ndaoine óga
le Christophe Préault, Stiúrthóir Dréachtaithe, Touteleurope.eu
I dtoghcháin Eorpacha na bliana 2024, is fearr a chruthaigh Rassemblement náisiúnta na Fraince, páirtí atá i bhfad ar dheis, ná an tuar a bhí sna pobalbhreitheanna, agus fuair siad an toradh ab fhearr ó bunaíodh iad. Rud eile, fuair siad os cionn trian de vótaí na ndaoine atá faoi bhun 35 bliana d’aois. Is é Christophe Préault, eagarthóir sinseartha Toute l’Europe: seo anailís an aoi speisialta ar thoradh mór an Rassemblement nationale (RN) agus ar a fheabhas a d’éirigh le ceannaire an pháirtí Jordan Bardella, fear ó bhruachbhailte Pháras nach bhfuil ach 28 bliain d'aois a mbíonn síorfheiceáil air ar TikTok.
Níor vótáil oiread daoine riamh don Rassemblement Nationale (RN) agus a vótáil i dtoghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024, agus mheall siad beagnach aon trian de na vótálaithe (31.4 %). Is é an RN is lionmhaire a mheall vótaí ó mórán gach aoisghrúpa agus gach grúpa soch-ghairmiúil, rud a tháinig aniar aduaidh ar an tír gan aon agó. Is fíor sin go háirithe i gcás na ndaoine óga: mheall liosta Jordan Bardella 32 % de na daoine idir 25 agus 34 bliana d’aois, ghnóthaigh siad os cionn 10 bpointe breise (26 %) san aoisghrúpa 18-24 bliana thar thoghcháin Eorpacha na bliana 2019.
Tá fachtóirí éagsúla le lua leis an chluain a chuir an RN ar an aos óg. Ar an gcéad dul síos, b’fhiú pearsantacht Jordan Bardella a lua. Ba é Bardella príomhiarrthóir an pháirtí sna dtoghchán Eorpach, agus is eisean Uachtarán an pháirtí, rud nach bhfuil de réir na gnáthnósmhaireachta. Is é guth na fírinne é dar leis na daoine óga, duine díreach dar leo, agus cuma na macántachta air nuair is ag tabhairt dhúshlán an tsaoil pholaitiúil a bhíonn sé. Tá tábhacht lena scéal féin chomh maith ós é is scéal do go leor. Is ar theallach meánaicmeach a rugadh é. I mbruachbhailte Pháras a tógadh é (Seine-Saint-Denis). Ní fear é a bhfuil oideachas ná ardléann air, níl céim ollscoile aige go deimhin, ach cothrom na hArdteistiméireachta. Sin fáth mór a bhfuil mealladh na hóige ann, agus mealladh chlann an lucht oibre, daoine nach léir dóibh céard atá i ndán dóibh, daoine a bhraitheann go bhfuil neamhaird á déanamh díobh, neamhaird nó dearmad glan.
Ní hiontas ar bith gur éirigh le Jordan Bardella oiread sin daoine idir 18 agus 34 bliana d'aois a mhealladh mar is fear é atá fós in aois na hóige é féin! Ina aois 28 mbliana dó más ea, tá cóid na glúine seo ar a thoil aige, agus is maith a éiríonn leis an tuiscint atá aige orthu a chur chun tairbhe dó féin. Tugtar faoi deara gurb é Emmanuel Macron ab urlabhraí do chaithréim na hóige in 2017, rud is díol spéise, ach is aicme eile den tsochaí a bhí i gceist sa chás sin.
Dá bhrí sin, baineann RN sochar agus tairbhe as pearsantacht an cheannaire agus as an íomhá a chothaítear go forleathan trí bhíthin na meán sóisialta. Bíonn síorfheiceáil ar Jordan Bardella ar TikTok, rud a bhfuil ról tábhachtach aige sa straitéis toghchánaíochta a chleachtann sé, nuair is fíor a rá ar an saol seo nach ó na meáin thraidisiúnta a fhásann na daoine óga a gcuid eolais feasta. Tá lucht a leanta ag dul i líon ar Tik Tol (i.6 milliún síntiúsóir). Ní ag trácht ar Chonarthaí na hEorpa a bhíonn sé na ar leasú na gConarthaí sin. Ní hé scéal na hÚcráine ná an Comhaontú Glas is cás leis. Is é a shaol féin ó lá go lá a bhíonn sé a thaispeáint. Ceiliúrann sé féile na máithreacha. Bíonn físeáin ann den oifig agus é féin i mbun a chuid oibre, é féin ar a thaisteal ó áit go chéile. Labhraíonn sé faoi chúrsaí an lae agus faoi na hábhair a bhfuil aird ag na daoine orthu ar ala na huaire. Is fear é a bhíonn ag tabhairt a ndúshláin do lucht na géimeála, idir óg eile, daoine a bhfuil suim thar na bearta acu do na cluichí físeáin.
Tá bearna idir an ghlúin óg agus an ghlúín a tógadh i saol na polaitíochta traidisiúnta, bearna atá ag méadú léi, agus sin rud is neartú ar íomhá Jordan Bardealla, an seasamh atá aige, agus dioscúrsa pobalach, nuair is amhlaidh atá ábhar imní ag na vótóirí nach raibh ann chomh mór céann nuair a bhí toghcháin Eorpacha 2019 ann. In 2019, is ag cur ar son an chomhshaoil a bhí an ghlúin óg, ach d’imigh sin agus tháinig seo: is ceisteanna eile atá ag déanamh tinnis dóibh feasta, ceisteanna de dhlúth agus d’inneacht an tsaoil laethúil iad mar sin féin. Sa lá atá inniu ann, is í an easpa slándála (rud atá fite fuaite leis an imirce thar tír isteach), sin agus luach an airgid atá ag duine le caitheamh - nó cumhacht an airgid sin – an dá chloch is mó ar an bpaidrín. Is uisce i muileann an RN atá sa tuile feirge atá sa tír, agus is maith atá ag éirí leis an bpáirtí teacht i dtír ar fhrustrachas na glúine óige seo a bhraitheann go bhfuil siad fágtha in áit na leithphingine. Ní bréag a rá nár thug na polaiteoiri aird a ndóthain ar iarmhairtí ghéarchéim COVID in 2020. De dheasca phaindéim COVID-19, is mór a tháinig an neamhionannas i measc na ndaoine óga chun suntais sa bhFrainc agus san Eoraip, agus is chun donais a chuaigh an neamhionannas sin le linn na géarchéime, rud is fíor ar mhargadh an tsaothair, sin agus an rochtain ar oideachas agus a dheacra atá sé don té atá ag dul don oideachas a chúrsa a choinneáil. Is é fírinne an scéil gurb éard a síleadh go soineanta simplí i gcás na hoiliúna gur leor de réiteach an digitiú ar gach uile ghné den oideachas!
Dá bhrí sin, in áit a bheith ag gol ag gárthach faoin RN, ba chóir féachaint go grinn ar vótálaithe an RN, go háirithe óige na meánaicme. Ní mór freagraí soiléire nithiúla a chur ar fáil, freagraí a bheadh in oiriúint do nithe is cúis imní dóibh: an foréigean atá ag méadú sa tsochaí; na seirbhísí poiblí á gciorrú sna ceantair thuaithe; a dheacra atá sé post nó oiliúint a fháil; an inimirce a bheith ó smacht dar le daoine go leor. Maidir leis na páirtithe polaitiúla traidisiúnta, beidh orthu bíogadh ar deireadh agus aird a thabhairt ar an aicme daoine a mbítear gan dáimh leo, daoine nárbh fhiú leis na polaiteoirí bacadh leo toisc iad a bheith gan claonadh chun polaitíochta, toisc iad a bheith ina dtost. I bhfearadh an chomhraic sin, ní mór dúinn a admháil gur ar chúl sceiche atá an tAontas Eorpach, ainneoin líon mór na gclár atá tiomnaithe don óige, don oideachas, don tacaíocht fostaíochta agus don chomhrac i gcoinne na héiginnteachta. Is maith an tús Erasmus, an tsoghluaisteacht agus eispéiris a chur chun cinn do dhaonra ar bhreis éagsúlachta (printísigh, daoine dífhostaithe, etc.), ach is léir nach leor é sa lá atá inniu ann. Réiteach ar bith dá mbeidh ann, beidh cuimsiú ann ar fhadhb na himirce. Sin fadhb atá i gcearlár na díospóireachta anseo san Eoraip. Fadhb atá ina ding ag scoilteadh na sochaí orainn. Fadhb atá fós idir chamáin – ainneoin gur glacadh an comhaontú Eorpach maidir le hImirce agus Tearmann le déanaí.
Is iriseoir é Christophe Préault, eagarthóir ar Touteleurope.eu, suíomh faisnéise oideachais maidir le feidhmiú agus beartais an Aontais Eorpaigh. Tá taithí na mblianta aige ar an obair i ngort na gcúrsaí reatha, go háirithe ceisteanna Eorpacha agus eacnamaíocha. Is céimí de chuid l'Institut d'études politiques de Bordeaux atá ann agus de chuid an École Nationale d’Administration. Is é atá freagrach faoi láthair as an dréachtú le Touteleurope.eu. Is minic díospóireachtaí agus comhdhálacha faoi chúrsaí na hEorpa á stiúrú aige.