European Economic
and Social Committee
Mihály Hardy: Tá an tsaoirse i mbaol
‘Freedom is just another word, for nothing left to lose...’ - mar a luaitear in amhrán ceoil tuaithe, amhrán a bhfuil an-tóir air a scríobh Kris Kristofferson in 1969 agus ar chan roinnt mhaith taibheoirí, amhail Janis Joplin agus Kenny Rogers, leaganacha de. Mar sin féin, murab ionann agus an méid a chuirtear in iúl san amhrán ‘Me and Bobby McGee’, tá go leor le cailleadh againn san Eoraip sa lá atá inniu ann mura seasaimid an fód ar son ár saoirse. Go háirithe san Ungáir.
Éiríonn daoine cleachta go han-tapa le rudaí maithe. Ní dhéanann siad machnamh ar a iontaí atá sé go bhfuil saoirsí amhail saoirse taistil, saoirse an phreasa, saoirse fostaíochta agus saoirse oideachais ann ar fud na hEorpa. Is cuimhin le daoine de mo ghlúin (is duine de ghlúin an bhabaíbhorrtha mé a rugadh ag deireadh na gcaogaidí nuair a bhí an Ungáir fós ina ball de Chomhaontú Vársá) an bóthar fada a raibh saoirse an lae inniu mar thoradh air, ó thitim bhalla Bheirlín go dtí 2004, an bhliain inar tháinig an Ungáir isteach san Aontas, an ‘teaghlach de shaornáisiúin’. Thóg sé ceithre bliana déag ó thitim an Chumannachais go dtí go raibh ár dtír in ann dul isteach san Aontas, in éineacht leis an tSeicia, an tSlóvaic agus an Pholainn. I mo thuairimse, tá an Ungáir ag dul ar gcúl go mall le ceithre bliana déag anuas. Sna nóchaidí, rinneadh iarracht cheannródaíoch chun saoirsí sibhialta agus saoirse an phreasa a chur chun cinn. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá an pobalachas, an t-uathlathas agus deachtóireacht bhunreachtúil ag teacht chun cinn, rud atá contrártha ann féin.
Tá cogadh ar chomhluachanna an Aontais fógartha, ar bhonn oscailte, a bheag nó a mhór, ag an rialtas i mBúdaipeist. Léirítear ‘an Bhruiséil’ mar namhaid, rud a chuireann in iúl gurb é an diabhal féin é an tAontas. Tá sé sin ar siúl le beagnach ceithre bliana déag anuas agus léiríonn sé an deacracht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fheachtas ar bith atá ar son na hEorpa, bíodh sin ó lucht an fhreasúra (nó an méid atá fágtha de) nó ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (an méid atá fágtha díobhsan freisin). Mar sin féin, diúltaímid géilleadh - diúltaímid ligean do luachanna na hEorpa dul ó rath díreach i ngeall gur chinn roinnt polaiteoirí Ungáracha dul a mbealach féin, bealach a leagadh amach i bhfad uainn, nó sa Chreimil fiú.
Léiríonn pobalbhreitheanna a rinneadh le déanaí san Ungáir go dtacaíonn beagnach 68-70 % den daonra atá in aois vótála leis na tairbhí a bhaineann leis an Aontas agus leis na comhluachanna Eorpacha, agus go mbaineann siad tairbhe as na luachanna sin. Is í an cheist mhór a thagann chun cinn an bhfuil líon mór díobh réidh le vóta a chaitheamh an 9 Meitheamh 2024. San Ungáir, beidh lá an vóta seo ar an lá céanna leis na toghcháin bhardasacha agus, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an míshástacht sa tír, is cosúil go mbeidh dea-thoradh ann. D’fhéadfadh vóta ar son na hEorpa a bheith i gceist le vóta agóide i gcoinne bheartais an rialtais.
Is iriseoir Ungárach agus príomheagarthóir Klubrádió é Mihály Hardy.