Labhraíomar leis faoi na rudaí is mó is cúis imní dúinn i dtoghcháin Eorpacha. Ina measc sin tá an bhréagaisnéis agus líon mór na vótálaithe óga atá ar nós cuma liom faoi chúrsaí polaitíochta. Is iriseoir agus saineolaí polaitiúil é Régis Genté. Is í an tréimhse iar-Shóivéadach a bhíonn faoi chaibidil aige. Bíonn sé ag tuairisciú do na meáin phríomhshrutha le Radio France Internationale, France 24 TV agus Le Figaro.

Tá na páirtithe is faide ar dheis ag teacht chun cinn i láthair na huaire. An dóigh leat go mbeidh tionchar aige sin ar thorthaí na dtoghchán Eorpach?

Ní saineolaí mise ar an eite dheis san Eoraip, ach ag féachaint dom ar na suirbhéanna atá i mo thír féin (an Fhrainc), chaithfinn a rá go bhfuil an eite dheis chun cinn. Is deis pholaitiúil atá sna toghcháin Eorpacha do shaoránaigh na hEorpa chun teachtaireacht faoina dtír féin a chur in iúl dá gcuid polaiteoirí nó chun teachtaireacht a thabhairt dóibh faoina dtír féin. Is ar an staid pholaitiúil ina dtír féin is túisce a smaoiníonn saoránaigh na hEorpa. Ní smaoiníonn siad ar chás na hEorpa ach ar an dara rud. Dá reir, is dócha go mbeidh tionchar ag na páirtithe is faide ar dheis ar na toghcháin sin. Tá méadú ar cheisteanna faoi chúrsaí ceannasachta ar thaobh amháin den scéal agus ar an lánpháirtiú sa Eoraip ar an taobh eile de.

An gceapann tú go bhfuil sé de spreagadh sna daoine óga vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha?

Freagróidh mé do cheist i mo ghnáthshaoránach, duine a bhfuil cónaí air i gcríoch iar-Shóivéadach le 22 bliain anuas, duine a labhraíonn go minic le daoine óga san Eoraip. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil siad an-toilteanach chun vótála. Is é an scéal céanna é sa tSeoirsia áit a bhfuil cónaí orm. Tá luí ag na daoine óga leis an bpolaitíocht, ach níl siad i bhfabhar páirtí ar leith thar a chéile, páirtí rialtais ná páirtí freasúra. Is mian leo a bheith páirteach i saol polaitiúil na tíre, ach níl siad sásta vóta a chaitheamh mar níl páirtí ná a ceannaire ann a labhródh ar a son. Is spéisiúil an dearcadh é. Tá meas agam féin air. Ba bhealach é le doirse a oscailt ionas gur pholaitíocht de chineál eile a bheadh á cleachtadh. Rud seachas an daonlathas ionadaíoch. Rud lasmuigh de na páirtithe. Mar sin féin, idir an dá linn, fágann sé gort na polaitíochta faoi na pholaiteoirí agus faoi na fórsaí polaitiúla éagsúla. Fágann sé go bhfuil an óige as an áireamh.

Cé chomh mór féidir leis an mbréagaisnéis tionchar a imirt ar na vótálaithe sna toghcháin Eorpacha atá le bheith ann go gairid?

Éiríonn go maith leis an mbréagaisnéis nuair is ar ghrúpa lag atá sí ag dul i dtír. Is orainne – muintir na hEorpa – atáthar ag iarraidh dul i dtír sa chás seo. Maidir le bréagaisnéis na Rúise, ní hé cruthú na faidhbe an modh oibre atá acu sin ach úsáid na faidhbe atá ann cheana. Agus, ar ndóigh, is maith a thuigimid go léir go bhfuil an tsochaí s’againn féin i lúba na géarchéime go polaitiúil agus go morálta faoi láthair. Ar an drochuair, ciallaíonn sé sin gur dóichí gur féidir an bhréagaisnéis a úsaid go héifeachtúil inár gcoinne. Bíodh sin mar atá, is dóigh liom féin gur mó oideachais agus gur mó taithí atá againn feasta inár saoránaigh de chuid na hEorpa agus de chuid an domhain mhóir leis an nuacht ar na meáin shóisialta a láimhseáil. Is mór atá foghlamtha againn e deich mbliana anuas. Is fearr a thuigimid leis an nuacht a scagadh ar ardáin na meán sóisialta, mar is maith is eol dúinn go mbíonn bréaga á n-insint agus eolas á chur as a riocht. Níor cheart dúinn géilleadh don éadóchas. Sin cuid den toradh a bhíonn ar an mbréagaisnéis. Tá deireadh le ré na saontachta sa tsochaí, agus tuigeann na daoine gur féidir le tíortha eile agus le gníomhaithe polaitiúla eile na líonraí sóisialta a úsáid chun tuairimí an phobail a mhúnlú dá mbuíochas. Ní bhíonn ach mionlach de na daoine gníomhach ar na meáin shóisialta dar liom. Is minic an gnáthdhuine ina thost. An cineál duine a bhfuil oideachas air. Agus ní baol don chineál sin duine géilleadh don tseafóid ar fad a bhíonn á scríobh ar na meáin shóisialta.