European Economic
and Social Committee
Na dúshláin atá roimh thionscal cruach an Aontais faoi chaibidil in CESE
Tháinig an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) le chéile go cianda an 9 Samhain chun díospóireacht a dhéanamh ar thionscal cruach an Aontais Eorpaigh. Ba faoi chathaoirleacht Pietro Francesco De Lotto, cathaoirleach nua CCMI, a bhí an díospóireacht. Lena linn, tarraingíodh aird ar leith ar shaincheisteanna a bhaineann leis an ró-acmhainneacht agus an dícharbónú sa tionscal cruach idirnáisiúnta. Thug na cainteoirí aghaidh ar na dúshláin atá roimh thionscal cruach na hEorpa: an plean téarnaimh tar éis COVID-19, dícharbónú na bpróiseas táirgthe, bearta cosanta agus trádáil an Aontais.
Is earra bunriachtanach í an chruach i ngach tír fhorbartha, agus i ngach tír atá i mbéal forbartha freisin. Ó thit paindéim COVID-19 amach, tá ceisteanna tagtha chun cinn maidir le bheith spleách ar shlabhraí soláthair domhanda, go háirithe toisc roinnt mhaith tíortha a bheith ag brath ar thír amháin, agus ar an tír sin amháin, dá soláthairtí cruach.
Tá an ró-acmhainn táirgeachta i dtionscal cruach na Síne ina hábhar imní toisc go bhfuil an tSín i gceannas anois ar bhreis agus leath den mhargadh domhanda. In 2018, rinne na Stáit Aontaithe cánacha cosantaíocha a achtú chun spleáchas an gheilleagair Mheiriceánaigh ar ábhair a tháirgtear sa tSín a laghdú. Chuaigh an beart nua seo go mór chun dochair don Aontas, ós rud é go bhfuil tábhacht leis na Stáit Aontaithe mar cheannaitheoir den chruach a tháirgtear san Aontas.
Ag an am céanna, tá iarrachtaí á ndéanamh ag náisiúin ar fud an domhain chun gás ceaptha teasa dá gcuid a laghdú. Chomh maith leis sin, tá líon na dtionscnamh a chuirtear chun cinn maidir le haistriú go dtí geilleagar ciorclach ag dul i méid.
Agus clabhsúr á chur aige ar an díospóireacht, seo mar a labhair De Lotto: “Ní mór dúinn iomaíochas na n-earnálacha cruach sin a chinntiú ar earnálacha iad a chaomhnaíonn na caighdeáin chomhshaoil atá riachtanach chun an t-aistriú go dtí geilleagar ciorclach a chur i gcrích. Tá iomaíocht roimh na hearnálacha sin ó réigiúin eile an domhain nach bhfuil caighdeáin chomhshaoil shásúla curtha chun feidhme acu nó nach bhfuil caighdeáin dá leithéid acu ar chor ar bith. Ní mór dúinn an rud céanna a dhéanamh i gcás na gcaighdeán a bhaineann le dálaí oibre agus cearta saothair.”
Dá bhrí sin, iarrann CESE go ndéanfaí cothrom iomaíochta a chur ar bun do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Eorpacha agus tríú tíortha. (tk/ks)