Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Mar fhreagairt ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2020 a rinne an Coimisiún Eorpach agus a foilsíodh le déanaí, tá ráiteas eisithe ag Grúpa na bhFostóirí ar thionscnamh Stefano Mallia, uachtarán an Ghrúpa. D’aontaigh an Grúpa leis an réamhaisnéis eacnamaíoch sin, inar cuireadh in iúl go láidir go bhfuil bac curtha ar théarnamh eacnamaíoch na hEorpa mar gheall ar an dara ráig den phaindéim. Ach, i bhfianaise an ardleibhéal neamhchinnteachta atá ann faoi láthair, leagadh béim sa ráiteas ar an bhféidearthacht nach bhfuil Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Fhómhair chomh cruinn agus a ceapadh agus ar an bhféidearthacht gur measa as a bheidh an geilleagar ná mar a tuaradh sa réamhaisnéis a rinne an Coimisiún Eorpach.

D’fhonn borradh a chur faoin ngeilleagar athuair, d’iarr Grúpa na bhFostóirí go ndéanfaí na beartais seo a leanas, i measc rudaí eile, a chur chun feidhme:

  • An nuálaíocht a chothú agus gnólachtaí nuathionscanta a chumhachtú, ní hamháin ar mhaithe le poist atá ann cheana féin a chosaint ach ar mhaithe le poist nua a chruthú. Leis an mbeartas sin, d'fhéadfaí an bhearna a dhúnadh atá ann idir na daoine a bhfuil post acu cheana féin agus iad sin nach bhfuil.
  • Aird ar leith a thabhairt ar uirlisí sócmhainneachta, i gcás inar gá, chun tacú le gnólachtaí inmharthana atá ag streachailt mar gheall ar bhacainní leachtacha agus chun cabhrú le gnólachtaí nár éirigh leo teacht slán as an ngéarchéim d'fhonn a gcuid gnólachtaí a scor ar an mbealach is rianúla is féidir. Aontaímid gurb é an fhreagairt beartais is fearr cur leis na gealltanais a dhéantar san Ionstraim Théarnaimh "NextGenerationEU".
  • Iarracht fhioscach shioncrónaithe a dhéanamh chun deiseanna an uile dhuine a fheabhsú. Ba cheart an ról is mó tábhacht ó thaobh téarnaimh de a bheith ag an mbeartas fioscach agus ní mór a chinntiú nach gcuirfí an fhóntacht fhioscach i mbaol gan chúis mar gheall ar an leibhéal caiteachais.
  • Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an dá thaobh atá páirteach sa chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe meáite fós ar theacht ar chomhaontú tráthúil a bhfuil forálacha ann lena gcinnteofar cothrom iomaíochta agus rochtain mhaith ar an margadh. Leis an gcomhaontú sin, chruthófaí freisin timpeallacht fhónta iomaíoch do ghnólachtaí.

Is féidir an ráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo a leanas: https://www.eesc.europa.eu/ga/news-media/news/statement-eesc-employers-group-european-commissions-autumn-2020-economic-forecast-economy-might-be-harder-hit-predicted