Á chur san áireamh tionchar tubaisteach sóisialta agus eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19, ghlac CESE dhá thuairim inar leag sé amach an dearcadh atá aige i leith na géarchéime eacnamaíche reatha agus i leith pheirspictíochtaí téarnaimh an Aontais.

Ar thaobh amháin de, tá an comhlacht comhairleach den tuairim gur tráthúil iad na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bplean “Next Generation EU” agus is díol sásaimh dó iad. Mura ndéanfaí an plean a fhormheas nó a chur chun feidhme gan moill mhíchuí, tá an baol ann go mbainfí an bonn de théarnamh eacnamaíoch an Aontais.

Ar an taobh eile, thug comhaltaí CESE rabhadh nach mór do na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus nach mór dóibh sineirgí a chruthú le hinfheistíocht phríobháideach: Ba cheart feidhm a bheith ag clásal éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus an tsolúbthacht is mó dá bhfuil ann a bheith sna rialacha maidir leis an státchabhair, ar a laghad go dtí go mbeadh téarnamh iomlán ginearálta eacnamaíoch ann agus go mbeadh titim shuntasach sa ráta dífhostaíochta.

Ar an iomlán, tá aistriú i dtreo rialachas eacnamaíoch atá bunaithe ar rathúnas agus ar dlúthpháirtíocht de dhíth ar an Aontas, mar dá mbeadh an déine ann arís, ní bheadh an tábhacht céanna ag baint leis na buntáistí a bhaineann le “Next Generation EU”.

Seo mar a labhair Philip von Brockdorff, rapóirtéir na tuairime Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020: “Tá CESE den tuairim gur féidir samhail eacnamaíoch cheannasach níos athléimní agus níos inbhuanaithe a chur ar bun a bhuí leis an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe agus gur féidir cuspóirí eacnamaíocha a chur ar chomhchéim le cuspóirí sóisialta ó thaobh tábhachta de”.

Chuir comhrapóirtéir na tuairime Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, Judith Vorbach, i bhfáth go molann CESE: “rialachas eacnamaíoch atá bunaithe ar rathúnas, dlús a chur leis an infheistíocht san fhás inbhuanaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorfheidhmiú agus na beartais cánach a athchóiriú d’fhonn tionchar COVID-19 ar an athrú aeráide a íoslaghdú agus a sheachaint.”

Is é atá sa dá thuairim sin, a glacadh i seisiún iomlánach mhí Dheireadh Fómhair 2020, ionchur CESE i bPacáiste Fómhair an chéad Sheimeastair Eorpaigh eile agus sa phlé idirinstitiúideach ina dhiaidh sin. Is féidir an scéal sin a léamh ina hiomláine anseo.